Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Fuinneamh Gorm — fuinneamh in-athnuaite na n-aigéan

Fuinneamh Gorm — fuinneamh in-athnuaite na n-aigéan

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (AE (2014) 8 final) — Fuinneamh Gorm — Gníomhaíocht de dhíth chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa faoi 2020 agus ina dhiaidh sin

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Déantar breac-chuntas inti ar phlean gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh (AE) chun leas a bhaint as acmhainneacht na mara agus na n-aigéan mar fhoinsí fuinnimh ghlain.
  • Leagtar amach inti gníomh chun acmhainneacht eacnamaíoch agus chomhshaoil fhuinneamh in-athnuaite na n-aigéan a nochtadh, agus tá sí ceaptha le cur le spriocanna um laghdú gás ceaptha teasa AE agus le Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá roinnt dúshlán ann, nach mór aghaidh a thabhairt orthu, lena gcuirtear bac ar fhás earnáil fhuinneamh na n-aigéan. Áirítear orthu sin:

  • costas ard na teicneolaíochta;
  • an gá le heangach cumhachta leictreachais AE a leathnú;
  • nósanna imeachta casta um cheadúnú;
  • an gá le taighde am-íditheach a dhéanamh ar tionchair chomhshaoil; agus
  • deacair maoiniú a rochtain (tacaíocht laghdaithe deontas agus ioncaim).

Beidh cláir reatha amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach um Thaighde san Fhuinneamh, Ocean Energy ERA-NET agus Fís 2020 tábhachtach maidir le méideanna arda leictreachas ísealcharbóin chuig an Eoraip óna farraigí agus óna haigéin a éascú.

Beartaítear dhá chéim ghníomhaíochta sa teachtaireacht chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan:

Is é is aidhm leis an gcéad chéim, ó 2014 go 2016 iad seo a leanas a bhunú:

  • fóram ina dtugtar aghaidh ar cheisteanna teicneolaíocha, riaracháin agus comhshaoil maidir le hearnáil fhuinneamh in-athnuaite na n-aigéan a fhorbairt; agus
  • treochlár straitéiseach ina leagtar amach spriocanna soiléire d’fhorbairt thionsclaíoch agus tréimhse ama chun iad a bhaint amach.

Is é is aidhm leis an dara céim, ó 2017 go 2020:

  • tionscnaimh chun infheistíocht a mhealladh i bhfuinneamh in-athnuaite na n-aigéan a bhunú; agus
  • treoirlínte sainiúil don earnáil a bhunú chun an reachtaíocht ábhartha a chur chun feidhme.

Léirítear go soiléir leis an bhfás le blianta beaga anuas in earnáil an fhuinnimh ghaoithe agus in earnáil an ghrianfhuinnimh gur féidir na dreasachtaí a sholáthar a theastaíonn ón tionscal le torthaí a sheachadadh nuair a chuirtear an beartas agus an maoiniú cuí ar fáil.

CÚLRA

Tá acmhainneacht ollmhór ag fuinneamh na n-aigéan. Tá roinnt teicneolaíochtaí éagsúla ann chun leas a bhaint as an acmhainneacht sin ó thonnta, sruthanna taoide, cumhacht na gaoithe amach ón gcósta agus tiontú difríochtaí i dteocht agus i salandacht go leictreachas.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Fuinneamh Gorm — Gníomhaíocht de dhíth chun leas a bhaint as acmhainneacht fhuinneamh na n-aigéan i bhfarraigí agus in aigéin na hEorpa faoi 2020 agus ina dhiaidh sin (COM (2014) 8 final, 20.1.2014)

Nuashonraithe 11.10.2016

Top