EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Treoirlínte ECFE a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu

Treoirlínte ECFE a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin a bhfuil tacaíocht oifigiúil acu

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil

CAD É AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Cinntítear leis go bhfeidhmíonn AE socrú na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) lena leagtar síos rialacha faoina bhféadfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta creidmheasa onnmhairiúcháin tacaíocht airgeadais a thairiscint dá n–onnmhaireoirí.

Tá na téarmaí leagtha amach sa Socrú neamhcheangailteach ar Chreidmheasanna Onnmhairithe, ar a dtugtar “an Socrú”, ar foilsíodh an t–eagrán is déanaí de i mí Eanáir 2019. Tá sé i gceist leo cothroime iomaíochta a ráthú do chreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil sna margaí idirnáisiúnta.

Gabhann an rialachán in ionad Chinneadh 2001/76/CE (creidmheasanna onnmhairiúcháin arna tacú go hoifigiúil) agus Chinneadh 2001/77/CE (creat-chomhaontú maidir le maoiniú tionscadal i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna tacú go hoifigiúil).

PRÍOMHPHOINTÍ

Socrú ECFE:

  • tá sé mar aidhm leis iomaíocht a spreagadh i measc onnmhaireoirí bunaithe ar cháilíocht agus ar phraghas na n–earraí agus na seirbhísí a onnmhairítear, ní ar na téarmaí agus na coinníollacha airgeadais is fabhraí a d’fhéadfaidís a fháil óna rialtais;
  • baineann sé le gach tacaíocht oifigiúil ó rialtas, nó thar ceann rialtais, chun earraí agus/nó seirbhísí a onnmhairiú, lena n–áirítear léasanna airgeadais, le tréimhse aisíocaíochta 2 bhliain nó níos mó;
  • sainaithnítear leis na cineálacha éagsúla tacaíochta seo a leanas agus leagtar síos leis teorainneacha soiléire ar a n–úsáid
    • ráthaíochtaí creidmheasa onnmhairiúcháin nó árachas
    • maoiniú, amhail cúnamh díreach creidmheasa nó cúnamh ráta úis
    • cabhair cheangailte* agus cabhair neamhcheangailte a bhaineann le trádáil;
  • ina bhfuil coinníollacha sonracha do
    • longa
    • gléasraí cumhachta núicléiche
    • aerárthaí sibhialta
    • fuinneamh inathnuaite, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó, agus tionscadail uisce
    • bonneagar iarnróid
    • tionscadail ghiniúna leictreachais gualbhreoslaithe;
  • ní bhaineann sé le honnmhairí trealaimh mhíleata agus tráchtearraí talmhaíochta.

Maidir leis an gCoimisiún Eorpach:

  • tá an chumhacht aige ón 9 Nollaig 2011, chun úsáid a bhaint as gníomhartha tarmligthe, faoi choinníollacha áirithe, chun aon athruithe ar Shocrú ECFE a ionchorprú go díreach i ndlí AE;
  • soláthraíonn sé athbhreithniú bliantúil do Pharlaimint na hEorpa maidir leis an bhfaisnéis a fhaigheann sí sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí bliantúla (féach thíos);
  • tuarascáil bhliantúil á soláthar aige do Pharlaimint na hEorpa, ó 2011 i leith, maidir lena chaibidlíochtaí idirnáisiúnta chun caighdeáin dhomhanda a bhunú maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil.

Ar mhaithe le trédhearcacht, ní mór do thíortha AE tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a chur chuig an gCoimisiún ina sonraítear an méid a leanas:

  • sócmhainní agus dliteanais;
  • éilimh íoctha agus aisghabhálacha;
  • tiomantais nua;
  • neamhchosaintí
  • muirir phréimhe;
  • rioscaí comhshaoil agus conas a chuirtear san áireamh iad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 9 Nollaig 2011.

CÚLRA

Tháinig Socrú ECFC i bhfeidhm an 1 Aibreán 1978 agus is socrú neamhiata é. Is socrú deonach é, seachas socrú atá ceangailteach ó thaobh dlí i measc na rannpháirtithe. Cé nach gníomh oifigiúil ECFC é, tá tacaíocht riaracháin na heagraíochta aige.

Chomh maith leis an Aontas Eorpach, glacann na tíortha seo a leanas páirt sa Socrú: An Astráil, Ceanada, an Chóiré, an Eilvéis, an Iorua, an tSeapáin, an Nua-Shéalainn, agus na Stáit Aontaithe.

Féadfaidh rannpháirtithe reatha cuireadh a thabhairt do chomhaltaí eile de chuid ECFE agus do dhaoine nach baill iad páirt a ghlacadh sa Socrú.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cabhair cheangailte: airgead a deonaíodh nó a tugadh ar iasacht do thír lena ngabhann coinníollacha maidir le conas a chaitear é.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh 1233/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le treoirlínte áirithe a chur i bhfeidhm i réimse na gcreidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2001/76/CE agus Cinneadh 2001/77/CE ón gComhairle (IO L 326, 8.12.2011, lgh. 45-112)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1233/2011 a ionchorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach faisnéise amháin.

Nuashonraithe 21.02.2019

Top