Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Buiséad fadtéarmach AE — tosaíochtaí i ndiaidh 2020 a sheachadadh go héifeachtach

Buiséad fadtéarmach AE — tosaíochtaí i ndiaidh 2020 a sheachadadh go héifeachtach

 

ACHOIMRE AR:

Airteagal 312 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)

Teachtaireacht (COM(2018) 98 críochnaitheach) maidir le creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua AE

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 321 CFAE AGUS LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Ceanglaítear in Airteagal 312 CFAE gur cheart go n–áireofaí leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) go bhforbróidh caiteachas AE ar mhodh ordúil agus laistigh de theorainneacha a acmhainní dílse. Leagtar amach leis chomh maith an nós imeachta lena gcomhaontaítear an CAI.

Sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach, a cuireadh i láthair ag cruinniú Neamhfhoirmiúil de chuid Cheannairí AE i mí Feabhra 2018, leagtar amach na roghanna éagsúla le haghaidh buiséad fadtéarmach nua a ceapadh chun tosaíochtaí AE i ndiaidh 2020 a sheachadadh go héifeachtúil agus féachtar inti ar iarmhairtí airgeadais na roghanna sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an-difear idir buiséad AE agus bhuiséid náisiúnta thíortha AE — buiséad infheistíochta atá ann go príomha, baineann fís phleanála fadtéarmaí leis agus ní mór dó a bheith ar comhardú i gcónaí.

Tá tograí CAI an Choimisiúin, a chuirfear i láthair faoi mhí na Bealtaine 2018, múnlaithe le prionsabal an bhreisluacha Eorpaigh, i.e. an luach a bhíonn mar thoradh ar chaiteachas AE atá sa bhreis ar an luach a chruthódh tíortha AE murab sin dá mbeadh siad ag feidhmiú ina n–aonar.

Léirítear sa teachtaireacht go bhfuil cruinniú Neamhfhoirmiúil na gCeannairí tráthúil agus riachtanach araon. Is é an chéad chéim a shainiú cad ba mhian leis an Eoraip a dhéanamh le chéile agus teacht ar chomhaontú ar thosaíochtaí. Is é an chéad chéim eile na hacmhainní cuí airgeadais chun na tosaíochtaí sin a bhaint amach a chur ar fáil do AE.

Tá liosta sa teachtaireacht de shraith roghanna beartais agus féachtar inti lena n–iarmhairt airgeadais a chainníochtú.

2 shampla:

  • Má thiomnaíonn tíortha AE do ghealltanas a rinne siad d’fheabhas a chur ar chosaint theorainneacha seachtracha AE, chosnódh sé sin idir EUR 20 billiún agus EUR 25 bhilliún thar 7 mbliana, agus suas le EUR 150 billiún le haghaidh córas iomlán um bainistiú ar theorainneacha AE.
  • Ag féachaint ar thacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht daoine óga, tá tacaíocht láidir ann chomh maith don ghá atá le dlús a chur le soghluaisteacht agus le malartuithe, lena n–áirítear trí chlár Erasmus+ a bheidh síniú suntasach curtha leis. Ag brath ar leibhéal na huaillmhéine, féadfar roinnt cásanna a shamhlú. Chun líon na ndaoine óga a mbeidh páirt á glacadh acu in Erasmus+ a dhúbláil theastódh infheistíocht de EUR 30 billiún thar 7 mbliana. Dá gcuirfí deis ERASMUS+ ar fáil do 1 dhuine óg as 3 theastódh buiséad don tréimhse 2021-2027 de thart ar EUR 90 billiún.

Pléitear an méid seo a leanas as teachtaireacht chomh maith:

  • níos mó a dhéanamh le níos lú acmhainní trí ionstraimí airgeadais níos éifeachtaí agus tábhacht na ráthaíochtaí.
  • solúbthacht a mhéadú chun an buiséad fadtéarmach a chur in oiriúint do riachtanais nua agus freagairt go gasta ar imeachtaí gan choinne, mar shampla tríd an leas is fearr a bhaint as cistí dídhílsithe* agus an deis cúlchiste a chruthú.
  • buiséad AE a nuachóiriú, lena n–áirítear tríd an nasc idir spriocanna bhuiséad AE agus an dóigh a maoinítear é a dhéanamh níos láidre, ag baint leas as acmhainní dílse nua féideartha.
  • na deiseanna maidir leis na nasc a neartú — ar a dtugtar “coinníollacht” go minic –— idir maoiniú AE agus urraim a thabhairt do luachanna bunúsacha AE.

Athghairtear sa teachtaireacht go mbeidh na cinntí deiridh maidir leis an CAI faoin gComhairle Eorpach, le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa.

Cuirtear béim sa teachtaireacht chomh maith ar an tábhacht a bhaineann leis an am ceart: le comhaontú maidir leis an gcéad CAI eile in 2019 chuirfí comhartha go bhfuil Eoraip láidir agus aontaithe de 27 ann atá ábalta seachadadh go héifeachtach agus a áiritheodh intuarthacht agus leanúnachas an mhaoinithe chun sochair gach uile dhuine.

CÚLRA

Tá teachtaireacht an Choimisiún de thoradh:

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cistí dídhílsithe: i mbuiséad AE, cumhdaítear faoi leithreasuithe gealltanas costas iomlán na n–oibleagáidí dlíthiúla a d’fhéadfadh na húdaráis bhuiséadacha a shíniú i mbliain airgeadais faoi leith (Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh). D’fhéadfadh na hoibleagáidí sin a bheith ina gconarthaí, ina gcomhaontuithe deontais agus ina gcinntí. Cuid ar bith den tsuim i gclár oibriúcháin nár úsáideadh le haghaidh íocaíochtaí réamh-mhaoinithe tosaigh agus bliantúla agus íocaíochtaí eatramhacha a íoc faoin 31 Nollaig den tríú bliain airgeadais i ndiaidh bhliain an ghealltanais bhuiséadaigh, tá an chumhacht ag an gCoimisiún é a dhídhílsiú.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais —Teideal II — Forálacha airgeadais — Caibidil 2 — An creat airgeadais ilbhliantúil — Airteagal 312 (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 182-183)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach agus chuig an gComhairle — Creat airgeadais ilbhliantúil nuachóirithe nua le haghaidh Aontas Eorpach a sheachadfaidh na tosaíochtaí i ndiaidh 2020 go héifeachtach — Cion an Choimisiúin Eorpaigh le cruinniú Neamhfhoirmiúil na gCeannairí an 23 Feabhra 2018 (COM(2018) 98 críochnaitheach, 14.2.2018)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Páipéar machnaimh ar thodhchaí airgeadais an AE (COM(2017) 358 críochnaitheach, 28.6.2017)

Páipéar Bán maidir le todhchaí na hEorpa — Machnaimh agus cásanna don AE27 faoi 2025 (COM(2017) 2025 críochnaitheach, 1.3.2017)

Nuashonraithe 09.04.2018

Top