EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Dul i ngleic le heipidéim an mhurtaill i measc leanaí

Dul i ngleic le heipidéim an mhurtaill i measc leanaí

 

ACHOIMRE AR:

Conclúidí maidir le deireadh a chur leis an méadú ar rómheáchan agus ar mhurtall i measc leanaí

CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ SEO?

Iarrtar iontu ar thíortha AE agus ar an gCoimisiún Eorpach sraith gníomhaíochtaí comhordaithe a dhéanamh chun dul i ngleic leis an méadú ar líon na leanaí atá róthrom agus/nó murtallach — ceann de na mórdhúshláin sláinte atá ann inniu a mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha sláinte agus eacnamaíocha mar thoradh orthu go minic, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma araon.

PRÍOMHPHOINTÍ

Iarrtar sna conclúidí ar thíortha AE dul i ngleic le rómheáchan agus le murtall i measc leanaí, tríd an méid seo a leanas, mar shampla:

  • oibriú le táirgeoirí bia, miondíoltóirí bia agus an earnáil lónadóireachta chun feabhas ar tháirgí bia a spreagadh agus an rogha shláintiúil a chur chun cinn mar an rogha éasca;
  • cóid iompair a fhorbairt lena chinntiú nach gcuirfear bianna ina bhfuil a lán fuinnimh, salainn, siúcraí, aigéad sáithithe nó tras-sailleach nach gcomhlíonann treoirlínte náisiúnta nó idirnáisiúnta cothaithe chun cinn i bhfógraíocht (nó cineálacha ar bith eile margaíochta) a dhíríonn ar leanaí;
  • anailís a dhéanamh ar na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann le rómheáchan agus murtall i measc ógánach agus leanaí (e.g. na costais sláinte agus shóisialta agus an t–ualach ar an mbuiséad poiblí agus ar bhuiséid teaghlaigh ar fud grúpaí éagsúla den daonra).

Iarrtar iontu ar thíortha AE in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach:

  • oibriú le chéile, leis na páirtithe ábhartha, ar ghnéithe amhail laghdú a dhéanamh ar mhargaíocht bhia nach gcomhlíonann na treoirlínte idirnáisiúnta nó náisiúnta cothaithe le leanaí agus ógánaigh, dul i ngleic le stíleanna maireachtála neamhghníomhacha agus úsáid a bhaint as uirlisí bunaithe ar fhianaise (ag cur san áireamh an nasc láidir idir margaíocht agus rómheáchan);
  • freagairt phráinneach a thabhairt ar an dúshlán maidir le margaíocht agus fógraíocht trí ardáin ar líne agus na meáin shóisialta — a bhfuil sé deacair monatóireacht a dhéanamh orthu mar go mbíonn na teachtaireachtaí dírithe ar leanaí aonair go minic;
  • cláir agus treoirlínte bunaithe ar fhianaise a mheas agus a fhorbairt maidir le cur chun cinn na sláinte agus idirghabhálacha coisc, fáthmheas agus cóireálacha do leanaí agus ógánaigh róthrom agus mhurtallacha atá i mbaol;
  • leanúint le tacaíocht a thabhairt do phlean gníomhaíochta AE maidir le murtall i measc leanaí 2014-2020, go háirithe trí ghníomhaíochtaí a bhaineann le comhar idir tíortha agus na héifeachtaí amhail feabhas ar tháirgí bia agus ar mhargaíocht a dhíríonn ar leanaí.

Iarrtar iontu ar an gCoimisiún:

  • tacú le comhobair thíortha AE, go háirithe sna réimsí maidir le feabhas ar tháirgí bia, anailís eacnamaíoch ar iarmhairtí an mhurtaill, margaíocht agus soláthar poiblí bia;
  • tacú le dréachtú chóid iompair AE iréimse margaíochta agus fógraíochta bia, go háirithe i dtaca le leanaí agus ógánaigh, agus páirt chuí á tabhairt do na páirtithe leasmhara éagsúla;
  • cur chuige éifeachtach sláinte i ngach beartas a chinntiú chun breithnithe sláinte, coisc agus cothaithe a chur chun cinn in earnálacha agus i dtionscnaimh.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conclúidí ón gComhairle le rannchuidiú le deireadh a chur leis an méadú ar rómheáchan agus ar mhurtall i measc leanaí (IO C 205, 29.6.2017, lgh. 46-52)

Nuashonraithe 06.11.2017

Top