Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aontas Eorpach níos sábháilte: comhar póilíneachta agus bainistíocht géarchéime

Aontas Eorpach níos sábháilte: comhar póilíneachta agus bainistíocht géarchéime

Leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 na rialacha d’ionstraim mhaoinithe an Aontais Eorpaigh, ionstraim a bhaineann le comhar póilíneachta, le coireacht a chosc agus a chomhrac agus le bainistíocht géarchéime, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí (CSI).

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 513/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste Slándála Inmheánaí, an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac agus do bhainistíocht géarchéime agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/125/CGB ón gComhairle.

ACHOIMRE

Tugtar an rialachán CSI-Póilíneachta ar an ionstraim seo agus féachtar léi cur le hardleibhéal slándála in AE. Chun an cuspóir seo a bhaint amach, tacófar le gníomhaíochtaí a bhaineann le cosc ar an choireacht; le coireacht thrasteorann agus le coireacht thromchúiseach a chomhrac, lena n-áirítear sceimhlitheoireacht; agus le comhar a neartú idir na húdaráis um fhorghníomhú an dlí agus na húdaráis eile i dtíortha den AE, le Europol agus le comhlachtaí eile AE, agus le tíortha ábhartha nach tíortha den AE iad agus eagraíochtaí ábhartha idirnáisiúnta eile.

Tacófar chomh maith le gníomhartha chun cumas AE agus thíortha AE a neartú maidir le rioscaí agus géarchéimeanna a bhaineann le slándáil a bhainistiú go héifeachtach, agus maidir leis an phobal agus an bhonneagar criticiúil (m.sh. leictreachas, uisce, iompar) a ullmhú le haghaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta agus teagmhas eile a bhaineann le slándáil, agus cosaint orthu.

Cuspóirí oibríochtúla

1.

Cumas thíortha an AE a neartú maidir le coireacht thrasteorann a chosc agus a chomhrac;

2.

Comhar a chur chun cinn idir údaráis thíortha an AE um fhorghníomhú an dlí (na póilíní, custaim, srl.) agus idir thíortha an AE agus Europol;

3.

Scéimeanna oiliúna a fhorbairt, lena n-áirítear scileanna teicniúla agus gairmiúla agus eolas ar oibleagáidí a bhaineann le meas ar chearta an duine;

4.

Bearta, ráthaíochtaí, meicníochtaí agus dea-chleachtais a fhorbairt maidir le finnéithe agus íospartaigh coireachta a aithint go luath agus a chosaint agus maidir le tacaíocht a thabhairt dóibh;

5.

Bearta a fhorbairt chun cumas riaracháin agus oibríochtúil thíortha an AE a neartú a bhaineann le bonneagar criticiúil a chosaint;

6.

Léargais ghinearálta chuimsitheacha agus chruinne a tháirgeadh i gcás géarchéime, bearta freagartha a chomhordú agus faisnéis rúnda nó íogair a roinnt, agus amhlaidh a dhéanamh go sciobtha;

7.

Cuir chuige chomhtháthaithe a fhorbairt bunaithe ar chomhmheasúnuithe i gcás géarchéime agus comhthuiscint a fheabhsú maidir le sainmhínithe éagsúla thíortha an AE agus na dtíortha comhpháirtíochta i ndáil le leibhéil bagartha.

Áirítear le gníomhartha incháilithe:

gníomhartha chun comhar póilíneachta a fheabhsú, lena n-áirítear comhfhoirne imscrúdaithe;

gníomhaíochtaí cumarsáide;

córais TF náisiúnta agus córais TF an AE a chothabháil, go háirithe maidir le cibearshlándáil agus le cibearchoireacht;

tionscadail maidir le tíortha nach tíortha den AE iad nó tionscadail sna tíortha seo.

Dréachtófarcláir náisiúntaag na tíortha rannpháirteacha, cláir ina ndíreofar ar chuspóirí an chiste agus a chuirfear faoi bhráid an ChoimisiúinEorpaighlena bhformheas.Caithfear acmhainní a leithdháileadh ar chuspóirí ar bhealach atái gcomhréirleis na dúshláin agus na riachtanais a thagann os comhair na tíre.

An buiséad

Tá buiséad €1.004 billiún leagtha amach le haghaidh an chláir don tréimhse 2014-20, agus miondealú déanta air mar seo a leanas (i bpraghsanna reatha):

€662 mhilliún do chláir de chuid thíortha an AE (tugtar cur síos mionsonraithe sa rialachán ar an chaoi a dhéanfar an tsuim seo a leithdháileadh);

€342 mhilliún do ghníomhartha an AE, don chúnamh éigeandála agus don chúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh.

Cur i bhfeidhm

Tá na príomhrialacha agus na príomhnósanna imeachta a bhaineann leis an chiste seo a chur i bhfeidhm ina gcuid de Rialachán (AE) Uimh. 514/2014.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 513/2014

21.5.2014

-

IO L 150, 20.5.2014

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán Uimh. 514/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leagtar síos na forálacha ginearálta maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus maidir leis an ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do chomhar póilíneachta, don choireacht a chosc agus a chomhrac, agus do bhainistíocht géarchéime [IO L 150, 20 Bealtaine 2014].

Nuashonrú is déanaí: 10.08.2014

Top