EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bailiú staitisticí ráithiúla neamhairgeadais i gcomhair rialtais ag tíortha AE

Bailiú staitisticí ráithiúla neamhairgeadais i gcomhair rialtais ag tíortha AE

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1221/2002 maidir le cuntais neamhairgeadais ráithiúla i gcomhair rialtais ghinearálta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Sainítear ann na príomhchatagóirí cuntas poiblí neamhairgeadais, mar atá leagtha amach in CEC 95, nach mór d’oifigí staidrimh thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) sonraí ina leith a chur chuig an gCoimisiún Eorpach (Eurostat) gach 3 mhí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Clúdaítear caiteachas agus ioncam rialtais ghinearálta araon sna sonraí ráithiúla.
  • De réir Eurostat, tá ceithre fho-earnáil sa rialtas ginearálta:
    • rialtas láir;
    • státrialtas;
    • rialtas áitiúil; agus
    • cistí slándála sóisialta.
  • Caiteachas:
    • tomhaltas idirmheánach*;
    • ollfhoirmiú caipitil*;
    • ollfhoirmiú caipitil sheasta*;
    • luach saothair fostaithe*;
    • cánacha eile ar tháirgeadh;
    • fóirdheontais;
    • ioncam ó mhaoin;
    • ús;
    • cánacha ar ioncam agus ar rachmas;
    • aistrithe sóisialta* agus aistrithe eile a chuirtear ar fáil do theaghlaigh;
    • deontas infheistíochta agus aistrithe caipitil eile.
  • Ioncam:
    • aschur margaidh (gach táirge a dhéantar a dhiúscairt ar an margadh nó atá ceaptha lena dhiúscairt ar an margadh) agus íocaíochtaí eile i leith aschur rialtais);
    • cánacha: ar tháirgeadh agus allmhairí, ar ioncam agus rachmas, cánacha caipitil;
    • fóirdheontais eile ar tháirgeadh;
    • ioncam ó mhaoin;
    • ranníocaíochtaí sóisialta iarmhír agus barúlacha (áit gurb ionann ranníocaíochtaí “barúlacha” agus ranníocaíochtaí sóisialta arna n-íoc ag fostóirí thar ceann a bhfostaithe);
    • aistrithe reatha eile;
    • deontas infheistíochta agus aistrithe caipitil eile.
  • Chlúdaigh na chéad sonraí a tarchuireadh faoin reachtaíocht an chéad ráithe de 2002. Bhíodh rialacha idirthréimhseacha i bhfeidhm roimhe sin ó thús 1999.
  • Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • na sonraí a sheachadadh tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis dheireadh na ráithe lena mbaineann;
    • Eurostat a chur ar an eolas faoi na foinsí agus na modhanna a úsáideadh chun na sonraí a thiomsú.
  • Ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm aige ón 29 Iúil 2002.

CÚLRA

Faoi chóras Eorpach na gcuntas náisiúnta agus réigiúnach, dá ngairtear CEC 95 (a bhfuil CEC 2010 curtha ina ionad anois), bailítear faisnéis atá inchomparáide, cothrom le dáta agus iontaofa ar struchtúr agus forbairtí na ngeilleagar náisiúnta agus réigiúnach in AE.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tomhaltas idirmheánach: coincheap lena dtomhaistear luach na n-earraí agus na seirbhísí arna dtomhailt mar ionchuir i bpróisis táirgthe.
Ollfhoirmiú caipitil: luach iomlán an ollfhoirmithe caipitil sheasta, athruithe ar fhardail agus éadálacha lúide diúscairtí earraí luachmhara.
Ollfhoirmiú caipitil sheasta: fáltais sócmhainní seasta nua agus sócmhainní seasta atá ann cheana, amhail réadmhaoin, gléasra nó trealamh, caiteachas ar fheabhsúchán talún agus ar thógáil foirgneamh.
Luach saothair fostaithe: luach comhlán iomlán na dtuarastal (roimh cháin) agus ranníocaíochtaí sóisialta na bhfostóirí a íocann fostóirí le fostaithe as ucht obair a rinneadh.
Aistrithe sóisialta: cúnamh sóisialta ó chomhlachtaí poiblí agus comhlachtaí cathartha do dhaoine atá ag maireachtáil i mbochtaineacht nó i mbaol bochtaineachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1221/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le cuntais neamhairgeadais ráithiúla i gcomhair rialtais ghinearálta (IO L 179, 9.7.2002, lgh. 1-5)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1221/2002 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 27.02.2017

Top