Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Beartais fostaíochta thíortha AE: treoirlínte (2018)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Beartais fostaíochta thíortha AE: treoirlínte (2018)

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2018/1215 — treoirlínte maidir le beartas fostaíochta thíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Soláthraítear leis treoir do thíortha AE agus a mbeartais fostaíochta á ndréachtú acu agus spriocanna náisiúnta á leagan síos acu, chun beartais chomhordaithe AE a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Dírítear treoirlínte 2018 ar an méid seo a leanas:

Borradh a chur faoin éileamh ar shaothar

Ba cheart do thíortha AE roinnt beart a dhéanamh, lena n–áirítear:

  • cruthú post ardchaighdeáin lena gcothaítear fiontraíocht fhreagrach agus fíor-fhéinfhostaíocht a éascú;
  • an geilleagar sóisialta a chur chun cinn go gníomhach agus nuálaíocht shóisialta a chothú;
  • na cineálacha nuálacha sin oibre lena gcruthaítear deiseanna post ardchaighdeáin a spreagadh;
  • sásraí socraithe tuarastal atá trédhearcach agus intuartha a spreagadh;
  • mar aon le comhpháirtithe sóisialta, íosleibhéil tuarastal imleora a áirithiú.

Soláthar saothair a threisiú agus rochtain ar fhostaíocht, scileanna agus inniúlachtaí a fheabhsú

Ba cheart do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • táirgiúlacht agus infhostaitheacht a chur chun cinn, i gcomhar leis na comhpháirtithe sóisialta;
  • na leibhéil fhoriomlána oideachais a ardú, go háirithe do na daoine is lú cáilithe agus foghlaimeoirí ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste;
  • straitéisí cuimsitheacha a chur chun feidhme chun dul i ngleic le dífhostaíocht fhadtéarmach agus struchtúrach;
  • díriú ar fháil réidh le bacainní agus dídhreasacht ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair;
  • comhionannas inscne a áirithiú agus rannpháirtíocht ban sa mhargadh saothair a mhéadú;
  • dul i ngleic leis an mbearna inscne maidir le pá.

Feidhmiú na margaí saothair agus éifeachtúlacht an phlé shóisialta a threisiú

Ba cheart do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • oibriú le chéile leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le prionsabail na solúbthachta agus na slándála, agus cearta agus oibleagáidí á gcothromú;
  • iad siúd ar féidir leo páirt a ghlacadh sa mhargadh saothair a ghníomhachtú agus a chumasú go gníomhach;
  • sochair dhífhostaíochta imleora a thabhairt do dhaoine dífhostaithe ar feadh tréimhse réasúnta, i gcomhréir lena ranníocaíochtaí agus le rialacha náisiúnta incháilitheachta;
  • soghluaisteacht foghlaimeoirí agus oibrithe a chur chun cinn chun scileanna infhostaitheacht a neartú agus leas iomlán a bhaint as acmhainn an mhargaidh shaothair Eorpaigh;
  • rannpháirtíocht thráthúil agus fhónta na gcomhpháirtithe sóisialta i ndearadh agus i gcur chun feidhme beartas agus athchóirithe ábhartha a áirithiú.

Comhdheiseanna a chur ar fáil do gach uile dhuine, cuimsiú sóisialta a chothú agus dul i ngleic leis an mbochtaineacht

Ba cheart do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • margaí saothair uileghabhálacha a chur chun cinn, a bheidh oscailte do chách, trí bhearta éifeachtacha a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic le gach cineál idirdhealaithe agus comhdheiseanna a chur chun cinn do na grúpaí atá faoi ghannionadaíocht;
  • córais cosanta sóisialta a nuachóiriú;
  • straitéisí coisctheacha agus comhtháite a fhorbairt agus a chur chun feidhme trí chomhcheangal díobh seo a leanas
    • tacaíocht ioncaim imleor
    • margaí saothair uileghabhálacha agus rochtain ar sheirbhísí ardchaighdeáin
    • freastal ar riachtanais aonair;
  • infhaighteacht seirbhísí inacmhainne, inrochtana agus ardchaighdeáin a áirithiú, amhail
    • oideachas agus cúram luath-óige
    • cúram lasmuigh den scoil
    • oideachas
    • oiliúint
    • tithíocht
    • seirbhísí sláinte agus
    • cúram fadtéarmach;
  • rochtain thráthúil ar chúram sláinte coisctheach agus íceach, agus cúram fadtéarmach ardchaighdeáin a sholáthar;
  • leorgacht agus inbhuanaitheacht córas pinsean d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe a áirithiú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 19 Iúil 2018.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh (AE) 2018/1215 ón gComhairle an 16 Iúil 2018 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 224 an 5.9.2018, lgh. 4-9)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Moladh ón gComhairle an 15 Márta 2018 maidir le Creat Eorpach le haghaidh Printíseachtaí Cáilíochta agus Éifeachtacha (IO C 153, 2.5.2018, lgh. 1-6)

Forógra Idirinstitiúideach maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta (IO C 428, 13.12.2017, lgh. 10-15)

Moladh (AE) 2015/1184 ón gComhairle an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192, 18.7.2015, lgh. 27-31)

Cinneadh 2010/707/AE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2010 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát (IO L 308,24.11.2010, lgh. 46-51)

Nuashonraithe 05.03.2019

Top