EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le haghaidh na dtionscal bithbhunaithe

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí faoin gclár Fís Eorpach' for an updated information about the subject.

Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí le haghaidh na dtionscal bithbhunaithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 maidir le Comhghnóthas na dTionscal Bithbhunaithe a bhunú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí (CPP) ar a dtugtar Comhghnóthas na dTionscal Bithbhunaithe (BBI) chun an Comhthionscnamh Teicneolaíochta ar Thionscail Bhithbhunaithe a chur chun feidhme chun taighde agus nuálaíocht tionscail in AE a neartú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féachtar le Comhghnóthas BBI spleáchas na hEorpa ar tháirgí iontaiseacha a laghdú, rud a chabhraíonn le spriocanna maidir le hathrú aeráide a bhaint amach agus a chruthaíonn fás inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá sé ceaptha chun tionscadail taighde agus nuálaíochta a mhaoiniú agus chun comhpháirtíochtaí nua tras-earnálacha a chur chun cinn, ag baint leas as bithmhais agus dramhaíl bhitheolaíochta chun breoslaí, ceimiceáin agus comhábhair bhia nua forbartha a bheidh níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus gan iontaise iontu, a chruthú.

Tá baint ag na hearnálacha seo a leanas leis an gcomhghnóthas: talmhaíocht, agrai-bhia-ábhar, monaróirí teicneolaíochta, foraoiseacht/páipéar, ceimiceáin agus fuinneamh. Aithnítear i Straitéis Eoraip 2020 an AE, go bhfuil ról ríthábhachtach ag na tionscail sin maidir le fás inbhuanaithe agus iomaíochas a chur chun cinn trí cheantair tuaithe a ath-thionsclú agus a athbheochan, agus trí phoist ard-oilte i dtaighde, i bhforbairt agus i dtáirgeacht a chur ar fáil.

Fócas

Chun dlús a chur le haistriú AE chuig geilleagar bithbhunaithe, díríonn Comhghnóthas BBI ar iad seo a leanas:

  • slabhraí breisluacha nua a chruthú bunaithe ar chórais bhailiúcháin agus soláthair bithmhaise éifeachtúla inbhuanaithe a fhorbairt, agus bunaithe freisin ar úsáid fheabhsaithe as amhábhar bithmhaise, agus feidhmeanna nua do bhithmhais dramhaíola agus plandaí (ligniceallalós) á bhfáil;
  • na slabhraí breisluacha atá ann cheana féin a fhorbairt chuig leibhéil nua, amhábhar agus taobhshruthanna tionsclaíocha a bharrfheabhsú (seachtháirgí a athchúrsáladh) agus táirgí nuálacha breisluacha a sholáthar ar an margadh, ag neartú, ar an gcaoi sin, iomaíochas thionscail AE atá bunaithe ar thalmhaíocht agus ar fhoraoiseacht;
  • teicneolaíocht a thabhairt chun aibíochta trí thaighde agus nuálaíocht, agus trí bhithscaglanna suaitheanta a thógáil chun an bhithmhais a phróiseáil i raon táirgí nuálacha.

Bainistíocht

Is eintiteas dlíthiúil é Comhghnóthas na dTionscal Bithbhunaithe a cuireadh ar bun faoi Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (lena gceadaítear comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí sa réimse taighde thionsclaíoch ar leibhéal AE). Leagann an Comhghnóthas a chlár oibre taighde straitéisigh féin amach agus cuireann sé maoiniú ar fáil do thionscadail a roghnaítear i ndiaidh gairmeacha ar thograí a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an BBI. Mar riail ghinearálta, cuireann an Comhghnóthas rialacha an chláir Fís 2020 i bhfeidhm maidir le rannpháirteachas.

Déantar foráil in Airteagal 209 den Rialachán Airgeadais AE i leith rialacha nua saincheaptha éadroma le haghaidh comhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí AE.

Déanann Bainisteoir Feidhmiúcháin an Comhghnóthas a bhainistiú, le tacaíocht ón Oifig Feidhmiúcháin. Tá bord rialachais ag an gComhghnóthas ina gcuimsítear an tionscal agus ionadaithe ón gCoimisiún Eorpach. Tá an bord sin freagrach go foriomlán as oibríochtaí an Chomhghnóthais. Cuireann Coiste Eolaíochta comhairle ar fáil dó faoi thosaíochtaí eolaíochta. Tá Grúpa Ionadaithe Stáit BBI ann freisin a dhéanann ionadaíocht ar son na dtíortha lena mbaineann. Déantar cinntí de réir na rialacha vótála arna mbunú ag an gComhghnóthas.

Buiséad

B’ionann an chéad ranníocaíocht airgeadais a fuair an Comhghnóthas BBI ó AE, leithreasuithe ó Chomhlachais Saorthrádála na hEorpa san áireamh, agus EUR 975 mhilliún. Cuirfear suim bhreise de thimpeall EUR 2.7 billiún leis sin in infheistíocht na hearnála poiblí. Féachann an Comhghnóthas freisin le sineirgí a fhorbairt le Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa.

Le Rialachán (AE) 2018/121 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 560/2014. Dearbhaítear leis oibleagáid chuibhreannas na dtionscal bithbhunaithe agus a chomheintiteas maidir leis an ranníocaíocht airgeadais don tsuim iomlán atá leagtha amach sa rialachán a sholáthar, ach ceadaítear leis na ranníocaíochtaí sin a dhéanamh, ní hamháin mar íocaíochtaí le Comhghnóthas BBI, ach mar ranníocaíochtaí airgeadais chomh maith — go háirithe, do thairbhithe i ndeontais arna mhaoiniú ag Comhghnóthas BBI.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm aige ón 27 Meitheamh 2014.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (IO L 169, 7.6.2014, lgh. 130-151)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2018/121 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 560/2014 lena mbunaítear Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe (IO L 22, 26.1.2018, lgh. 1-2)

Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 — an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lgh 104-173)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 16.05.2018

Top