Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

An Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO)

 

ACHOIMRE AR

Cinneadh 2002/620/CE lena mbunaítear oifig um roghnú foirne d’institiúidí AE

Cinneadh 2002/621/CE maidir le heagrú agus oibriú na hoifige um roghnú foirne d’institiúidí AE

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ SEO?

  • Bunaítear i gCinneadh 2002/620/CE an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) atá freagrach as foireann a earcú do institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE.
  • Leagtar amach i gCinneadh 2002/621/CE na rialacha maidir le heagrú agus oibriú na hoifige Eorpaí um roghnú foirne.

PRÍOMHPHOINTÍ

Dualgais

  • Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne freagrach as oibriú phróiseas roghnúcháin foirne d’institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE. Déanann sí é sin trí chomórtais oscailte a eagrú, a dtugann a gcuid torthaí deis dóibh liostaí ionadaithe d’iarrthóirí oiriúnacha a dhréachtú.
  • Oibríonn sí go dlúth leis na hinstitiúidí chun riachtanais foirne sa todhchaí a mheas agus ullmhaíonn sí clár comórtas chun freastal ar na riachtanais sin.
  • Forbraíonn sí modhanna agus teicnící roghnúcháin atá bunaithe ar dhea–chleachtas agus ag teacht leis na próifílí scileanna riachtanacha.
  • Bainistíonn sí agus déanann sí monatóireacht ar úsáid na liostaí ionadaithe a dhréachtaítear i ndiaidh na gcomórtas.

Nósanna imeachta roghnúcháin

  • Ní mór do gach institiúid AE líon dóthanach comhaltaí boird, scrúdaitheoirí agus maoirseoirí a roghnú, a bheidh ar fáil do EPSO ionas go mbeidh na nósanna imeachta roghnúcháin in ann dul ar aghaidh go réidh.
  • Is iad údaráis cheapacháin na n–institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE ábhartha a dhéanann an cinneadh chun iarrthóirí rathúla a ainmniú.

Seirbhísí breise

Féadfaidh EPSO na rudaí seo a leanas a dhéanamh freisin.

  • Aontú nósanna imeachtaí roghnúcháin a eagrú d’fhoireann arna hearcú ag aon chomhlacht, oifig nó gníomhaireacht. Sula n–aontaítear é sin a dhéanamh, caithfidh ceannasaí EPSO cead a fháil ó bhord bainistíochta EPSO. Ní mór d’aon chomhaontú den sórt sin na socruithe airgeadais a bhaineann leis na seirbhísí a sholáthraíonn EPSO a chumhdach.
  • Tacaíocht theicniúil a thabhairt do chomórtais inmheánacha arna n–eagrú ag institiúidí, oifigí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí aonair.
  • Nósanna imeachta roghnúcháin a eagrú do chatagóirí seachas oifigigh, cosúil le gníomhairí ar chonradh agus gníomhairí sealadacha, agus liostaí ionadaithe a dhréachtú d’iarratasóirí oiriúnacha.

An bord bainistíochta

  • Tá bord bainistíochta ag EPSO ar a bhfuil comhalta amháin in aghaidh na hinstitiúide agus triúr ionadaithe foirne a bhfuil stádas breathnóra acu arna gceapadh ag coistí foirne na n–institiúidí (ceardchumainn).
  • I measc phríomhchúraimí an bhoird bainistíochta:
    • na rialacha a rialaíonn feidhmiú agus struchtúr eagraíochta EPSO a cheadú;
    • na prionsabail a rialaíonn beartas roghnúcháin EPSO a cheadú;
    • na rátaí inmhuirir i gcomhair seirbhísí breise EPSO a cheadú;
    • rialacha a chomhaontú lena ndéanfaidh gach institiúid líon dóthanach comhaltaí boird, scrúdaitheoirí agus maoirseoirí oiriúnacha a roghnú a bheidh ar fáil do EPSO.

Foireann EPSO a cheapadh

Ceapann an Coimisiún Eorpach ceannasaí EPSO chomh luath is a eisíonn an bord bainistíochta tuairim fhabhrach maidir leis an iarrthóir. Tá an ceannasaí freagrach as feidhmiú réidh EPSO agus as a foireann a cheapadh. Ceaptar an ceannasaí ar feadh téarma 5 bliana a fhéadfar a athnuachan uair amháin.

Buiséad agus cuntais

Luíonn buiséad EPSO laistigh den chuid de bhuiséad AE a bhaineann leis an gCoimisiún Eorpach. Ní mór cuntais EPSO a dhréachtú ar aon dul le rialacha agus modhanna cuntasaíochta an Choimisiúin. Ní mór dó cuntais ioncaim ar leithligh a choimeád ó íocaíochtaí i gcomhair seirbhísí arna gcur ar fáil.

Ó CÉN UAIR A BHEIDH FEIDHM LEIS NA CINNTÍ?

Tá feidhm le Cinneadh 2002/620/CE agus Cinneadh 2002/621/CE ón 26 Iúil 2002.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2002/620/CE ó Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún, an Chúirt Bhreithiúnais, Cúirt na nIniúchóirí, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, Coiste na Réigiún agus an tOmbudsman Eorpach an 25 Iúil 2002 lena mbunaítear Oifig Eorpach um Roghnú Foirne – Dearbhú ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa (IO L 197, 26.7.2002, lgh 53-55)

Cinneadh 2002/621/CE ó Ardrúnaithe Pharlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, Clár na Cúirte Breithiúnais, Ard–Rúnaithe Chúirt na nIniúchóirí, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún, agus Ionadaí an Ombudsman Eorpaigh an 25 Iúil 2002 maidir le heagrú agus oibriú Oifig Eorpach um Roghnú Foirne na gComhphobal Eorpach (IO L 197, 26.7.2002, lgh 56-59)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2002/621/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 07.11.2017

Top