Staidreamh eolaíochta agus teicneolaíochta
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Uimh. 1608/2003/CE — staidreamh eolaíochta agus teicneolaíochta AE a tháirgeadh agus a fhorbairt
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
Cuirtear córas faisnéise staidrimh ar bun leis chun tacú le beartais eolaíochta agus teicneolaíochta a bhainistiú in AE. Ar an mbealach sin is féidir measúnú a dhéanamh ar chumas taighde agus forbartha (T&F) agus cumas nuálaíochta réigiúin AE, agus tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha á cur san áireamh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá 2 phríomhghné i gceist le córas faisnéise staidrimh AE a chruthú maidir le heolaíocht, teicneolaíocht agus nuálaíocht.
1.
Staidreamh a sholáthar ag tíortha AE ar bhonn rialta agus de réir spriocdhátaí sonraithe, go háirithe sonraí ar an méid a leanas:
- gníomhaíocht T&F i ngach earnáil feidhmíochta,
- maoiniú na gníomhaíochta T&F, lena n-áirítear tacaíocht ón rialtas do thaighde agus d’fhorbairt, agus an ghné réigiúnach á cur san áireamh trí staidreamh a chur ar fáil atá bunaithe ar aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (aicmiú NUTS).
2.
Athróga staidrimh nua a fhorbairt a chuirfear ar fáil ar bhonn buan. Lena mbeifí in ann faisnéis níos mionsonraithe a fháil faoi eolaíocht agus teicneolaíocht.
Go háirithe, beidh siad dírithe ar an méid a leanas a thomhas:
- toradh na ngníomhaíochtaí eolaíochta agus teicneolaíochta,
- scaipeadh eolais,
- feidhmíocht na nuálaíochta.
Réimsí tosaíochta
- Bíonn faisnéis de dhíth ar lucht déanta beartas chun beartais eolaíochta agus teicneolaíochta a cheapadh agus a mheasúnú i dtíortha AE, ós rud é go bhfuil geilleagar na dtíortha sin ag éirí níos eolasbhunaithe. Tugtar tosaíocht do shonraí a fhorbairt sna réimsí seo a leanas:
- nuálaíocht (teicneolaíochta agus neamhtheicneolaíochta araon, e.g. nuálaíocht san earnáil seirbhíse amhail athrú ar struchtúr eagrúcháin),
- na hacmhainní daonna a bhfuil baint acu le heolaíocht agus teicneolaíocht,
- paitinní (gheofar na sonraí ó oifigí paitinní náisiúnta),
- staidreamh ardteicneolaíochta (táirgí agus seirbhísí a aithint agus a aicmiú, feidhmiú eacnamaíoch agus rannchuidiú le fás eacnamaíoch a thomhas),
- staidreamh atá imdhealaithe ó thaobh inscne de (i.e. figiúirí arna ndeighilt de réir inscne) maidir le heolaíocht agus teicneolaíocht.
- Cuirfear feabhas ar chaighdeáin agus lámhleabhair maidir le coincheapa agus modhanna chomh maith, agus cuirfear béim faoi leith ar choincheapa san earnáil seirbhíse agus ar mhodhanna comhordaithe chun gníomhaíocht T&F a thomhas.
- Oibreoidh AE go dlúth leis an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile d’fhonn inchomparáideacht sonraí a áirithiú agus dúbláil iarrachtaí a sheachaint.
- In 2009, cuireadh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach in ionad an Choiste um an gClár Staidrimh. Tá sé freagrach as tacú leis an gCoimisiún Eorpach leis an gcinneadh seo a chur chun feidhme. Áirítear ar an gcoiste ionadaithe thíortha AE agus tá sé faoi chathaoirleach an Choimisiúin.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá feidhm leis ón 6 Deireadh Fómhair 2003.
CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh Uimh. 1608/2003/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2003 maidir le staidreamh an Chomhphobail ar eolaíocht agus theicneolaíocht a tháirgeadh agus a fhorbairt (IO L 230, 16.9.2003, lgh. 1-3)
Nuashonraithe 08.09.2017
Top