Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh i ndáil le dobharshaothrú

Staidreamh i ndáil le dobharshaothrú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 maidir le tíolacadh staidrimh i ndáil le dobharshaothrú ag tíortha AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis córas comhchoiteann maidir le soláthar staidreamh AE i ndáil leis an earnáil dobharshaothraithe*, chun cuidiú le hathbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar an margadh le haghaidh táirgí dobharshaothraithe mar chuid de bhainistíocht shlán an chomhbheartais iascaigh.

Aisghairtear leis an rialachán Rialachán (CE) Uimh. 788/96 ón gComhairle.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do thíortha AE staidreamh bliantúil a chur isteach maidir leis an dobharshaothrú ar fad a rinneadh ar a gcríoch ag baint úsáid as suirbhéanna nó modhanna faofa eile faoina gcumhdaítear 90 % ar a laghad den táirgeacht, agus meastar an chuid eile, mura bhfuil díolúine ceadaithe.

Má bhíonn iomlán na táirgeachta bliantúla níos lú ná 1 000 tona féadfaidh an tír sonraí achoimre a chur isteach ina meastar an táirgeacht iomlán.

Ní mór an táirgeacht a shainaithint de réir an speicis, ach féadfar speicis de líon nach lú ná 500 tona san iomlán nó 5 % den táirgeacht iomlán a mheas agus a chomhiomlánú. Féadfar táirgeadh gorlainne agus plandlainne* na speiceas sin a mheas.

Cuirtear sonraí isteach laistigh de 12 mhí ó dheireadh na bliana féilire, agus áirítear leo:

  • méid agus luach tháirgeacht an dobharshaothraithe bhliantúil;
  • ionchur bliantúil i ndobharshaothrú gabháil-bhunaithe*;
  • táirgeacht bhliantúil na ngorlann agus na bplandlann;
  • struchtúr na hearnála dobharshaothraithe (gach 3 bliana).

Measúnú cáilíochta

Soláthraíonn gach tír AE tuarascáil bhliantúil maidir le cáilíocht na sonraí a cuireadh isteach chomh maith le tuarascáil mhodheolaíoch mhionsonraithe. Cuirtear síos sa tuarascáil mhodheolaíoch mhionsonraithe ar an dóigh a mbailítear agus a dtiomsaítear na sonraí, lena n–áirítear:

  • teicnící samplála,
  • na modhanna chun meastacháin a dhéanamh agus foinsí a úsáidtear seachas suirbhéanna, chomh maith le
  • meastóireacht ar cháilíocht na meastachán.

Scrúdaíonn an Coimisiún Eorpach (Eurostat) na tuarascálacha agus cuireann sé a chonclúidí i láthair an Ghrúpa Oibre um staidreamh Iascaigh.

Tuarascáil mheastóireachta

Gach 3 bliana, cuireann an Coimisiún Eorpach tuarascáil mheastóireachta isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an staidreamh a tiomsaíodh, agus go háirithe maidir le hábharthacht agus le cáilíocht. Áirítear sa tuarascáil chomh maith anailís cost-éifeachtúlachta ar an gcóras um bailiú staidrimh ina léirítear an dea-chleachtas chun an t–ualach oibre a laghdú agus feabhas a chur ar úsáideacht agus ar cháilíocht na sonraí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2009.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dobharshaothrú: feirmeoireacht éisc, sliogéisc agus plandaí uisceacha, i limistéir intíre agus mhuirí araon, ag baint úsáid as teicnící a ceapadh chun an táirgeacht a mhéadú thar acmhainn nádúrtha na timpeallachta.
Gorlanna agus plandlanna: áiteanna do phórú saorga, do ghoradh agus do thógáil trí luathchéimeanna saoil ainmhithe uisceacha. Chun críche staidrimh, tá gorlanna teoranta do tháirgeadh uibheacha toirchithe. Meastar go dtáirgtear céad luathchéimeanna ainmhithe uisce i bplandlanna.
Dobharshaothrú gabháil-bhunaithe: eiseamail a bhailiú as an bhfiadhúlra agus lena n–úsáid sa dobharshaothrú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 762/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le tíolacadh staidrimh i ndáil le dobharshaothrú ag Ballstáit agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) 788/96 ón gComhairle (IO J L 218 ón gComhairle, 13.8.2008, lgh. 1-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 762/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lgh. 1-66)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/EEC, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lgh.164-173)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.05.2018

Top