Scoil Riaracháin na hEorpa
ACHOIMRE AR
Cinneadh 2005/118/CE lena mbunaítear Scoil Baincéireachta Riaracháin na hEorpa
Breith 2005/119/AE - eagraíocht agus feidhmiú Scoile Riaracháin na hEorpa
CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ?
PRÍOMHPHOINTÍ
Cuspóir
Eagraíonn an scoil idir-institiúideach seo gníomhaíochtaí traenála chun feabhas a chur ar scileanna agus ar eolas daoine atá ag obair insna heagraíochtaí sínithe. Sí an aidhm atá leis ná luachanna comónta a chur trasna go dtí na hinstitiúidí AE uile Tá sí freagrach as:
- dearadh, eagrú agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí traenála.
- éascú a dhéanamh ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí traenála eagraithe go heachtrach;
- aon tascanna a dhéanamh a bhaineann le nó a thacaíonn lena ndualgais.
Cineálacha traenála
- Soláthraíonn an scoil na cineálacha traenála seo a leanas:
- cúrsaí bainistíochta dóibh siúd go bhfuil (nó gur dhócha go mbeidh) ról bainistíochta acu;
- cúrsaí ionduchtaithe do bhaill fhoirne nua;
- traenáil éigeantach atá ag aistriú idir ghrúpaí feidhme, mar shampla, ag gluaiseacht ó ról cléireach nó rúnaíochta go ról feidhmeach.
- Tá na hinstitiúidí saor chun na cúrsaí seo a chur le cúrsaí atá i gcomhréir ar scála níos mó lena gcuid riachtanais sonracha.
- D’fhéadfadh an scoil, chomh maith, cúrsaí a thairiscint atá iarrtha ag Eagraíochtaí AE eile, gníomhaireachtaí nó oifigí an fhaid is ná cuireann siad seo isteach ar eagraíocht na gcúrsaí do na hinstitiúid.
Traenálaithe agus láthair traenála
- Tá oifigigh curtha ar fáil ó na hinstitiúidí sínithe chun friotháil mar thraenálaithe.
- Mar riail ginearálta, tá na cúrsaí eagraithe sa Bhruiséil agus i Luxembourg, ach d’fhéadfadh traenáil a bheith ar siúl in áiteanna eile.
Eagrú na ngníomhaíochtaí
- Caithfidh bord bainistíochta na scoile rochtain cothrom a dheimhniú do chúrsaí don fhoireann in institiúidí difriúla.
- Caithfidh an scoil deimhin a dhéanamh de go bhfuil íosmhéid áiteanna ar fáil sa chás go bhfuil traenáil mar dhualgas nó mar réamh-choinníoll le haghaidh chleachtadh a dhéanamh ar fheidhm faoi leith, ceann bainistíochta, ach go háirithe.
- D’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar an scoil déileáil le heachtraí sealadacha nó speisialta go mb’fhéidir go mbeadh sé éilithe níos mó rannpháirtithe traenála a admháil ná mar is gnáth. Sa chás seo, tá ar na hinstitiúidí cuí na hacmhainní airgeadais cuí a aistriú.
- D’fhéadfadh an scoil comhoibriú le comhghleacaithe, institiúidí agus ollscoileanna eile atá gníomhach sa réimse céanna.
Bainistíocht
- Tá an scoil nasctha le hOifig Roghnaithe Pearsanra na hEorpa (ORPE) Ciallaíonn sé seo:
- go ngníomhaíonn bord bainistíochta na hoifige mar bhord bainistíochta na scoile;
- go bhfuil ceannaire na hoifige mar phríomhoide na scoile, chomh maith, agus tá sé/sí freagrach as an fhoireann a fhostú;
- go bhfuil foireann na scoile fostaithe do phoist a bhaineann leis an oifig;
- go bhfuil ioncam agus caiteachas na scoile mar chuid tábhachtach do bhuiséad na hoifige.
- Déanann an bord bainistíochta breitheanna ar:
- fheidhmiú na scoile
- a struchtúr,
- a thuarascáil bhliantúil buiséid agus bainistíochta,
- a chlár oibre,
- na rátaí do na táillí scoile dá sheirbhísí, agus
- conas atá gach institiúid chun an scoil a sholáthar le huimhir cuí oifigigh chun friotháil mar thraenálaithe.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA GCINNTÍ?
Tá Breith 2005/118/AE agus Breith 2005/119/AE i gceist ó 10 Feabhra 2005
AN CÚLRA
Le haghaidh breis faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh 2005/118/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Eanáir 2005 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (IO L 37, 10.2.2005, lgh. 14-16)
Cinneadh 2005/119/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Eanáir 2005 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (IO L 37, 10.2.2005, lgh. 17-20)
Nuashonraithe 07.11.2017
Top