EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú um aitheantas frithpháirteach AE-na Nua-Shéalainne

Comhaontú um aitheantas frithpháirteach AE-na Nua-Shéalainne

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú um aitheantas frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus an Nua-Shéalainn

Cinneadh 98/509/CE lena dtugtar i gcrích Comhaontú um aitheantas frithpháirteach idir an Comhphobal Eorpach agus an Nua-Shéalainn

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS AN GCINNEADH?

Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú um aitheantas frithpháirteach (MRA)* trádáil earraí idir AE agus an Nua-Shéalainn a chur chun cinn trí bhacainní teicniúla a bhaint.

Faoin gcomhaontú déthaobhach a chomhaontaigh tíortha AE an 18 Meitheamh 1998, glacann AE agus an Nua-Shéalainn leis na torthaí ón measúnú comhréireachta* a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chéile ar tháirgí tionsclaíocha sonracha.

Leis an gcinneadh glactar leis an gcomhaontú um aitheantas frithpháirteach leis an Nua-Shéalainn thar ceann AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear na hearnálacha seo a leanas faoin gcomhaontú:

  • dea-chleachtas monaraithe le haghaidh cógas;
  • feistí leighis;
  • trealamh teirminéil teileachumarsáide agus raidió;
  • táirgí leictreacha;
  • comhoiriúnacht leictreamaighnéadach* trealaimh;
  • innealra tionsclaíoch, lena n–áirítear craenacha túir agus craenacha soghluaiste;
  • brú-threalamh.

Déantar an méid a leanas leis an gcomhaontú:

  • cuirtear ar chumas chuideachtaí AE a gcuid táirgí — nach mór ceanglais na Nua-Shéalainne a chomhlíonadh leo — a bheith tástáilte agus deimhnithe in AE agus féadfaidh siad iad a onnmhairiú ansin chuig margadh na Nua-Shéalainne agus a mhalairt;
  • déantar liosta den reachtaíocht, de na rialacháin agus de na rialacha riaracháin atá cumhdaithe leis an gcomhaontú do gach earnáil;
  • leagtar síos na coinníollacha maidir le glacadh cómhalartach le torthaí na measúnuithe comhréireachta;
  • leagtar síos nósanna imeachta le haghaidh ainmniú comhlachtaí um measúnú comhréireachta* maidir le gach earnáil;
  • ceanglaítear ar údaráis AE agus na Nua-Shéalainne iniúchadh, cigireacht agus monatóireacht a dhéanamh ar na comhlachtaí um measúnú comhréireachta lena áirithiú go ndéantar a gcuid oibre i gceart;
  • déantar foráil i leith fionraí comhlachtaí ainmnithe um measúnú comhréireachta;
  • bunaítear comhchoiste ionadaithe AE agus na Nua-Shéalainne chun déileáil le ceisteanna ar bith a d’fhéadfadh teacht chun cinn faoin gcomhaontú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 1999.

CÚLRA

Ina Rún an 21 Nollaig 1989, chomhaontaigh rialtais AE prionsabail na MRAnna. Ar an 21 Meán Fómhair 1992, d’údaraigh siad an Coimisiún Eorpach chun comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach a idirbheartú thar ceann AE le tíortha neamh-AE áirithe.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú um aitheantas frithpháirteach: comhaontú idirnáisiúnta ina n–aithníonn 2 thír nó níos mó torthaí measúnuithe comhréireachta a chéile.
Measúnú comhréireachta: an nós imeachta lena ndéantar táirge a thástáil, a iniúchadh agus a dheimhniú, sular féidir é a chur ar margadh, lena áirithiú go gcomhlíonann sé an reachtaíocht ábhartha.
Comhoiriúnacht leictreamaighnéadach: idirghníomhú trealaimh leictrigh agus leictreonaigh lena dtimpeallacht leictreamaighnéadach, agus le trealamh eile. D’fhéadfadh gach feiste leictreonach réimsí leictreamaighnéadacha a astú.
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta: déanann na comhlachtaí sin measúnú ar cibé an gcomhlíonann an táirge na ceanglais ábhartha reachtacha nó rialála nó nach gcomhlíonann.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú um aitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta idir an Comhphobal Eorpach agus an Nua-Shéalainn (IO L 229, 17.8.1998, lgh. 62-110)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gcomhaontú a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 98/509/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe um aitheantas frithpháirteach i ndáil le measúnú comhréireachta idir an Comhphobal Eorpach agus an Nua-Shéalainn (IO L 229, 17.8.1998, lch. 61)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rún ón gComhairle an 21 Nollaig 1989 maidir le cur chuige domhanda i ndáil le measúnú comhréireachta (IO C 10, 16.1.1990, lgh. 1-2)

last update 24.07.2018

Top