Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Athchóiriú breithiúnach agus an comhrac i gcoinne na héillitheachta: an dul chun cinn atá déanta sa Rómáin

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Athchóiriú breithiúnach agus an comhrac i gcoinne na héillitheachta: an dul chun cinn atá déanta sa Rómáin

Cuireadh sásra sonrach faireacháin ar bun sa bhliain 2007, dá ngairtear an Sásra Comhair agus Fíorúcháin, i gcomhthéacs aontachas na Rómáine leis an Aontas Eorpach (AE). Faoin sásra sin déantar faireachán ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa Rómáin i réimse an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhrac i gcoinne na héillitheachta.

ACHT

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an Dul Chun Cinn a Dhéantar sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin (COM(2015) 35 final an 28 Eanáir 2015).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an Dul Chun Cinn a Dhéantar sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin (COM(2014) 37 final an 22 Eanáir 2014).

ACHOIMRE

Déantar cur síos i dtuarascálacha 2014 agus 2015 an Choimisiúin Eorpaigh ar an dul chun cinn atá déanta sa Rómáin sna réimsí sin ó 2012 agus ó 2013 i leith.

PRÍOMHPHOINTÍ

Áirítear leis an Sásra Comhair agus Fíorúcháin ceithre chritéar shonracha chun dul i ngleic le heasnaimh san athchóiriú breithiúnach, sna caighdeáin agus sa chomhrac i gcoinne na héillitheachta ardleibhéil sa Rómáin, agus chun an éillitheacht in earnáil phoiblí na Rómáine a chomhrac agus a chosc.

Is é an príomhchuspóir ná próiseas rialta tuairiscithe a chur ar bun chun a chinntiú go gcloífear le caighdeáin ina leithéid de réimsí agus go gcomhlíonfar go sásúil iad. Is é an príomhchuspóir freisin ná cabhrú leis an Rómáin na laigí a shonraítear sa Sásra Comhair agus Fíorúcháin a réiteach.

Tuarascálacha ar dhul chun cinn 2014 agus 2015

Cuirtear i láthair i dtuarascáil2014 anailís an Choimisiúin Eorpaigh ar na bearta atá déanta ag an Rómáin ó foilsíodh tuarascálacha na mblianta 2012 agus 2013 (foilsíodh an tuarascáil 2013 tar éis do rialtas nua a bheith ainmnithe).

Baintear de thátal as i dtuarascáil 2014 go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Rómáin i bpríomhinstitiúidí breithiúnacha agus caighdeán, fiú i ndálaí deacra polaitiúla.

Léirítear sa tuarascáil áfach:

  • go bhfuil fadhbanna sonracha le neamhspleáchas breithiúnach;
  • go gcuirtear in éadan bearta caighdeán agus bearta frith-éillithe a chur i bhfeidhm;
  • go bhfuil polaiteoirí ag cur isteach ar phríomhcheapacháin bhreithiúnacha.

Taispeántar i dtuarascáil 2015 freisin na bearta sonracha a dhéantar chun dul i ngleic leis an éillitheacht ardleibhéil, rud a chuireann leis an mhuinín atá ag muintir na Rómáine as breithiúna agus as ionchúiseamh frith-éillithe.

Príomhmholtaí:

Tugann an Coimisiún Eorpach cuireadh don Rómáin an obair atá déanta aici a dhaingniú. Baineadh torthaí fiúntacha amach maidir le cur i bhfeidhm na gCód (Sibhialta, Nós Imeachta Sibhialta, Coiriúil agus Nós Imeachta Coiriúil), ach táthar ag súil le bearta nua maidir le neamhspleáchas agus le hathchóiriú breithiúnach.

Tá gá le feabhsúcháin eile chun:

  • caighdeáin a chinntiú, rud a chuirfeadh cosc ar choinbhleacht leasanna sa soláthar poiblí;
  • cur chuige níos éifeachtúla agus níos córasaí a chruthú chun an éillitheacht a chomhrac trí chosc agus trí smachtbhannaí athchomhairleacha.

Tá níos mó comhtháthaithe á lorg ag an gCoimisiún Eorpach freisin maidir le cinntí cúirte agus parlaiminte (caitheamh le parlaiminteoirí mar ghnáthshaoránaigh, mar shampla).

Leanfar de chistí AE a chur ar fáil le haghaidh phróiseas faireacháin an tSásra Comhair agus Fíorúcháin agus leanfaidh an Coimisiún Eorpach agus tíortha AE eile de thacaíocht fhiúntach a chur ar fáil, chun tacú leis an Rómáin.

Féach freisin láithreán Gréasáin Ard-Rúnaí an Choimisiúin Eorpaigh maidir leis an Sásra Comhair agus Fíorúcháin, láithreán Gréasáin na Rómáine maidir leis an Sásra Comhair agus Fíorúcháin agus preaseisiúintí 2014 agus 2015 an Choimisiúin.

CÚLRA

I gcomhthéacs aontachas na Rómáine leis an Aontas Eorpach sa bhliain 2007, iarradh ar an Rómáin dul chun cinn breise a dhéanamh i réimsí áirithe, amhail an t-athchóiriú breithiúnach agus an comhrac i gcoinne na héillitheachta. Cruthaíodh creat speisialta chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar sa Rómáin sna réimsí sin tríd an Sásra Comhair agus Fíorúcháin. Tá próiseas den chineál céanna á chur i bhfeidhm maidir leis an mBulgáir.

Bunaítear próiseas an tSásra Comhair agus Fíorúcháin ar mheasúnú ar an dul chun cinn atá déanta ag údaráis na Rómáine agus ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ag tíortha AE, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, ag saineolaithe neamhspleácha agus ag foinsí eile.

ACHTANNA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an Dul Chun Cinn a Dhéantar sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin (COM(2012) 410 final an 18 Iúil 2012).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an Dul Chun Cinn a Dhéantar sa Rómáin faoin Sásra Comhair agus Fíorúcháin (COM(2013) 47 final an 30 Eanáir 2013).

Nuashonraithe 21.03.2015

Top