EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
A renewed EU agenda for higher education
Clár oibre athnuaite an AE maidir leis an ardoideachas
Clár oibre athnuaite an AE maidir leis an ardoideachas
Clár oibre athnuaite an AE maidir leis an ardoideachas
ACHOIMRE AR:
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
PRÍOMHPHOINTÍ
Sa teachtaireacht, imlínítear clár oibre nua an AE maidir leis an ardoideachas a chuireann leis an obair atá déanta cheana féin, ach a dhíríonn iarrachtaí ar dheiseanna agus dúshláin reatha athraitheacha, a sainaithnítear mar a leanas.
Le dul i ngleic leis na saincheisteanna sin, tiomnaíonn an Coimisiún do 20 gníomh mionsonraithe:
Tionscnamh a chur ar bun chun céimithe a rianú chun an t–eolas maidir leis an gcaoi a dtéann siad ar aghaidh ina ngairm nó sa bhreisoideachas a fheabhsú.
Comhghuaillíocht STE(A)M an AE (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, ealaíona agus matamaitic) uasghrádaithe a sheoladh a thabharfaidh na hearnálacha oideachais, gnó agus poiblí le chéile chun STE(A)M agus curaclaim eile a chur chun cinn agus a nua-aoisiú.
Comhtháthú na socrúchán oibre i gcláir ardoideachais a spreagadh, agus infhaighteacht agus caighdeán a mhéadú trí chuibhreannais ghnóthais Erasmus+ a neartú.
Samhail ullmhachta digití a thabhairt isteach chun cabhrú le IAOnna straitéisí foghlama digití a chur i bhfeidhm agus úsáid a bhaint as acmhainneacht na teicneolaíochta úrscothaí.
Tacaíocht do mhúinteoirí ardoideachais a fheabhsú trí Erasmus+ chun scileanna deartha curaclaim a fhorbairt, ag tacú le soghluaiseacht foirne agus le comhoibriú feabhsaithe idir ionaid oiliúna múinteoirí ar fud an AE.
Tacú le Erasmus+ chun cabhrú le IAOnna maidir le straitéisí ionchuimsithe, cothroime inscne agus rath staidéir, lena n–áirítear comhoibriú le scoileanna agus le hinstitiúidí eile.
Dearadh solúbtha modúlach cúrsa a chur chun cinn chun tacú le rochtain ar an ard-léinn trí thosaíochtaí sainiúla le haghaidh comhpháirtíochtaí straitéiseacha Erasmus+.
Tacú le IAOnna atá ag iarraidh pointí ECTS a bhronnadh ar mhic léinn le haghaidh gníomhaíochtaí deonacha agus pobail, bunaithe ar eiseamláirí dearfacha atá ann cheana féin.
Tacú le cáilíochtaí dídeanaithe a aithint chun cabhrú leo rochtain a fháil ar an ardoideachas, ag tógáil ar thionscnamh leanúnach Erasmus+ a chuireann treoirlínte praiticiúla agus comhairleoireacht piara ar fáil.
Scéim nuálaíochta réigiúnach (EIT-RIS) de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht & Teicneolaíocht (EIT) a leathnú chun mic léinn a ullmhú níos fearr le dul ag obair i ngnóthais nuálacha.
Tacú le hobair bhreise ar mhodhanna múinte le haghaidh cruthaitheacht agus nuálaíocht san ardoideachas, ag tógáil ar an obair leis an ECFE san earnáil scoile.
Ardoideachas le haghaidh Speisialú Cliste a chur i bhfeidhm a thuilleadh, ag moladh d’údaráis phoiblí go mbeadh baint ag IAOnna agus Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PEN) EIT i Straitéisí Speisialaithe Cliste.
Deiseanna a fhorbairt i ngníomhartha Marie Skłodowska-Curie a chabhraíonn ó thaobh an deighilt taighde agus nuálaíochta idir tíortha agus réigiúin an AE a dhúnadh agus ó thaobh dul i ngleic leis an imirce daoine cliste ó réigiúin bheagfhorbartha.
Borradh a chur faoi thacaíocht an AE do chomhoibriú ollscoile-gnóthais, leis an bhFóram Ollscoile agus Gnóthais ina phointe fócais, agus fóraim dá leithéid a chur chun cinn ar fud an AE.
Athbhreithniú ar struchtúir chistiúcháin, dhreasachta agus luach saothair do chórais ardoideachais a sheoladh, i gcomhair leis an ECFE.
Cinntiú go spreagtar taighdeoirí chun dul ag múineadh, agus go bhfuil an oiliúint acu chun é sin a dhéanamh, mar chuid lárnach de ghníomhartha Marie Skłodowska-Curie.
Mol Eolais maidir leis an ardoideachas a chruthú, a ionchorpraíonn Clár Eorpach an Oideachais Tríú Leibhéal (ETER), U-Multirank agus staidéar rianaithe na gcéimithe, chun caighdeán, bailiú agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú.
Líonra Eurydice agus comhoibriú an Choimisiúin leis an ECFE maidir leis an ardoideachas, taighde agus nuálaíocht a neartú chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun leas a bhaint as an gcomhobair.
Soghluaiseacht na mac léinn a dhéanamh níos simplí trí thógáil ar thionscadail Erasmus+ atá ann cheana i gcomhair sonraí leictreonacha na mac léinn, agus féidearthacht na rochtana ar sheirbhísí agus sonraí mac léinn laistigh den AE a thaiscéaladh.
Comhphlé a thosú idir tíortha an AE agus páirtithe leasmhara eile, mar chuid d’athbhreithniú Erasmus+, maidir le tacaíocht do mhic léinn, do bhaill foirne, d’institiúidí agus do chórais ardoideachais.
Tá comhphlé á thosú ag an gCoimisiún leis na páirtithe leasmhara go léir maidir leis na gníomhartha sin a chur i bhfeidhm, agus lena chinntiú go bhfuil siad ar aon dul le tosaíochtaí cistiúcháin an AE.
AN CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le clár oibre athnuaite an AE maidir leis an ardoideachas (COM(2017) 247 críochnaitheach, 30.5.2017)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Páipéar Bán maidir le todhchaí na hEorpa — Machnaimh agus cásanna don AE-27 faoi 2025 (COM(2017) 2025 críochnaitheach, 1.3.2017)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Ag infheistiú in óige na hEorpa (COM(2016) 940 críochnaitheach, 7.12.2016)
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — An t–oideachas a fheabhsú agus a nuachóiriú (COM(2016) 941 críochnaitheach, 7.12.2016)
Nuashonraithe 24.10.2017