Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú comhpháirtíochta agus comhair idir AE agus an Iaráic

Comhaontú comhpháirtíochta agus comhair idir AE agus an Iaráic

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2018/1107— tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Iaráic, den pháirt eile

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Iaráic, den pháirt eile

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Baineann an cinneadh le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE), an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair leis an Iaráic.

Is iad seo a leanas na haidhmeanna leis an gcomhaontú:

  • creat iomchuí a sholáthar le haghaidh idirphlé polaitiúil idir na páirtithe, lena mbeifear ábalta caidreamh poiblí a fhorbairt;
  • trádáil agus infheistíocht agus caidreamh eacnamaíoch cairdiúil a chur chun cinn idir na páirtithe agus mar sin cuidiú lena bhforbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a chothú;
  • bonn a chur ar fáil le haghaidh
    • comhar reachtach
    • eacnamaíoch
    • sóisialta
    • airgeadais, agus
    • cultúrtha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear sa chomhaontú roinnt príomhréimsí, is iad sin:

  • idirphlé polaitiúil agus comhar i mbeartas eachtrach agus slándála, lena n–áirítear iontu seo a leanas:
  • trádáil agus infheistíocht, lena n–áirítear rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála a chuimsiú agus rochtain mhargaidh a sholáthar don Iaráic ar AE agus ar ghnéithe fabhracha sa soláthar poiblí, i seirbhísí agus in infheistíochtaí;
  • réimsí comhair, lena n–áirítear cúnamh airgeadais agus teicniúil; comhar um fhorbairt shóisialta agus dhaonna; oideachas, oiliúint agus an óige; fostaíocht agus forbairt shóisialta; cearta an duine; fuinneamh; iompar; agus an comhshaol;
  • ceartas, saoirse agus slándáil, lena n–áirítear tiomantas don smacht reachta, do chomhar breithiúnach maidir le cúrsaí sibhialta chomh maith le comhar maidir le himirce agus tearmann, agus maidir an gcoireacht eagraithe, sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac;
  • forálacha institiúideacha, lena mbunaítear Comhairle um Chomhar chun teacht le chéile uair amháin sa bhliain ar leibhéal aireachta in éineacht le Coiste um Chomhar Parlaiminteach ina gcuimsítear baill de Pharlaimint na hIaráice agus de Pharlaimint na hEorpa.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2018.

CÚLRA

Ghlac AE straitéis nua don Iaráic in 2018.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (AE) 2018/1107 ón gComhairle an 20 Iúil 2018 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Iaráic, den pháirt eile (IO L 203, 10.8.2018, lch. 1)

Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile (IO L 204, 31.7.2012, lgh. 20-130)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile (IO L 207, 16.8.2018, lch. 1)

Nuashonraithe 11.01.2019

Top