EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cumhachtú saoránach agus gnólachtaí i margadh aonair AE

Cumhachtú saoránach agus gnólachtaí i margadh aonair AE

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2013) 636 final) — Cumhacht a thabhairt do ghnólachtaí agus do shaoránaigh i margadh aonair AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

Leagtar amach inti bearta praiticiúla a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach agus tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) chun níos mó faisnéise agus faisnéis níos fearr a chur ar fáil don phobal i gcoitinne faoina gcearta in AE, go háirithe conas úsáid éifeachtach a bhaint as a gcearta ar leibhéal náisiúnta agus i dtíortha AE eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Molann an Coimisiún trí shraith gníomhaíochtaí a chuirfidh an Coimisiún agus/nó tíortha AE i bhfeidhm:

  • tairseach “An Eoraip Agatsa” a fhorbairt agus a fheabhsú a thuilleadh, chun í a dhéanamh níos freagrúla do riachtanais saoránach agus gnólachtaí;
  • a chinntiú go bhfuil faisnéis ardchaighdeáin maidir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta ar fáil agus inrochtana trí “An Eoraip Agatsa”;
  • a chinntiú gur féidir le níos mó daoine faisnéis maidir leis “An Eoraip Agatsa” a rochtain.
  • 1.

    Tairseach“An Eoraip Agatsa”

Tá líon gníomhaíochtaí beartaithe ag an gCoimisiún chun feabhas a chur ar an tairseach, lena n-áirítear:

  • a hábhar a mhéadú chun cearta, oibleagáidí agus deiseanna sa mhargadh aonair a chumhdach go hiomlán;
  • feabhas a chur ar threoir chuardaigh ar líne agus ar shineirgí le seirbhísí eile;
  • staidéar úsáideachta agus inrochtaineachta a dhéanamh agus na torthaí as a chur i bhfeidhm chun an rochtain agus an nascleanúint is fearr a chinntiú do gach úsáideoir, go háirithe daoine ag a bhfuil riachtanais speisialta agus iad siúd a úsáideann gléasanna móibíleacha;
  • a chinntiú gur féidir a chomhairliúcháin phoiblí maidir le topaicí a chumhdaítear in “An Eoraip Agatsa” a rochtain tríd an tairseach ionas gur féidir le húsáideoirí ionchur a dhéanamh i gceapadh beartais ina réimsí spéise féin.
  • 2.

    Faisnéis maidir le rialacha agus nósanna imeachta náisiúnta

Iarrtar ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • faisnéis áisiúil a chur ar fáil ar a dtairseacha náisiúnta féin, chun a chur ar chumas daoine aonair agus gnólachtaí úsáid éifeachtach a bhaint as a gcearta AE sa mhargadh aonair;
  • comhoibriú leis an gCoimisiún lena chinntiú gur féidir faisnéis náisiúnta ábhartha, amhail faisnéis faoi cearta cónaithe agus faoi ghnó a dhéanamh i dtír eile, a rochtain tríd an tairseach;
  • dea-chleachtas ina dtairseacha náisiúnta a chomhroinnt le tíortha AE eile.

Áirítear ar phleananna an Choimisiúin:

  • uirlisí éagsúla a fhorbairt chun ábhar a chomhroinnt;
  • a iarraidh ar thíortha AE faisnéis a fhoilsiú ar líne maidir leis an reachtaíocht uile a bhaineann leis an Aontas Eorpach ina leagtar síos na cearta do shaoránaigh agus/nó do ghnólachtaí, ionas gur féidir í a nascadh nó a mhalartú le “An Eoraip Agatsa”.
  • 3.

    Teacht ar“An Eoraip Agatsa” a mhéadú

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar a infheictheacht trí optamú le haghaidh innill chuardaigh, cur chun cinn ar líne, uirlisí meán sóisialta, agus feachtais faisnéise agus feachtais spreagtha feasachta.

Iarrtar ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • “An Eoraip Agatsa” a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta, go háirithe trí naisc ar a dtairseacha náisiúnta agus i bhfeachtais spreagtha feasachta maidir le hábhair a bheidh cumhdaithe sa tairseach.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Cumhacht a thabhairt do ghnólachtaí agus do shaoránaigh i margadh aonair AE: An Plean Gníomhaíochta chun An Eoraip Agatsa a neartú i gcomhar leis na Ballstáit (COM(2013) 636 final, 17.9.2013)

Nuashonraithe 11.04.2017

Top