Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Paitinn aonadach AE — socruithe aistriúcháin

Paitinn aonadach AE — socruithe aistriúcháin

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 — socruithe aistriúcháin don phaitinn aonadach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis na socruithe aistriúcháin don 26 thír AE a chláraigh leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi (ar a dtugtar an “paitinn aonadach”).

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir le paitinn aonadach a foilsíodh in aon cheann amháin de na trí theanga oifigiúla Oifig Eorpach na bPaitinní (EPO) — Béarla, Fraincis agus Gearmáinis — ar aistríodh na héilimh ina leith go dtí an dá theanga eile, i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach, ní gá í a aistriú go teangacha oifigiúla eile AE.

Ní mór do shealbhóirí paitinne, a cheapann gur sárú a bpaitinn an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • aistriúchán iomlán den phaitinn a sholáthar, ar iarratas ón duine a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé/sí sárú, go dtí teanga oifigiúil thír an AE inar ndearnadh an cion nó ina bhfuil cónaí ar an duine a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé/sí sárú;
  • aistriúchán iomlán den phaitinn a sholáthar i dteanga oifigiúil na gcúirteanna i dtíortha eile um phaitinn aonadach Eorpach a d’fhéadfadh bheith páirteach sna himeachtaí dlíthiúla;
  • na costais as an aistriúchán a íoc.

Ní mór do na cúirteanna, a cheanglaítear orthu na damáistí i ndíospóid a mheasúnú, a bhreithniú cibé an bhfuil an duine a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé/sí sárú:

Ní mór dóibh a bhreithniú chomh maith cibé an ngníomhaigh nó nár ghníomhaigh an duine a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé nó sí sárú ar neamhchead dó/di féin.

Maidir le scéim um chúiteamh:

  • cuidíonn sé, suas go dtí uasteorainn socraithe, leis na costais ar an aistriúchán le haghaidh iarratas ar phaitinn a comhdaíodh i dteanga oifigiúil AE seachas aon cheann amhain de na trí theanga oifigiúla EPO a chúiteamh;
  • tá sé maoinithe ó tháillí maidir le hathnuachan paitinne agus íocaíochta malla;
  • níl sé ar fáil ach do FBManna, do dhaoine nádúrtha, d’eagraíochtaí neamhbhrabúis, d’ollscoileanna agus d’eagraíochtaí taighde phoiblí a bhfuil a gcónaí nó a bpríomháit ghnó i dtír AE.

I mbearta idirthréimhseacha sonraítear le linn 6 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an rialacháin:

  • ní mór iarratais ar phaitinn aonadach a lóisteáladh i bhFraincis nó i nGearmáinis a aistriú go Béarla agus na cinn a lóisteáladh i mBéarla a aistriú go teanga oifigiúil AE ar bith eile;
  • ní mór do choiste saineolaithe neamhspleáchas, 6 bliana ón dáta teacht i bhfeidhm agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, measúnú a dhéanamh ar chumas na meaisíní ardchaighdeáin iarratais ar phaitinn agus sonraíochtaí paitinne a aistriú;
  • ní mór don Choimisiún Eorpach tuarascáil a chur i láthair rialtais AE ar bhonn chéad mheastóireacht an choiste agus a meastóireachtaí ina dhiaidh sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Beidh feidhm leis an rialacháin 4 mhí i ndiaidh thaisceadh 13ú hionstraim dhaingniúcháin an Chomhaontaithe maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní (ar an gcoinníoll go n–áirítear leis na 3 thír ina bhfuil éifeacht ag an líon is airde paitinní Eorpacha — an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe (1)) chuig Rúnaí Chomhairle an AE.

CÚLRA

Le Cinneadh 2011/167/AE údaraíodh 25 thír chun úsáid a bhaint as nós imeachta AE um chomhar feabhsaithe le hoibriú le chéile chun cosaint aonadach phaitinne a chruthú. Chinn an Spáinn agus an Iodáil fanacht amuigh as an scéim.

Le hiarratas aonair chuig Oifig na bPaitinní Eorpacha is féidir cosaint phaitinne a fháil i suas le 26 thír AE. Leis sin simplítear nósanna imeachta agus laghdaítear na costais d’iarratasóirí ar mian leo a n–aireagáin a chosaint.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú i ndáil leis na socruithe aistriúcháin is infheidhme (IO L 361, 31.12.2012, lgh. 89-92)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú (IO L 361, 31.12.2012, lgh. 1-8)

Cinneadh 2011/167/AE ón gComhairle an 10 Márta 2011 lena n–údaraítear comhar feabhsaithe sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú (IO L 76, 22.3.2011, lch. 53-55)

Nuashonraithe 06.12.2017



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top