EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tsláinte agus an comhshaol a chosaint ó thruailleáin orgánacha mharthanacha

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'An tsláinte agus an comhshaol a chosaint ó thruailleáin orgánacha mharthanacha' for an updated information about the subject.

An tsláinte agus an comhshaol a chosaint ó thruailleáin orgánacha mharthanacha

Cuireann truailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna)* sláinte an duine agus an comhshaol i mbaol suntasach. Anseo, déanann AE gníomh chun dul i ngleic leis an mbaol seo.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha agus lena leasaítear Treoir 79/117/CEE.

ACHOIMRE

Cuireann truailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna)* sláinte an duine agus an comhshaol i mbaol suntasach. Anseo, déanann AE gníomh chun dul i ngleic leis an mbaol seo.

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Cruthaítear creat dlíthiúil ann chun sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint trí POPanna a chosc, a chéimniú amach a luaithe is féidir, nó déantar iad a dtáirgeadh, a gcur ar an margadh agus a n-úsáid a theorannú. Leagtar síos na rialacha ann chomh maith maidir le déileáil le stoc-chairn agus dramhaíl ina bhfuil POPanna.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Déantar POPanna a miondealú ina liostaí in Iarscríbhinn an rialacháin: (Iarscríbhinn I) substaintí atá faoi réir toirmisc; (Iarscríbhinn II) substaintí atá faoi réir teorainneacha; (Iarscríbhinn III) substaintí atá faoi réir laghdú scaoilte; agus (Iarscríbhinn IV) substaintí atá faoi réir forálacha bainistíochta dramhaíola.
  • Tá roinnt coinníollacha ann nuair atá POPanna díolmhaithe ó bhearta rialaithe an rialacháin seo, mar shampla, nuair a úsáidtear iad do thaighde saotharlainne, nó má tharlaíonn siad mar éilleáin riain neamhbheartaithe i substaintí eile.
  • Ní mór do thíortha AE fardail a bhaineann le haghaidh POPanna a tháirgtear de neamhaistear, pleananna náisiúnta cur i bhfeidhm a dhréachtú, monatóireacht a dhéanamh ar POPanna i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún Eorpach, agus a bheith páirteach i malartú faisnéise le tíortha AE agus tíortha nach bhfuil in AE araon.
  • Cuirtear dhá choinbhinsiún idirnáisiúnta i bhfeidhm sa rialachán ina dtugtar aghaidh ar POPanna san Aontas Eorpach: Prótacal Aarhus 1998 le Coinbhinsiún 1979 ar Thruailliú Aeir Trasteorann Fadraoin maidir le Laghdú Breise ar Astaíochtaí Sulfair, agus Coinbhinsiún Stócólm ar Thruailleáin Orgánacha Mharthanacha 2001.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Is éard is truailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna) ann substaintí ceimiceacha, amhail lotnaidicídí nó ceimiceáin thionsclaíocha, a fhanann sa timpeallacht, a théann isteach sa slabhra bia, agus a chuireann sláinte an duine agus an comhshaol faoi bhagairt.

Tá sé an-choitianta go n-iompraítear POPanna i bhfad ar siúl óna bhfoinse thionscnaimh, agus dá bhrí sin is fíorfhadhb dhomhanda é.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach POPanna - truailleáin orgánacha mharthanacha ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (CE) Uimh. 850/2004

20.5.2004

-

IO L 158, 30.4.2004, lgh. 7-49

Ceartúchán

-

-

IO L 229, 29.6.2004, lgh. 5-22

Rinneadh na leasuithe agus na ceartúcháin ar Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críocha tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

Nuashonraithe 30.06.2015

Top