EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh AE a tháirgeadh do bharra buana

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Staidreamh comhtháite feirme AE' for an updated information about the subject.

Staidreamh AE a tháirgeadh do bharra buana

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Tugtar isteach leis rialacha maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana* a sholáthar. Ar shamplaí díobh sin tá fíniúnacha, ológa agus torthaí a fhásann ar chrainn nó ar thoir.

Aisghairtear le Rialachán (CEE) Uimh. 357/79 maidir le suirbhéanna staidrimh ar fhíniúnacha agus Treoir 2001/109/CE maidir leis an staidreamh a bhaineann le hacmhainn táirgthe crann torthaí — dhá earnáil ar tháinig méadú suntasach ar dálaí táirgthe agus margaíochta ó tháinig na hachtanna sin i bhfeidhm.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an rialachán na rialacha maidir le soláthar staidrimh i ndáil leis na barra buana a leanas:

  • crainn úll milseoige;
  • crainn phiorraí milseoige;
  • crainn aibreog;
  • crainn phéitseog milseoige;
  • crainn oráistí;
  • crainn líomóidí;
  • crainn ológ;
  • fíniúnacha atá ceaptha do shaothrú fíonchaor boird;
  • fíniúnacha atá ceaptha do nithe eile.

Féadfaidh tíortha AE a roghnú staidreamh a bhailiú ar chrainn úll, crainn phiorraí, crainn phéitseog agus fíniúnacha do shaothrú fíonchaor boird le haghaidh próiseáil thionsclaíoch.

Ní mór go léiríonn an staidreamh ar bharra buana 95 % ar a laghad den limistéar iomlán faoin mbarr óna dtáirgtear go hiomlán nó go príomha don mhargadh maidir le gach barr buan dá dtagraítear i ngach tír AE.

Féadfaidh tíortha AE a chur as an áireamh gabháltais faoi thairseach de 0.2 ha de gach barr buan ar leith a shaothraítear go hiomlán nó go príomha don mhargadh i ngach tír AE. I gcás gur lú ná 5 % an limistéar arna chumhdach ag na gabháltais sin den limistéar iomlán faoin mbarr ar leith sin, féadfaidh na tíortha an tairseach sin a mhéadú — fad is nach mbíonn eisiamh ar níos mó ná 5 % breise den limistéar iomlán faoin mbarr mar gheall ar an mbarr áirithe sin.

Ní mór do thíortha AE a bhfuil íosmhéid limistéir de 1 000 ha faoi bharr acu i gcás ceann de gach barr ar leith a tháirgeadh, le linn 2012 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, de réir na sonraí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I den rialachán.

Ní mór do thíortha a bhfuil íosmhéid limistéir de 500 ha faoi bharr acu d’fhíniúnacha chun críocha eile, in 2015 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, de réir na sonraí a luaitear in Iarscríbhinn II den rialachán a chur ar fáil.

I gcás go ndéanann tíortha AE suirbhéanna samplacha d’fhonn sonraí a fháil faoi bharra buana ba cheart go n–áiritheoidís nach sáraítear 3 % den limistéir faoi bharr do gach aon bharr maidir le comhéifeacht comhathrúcháin na sonraí.

Soláthrófar an staidreamh ar fhíniúnacha atá ceaptha do chríocha eile (seachas do shaothrú fíonchaor boird) ag baint úsáid as na sonraí atá ar fáil i gclár na bhfíonghort.

Ní mór sonraí maidir le barra buana nach fíniúnacha iad chun críocha eile a bheith miondealaithe ag NUTS* 1 aonad críochach amháin, ach amháin i gcás nach mbíonn miondealú chomh mionsonraithe sin sainaithe sa rialachán. Ní mór miondealú de réir aonaid chríche NUTS 2 a dhéanamh ar shonraí a bhaineann le fíniúnacha atá ceaptha do chríocha eile.

Ba chóir gach sonra a chur chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) faoin 30 Meán Fómhair den bhliain tar éis na bliana tagartha.

Déanfaidh an Coimisiún (An Coimisiún Eorpach) athbhreithniú ar chur chun feidhme na reachtaíochta faoi dheireadh mhí na Nollag 2018 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2012. Maidir le tíortha AE ar leith — a bhfuil mórleasuithe le déanamh ar a staidreamh náisiúnta — d’fhéadfaí díolúine a dheonú i gcur chun feidhme an rialacháin go dtí an 31 Nollaig 2012 agus bheidh feidhm leis fós maidir le Rialachán 2001/109/CE.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Barr buan: barr nach saothraítear in uainíocht, amach ó fhéarthailte buana, ar barr é a áitíonn talamh ar feadh tréimhse fada agus a thugann barra thar roinnt blianta.
NUTS: ainmníocht aonad críochach. NUTS 1 = mórlimistéir shocheacnamaíocha, e.g. sa Ghearmáin Länder, réigiúin na Beilge, réigiúin na Polainne, macrairéigiúin na Rómáine; NUTS 2 = bunréigiúin maidir le forfheidhmiú beartas réigiúnach, e.g. cúigí na Beilge, réigiúin na Danmhairge, réigiúin na Seice (kraje).

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le staidreamh Eorpach ar bharra buana agus lena n–aisghairtear Rialachán ón gComhairle (CEE) Uimh. 357/79 agus Treoir 2001/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 347, 30.12.2011, lgh. 7-20)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 20.03.2018

Top