Rialacha cuntasaíochta le haghaidh astaíochtaí gáis cheaptha teasa a thagann ó nó a ionsúnn foraoisí agus an talmhaíocht
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Uimh. 529/2013/AE — maidir le rialacha cuntasaíochta a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheapa teasa agus le hasbhaintí a leanann as gníomhaíochtaí i ndáil le talamhúsáid, le hathrú sa talamhúsáid agus le foraoiseacht
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
-
Tá sé ina chéad chéim maidir le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa (GCT) agus asbhaintí ón talamhúsáid, ó athrú sa talamhúsáid agus ón fhoraoiseacht (LULUCF)* a chur san áireamh i ngealltanais an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú.
-
Cuirtear d’oibleagáid leis ar thíortha AE cuntais a ullmhú agus a choinneáil maidir le GCT a thagann ó nó a ionsúnn foraoisí, talamh curaíochta agus talamh féaraigh. Ní mór dóibh é sin a dhéanamh ar bhealach cruinn, iomlán, comhsheasmhach, inchomparáide agus trédhearcach, a chloíonn le Treoirlínte na bhFardal Náisiúnta um Ghás Ceaptha Teasa de chuid an Phainéil Idirnáisiúnta ar an Athrú Aeráide (IPCC).
-
Cuirfidh cuntasaíocht agus tuairisciú GCT níos iomláine le sláine comhshaoil AE (i.e athléimneacht, éagsúlacht, agus íonacht a éiceachóras a chinntiú).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Sa tréimhse cuntasaíochta reatha (2013–2020), beidh tuairisciú agus cuntasaíocht éigeantach ag tíortha AE maidir le hastaíochtaí/hasbhaintí GCT ó:
-
foraoisiú (foraoisí nua a chur);
-
dífhoraoisiú (foraoisí a scriosadh);
-
athfhoraoisiú (foraoisí atá ann cheana a athstocáil); agus
-
bainistiú foraoisí.
-
Ní mór do na tíortha AE ullmhú le haghaidh cuntasaíocht chruinn maidir le hastaíochtaí/hasbhaintí GCT ó thalamh curaíochta agus ó thalamh féaraigh, rud a thosófar in 2021.
-
Spreagann sé seo na tíortha AE le tuairisc a thabhairt freisin ar an tionchar ó thaobh astaíochtaí/asbhaintí GCT a bhíonn ag fásra (fásra a fhásann ar thalamh seachas foraois) agus ag draenáil nó athfhliuchadh bogach.
Rinneadh cinneadh Uimh. 529/2013/AE a leasú le Cinneadh (AE) 2016/374, lena gcuirtear luachanna don Chróit le liosta na leibhéil tagartha maidir le bainistíocht foraoisí, íoslúachanna do shainmhíniú foraoise agus bonnbhliain na n-astaíochtaí.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
Tá sé i bhfeidhm ón 8 Iúil 2013.
CÚLRA
-
Cumhdaíonn foraoisí agus an talamh talmhaíochta breis is 75 % den Aontas Eorpach. Is féidir le hithreacha, le plandaí, le crainn agus leis an ábhar orgánach a thagann uathu (bithmhais), a chumhdaíonn an ceantar mór fairsing seo, stoic mhóra charbóin a ghabháil agus a stóráil.
-
Is féidir le gníomhaíochtaí amhail dífhoraoisiú, treabhadh agus draenáil, GCTanna a ligean amach san atmaisféar nuair a chuirtear isteach ar na stoic charbóin a stóráiltear i bhforaoisí, san ithir agus i mbogaigh.
-
Is tábhachtach é, mar sin, an earnáil seo a chur san áireamh i dtomhais laghdaithe astaíochtaí an Aontais Eorpaigh.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
LUCUCF (talamhúsáid, athrú sa talamhúsáid agus foraoiseacht): téarma faoina gcumhdaítear astaíochtaí GCTa théann isteach san atmaisféar agus carbón a bhaint den atmaisféar a thagann ó úsáid ithreacha, crann, bithmhaise agus adhmaid.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh Uimh. 529/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le rialacha cuntasaíochta a bhaineann le hastaíochtaí gáis cheapa teasa agus le hasbhaintí a leanann as gníomhaíochtaí i ndáil le talamhúsáid, le hathrú sa talamhúsáid agus le foraoiseacht agus maidir le faisnéis i ndáil le gníomhartha a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin (IO L 165, 18.6.2013, lgh. 80–97)
Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 30.08.2016
Top