Comhar AE san oideachas agus san oiliúint — tosaíochtaí 2016-2020
ACHOIMRE AR:
Tuarascáil chomhpháirteach 2015 maidir le cur i bhfeidhm agus tosaíochtaí nua le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint
CAD IS AIDHM LEIS AN TUARASCÁIL?
-
Cuirtear san áireamh inti an dul chun cinn atáthar a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) ag lár téarma agus leagtar síos tosaíochtaí nua le haghaidh 2016-2020.
PRÍOMHPHOINTÍ
Bunaíodh ET 2020 in 2009 trí bhíthin Chonclúidí na Comhairle agus ceithre chuspóir shonracha leis:
-
an fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht a chur i gcrích do chách;
-
cáilíocht agus éifeachtúlacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú;
-
cothromas, comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn; agus
-
an chruthaitheacht agus an nuálaíocht a fheabhsú, lena n-áirítear fiontraíocht, ag gach leibhéal den oideachas agus den oiliúint.
Athdhearbhaítear na cuspóirí sin i dtuarascáil chomhpháirteach 2015 arna hullmhú ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún Eorpach agus leagtar síos sé réimse tosaíochta don tréimhse 2016-2020, agus saincheisteanna nithiúla a gcaithfear dul i ngleic leo laistigh de gach réimse á n-aithint:
-
1.
Scileanna agus inniúlachtaí ábhartha agus ar ardchaighdeán, ag díriú ar thorthaí i gcomhair infhostaitheachta, nuálaíochta agus na saoránachta gníomhaí
I measc na bpríomhcheisteanna a bhaineann le comhar tá siad seo a leanas:
-
gnóthachtáil íseal a laghdú in inniúlachtaí bunúsacha;
-
forbairt tras-scileanna agus príomh-inniúlachtaía neartú;
-
straitéisí d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil a chothú;
-
rochtain a fheabhsú ar oideachas luathóige d’ardchaighdeán agus cúram, go háirithe do dhaoine faoi mhíbhuntáiste.
-
2.
Oideachas ionchuimsitheach, comhionannas, cothromas, neamh-idirdhealú agus inniúlachtaí sibhialta a chur chun cinn
I measc na bpríomhcheisteanna a bhaineann le comhar tá siad seo a leanas:
-
dul i ngleic le héagsúlacht foghlaimeoirí agus bearnaí inscne;
-
cuidiú le himircigh teanga an teagaisc agus na fostaíochta a fhoghlaim;
-
inniúlachtaí sibhialta, idirchultúrtha agus sóisialta a chur chun cinn agus smaointeoireacht chriticiúil a fheabhsú.
-
3.
Oideachas agus oiliúint oscailte agus nuálach, lena n-áirítear glacadh go hiomlán leis an ré dhigiteach
I measc na bpríomhcheisteanna a bhaineann le comhar tá siad seo a leanas:
-
Oideolaíochtaí nuálacha agus gníomhacha a phríomhshruthú;
-
inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt agus acmhainní oideachais oscailte agus digiteacha a chur chun cinn;
-
comhar a chothú idir institiúidí oideachais agus pobail áitiúla;
-
sineirgí a mhéadú idir oideachas, taighde agus nuálaíocht.
-
4.
Tacaíocht láidir do mhúinteoirí, lucht oiliúna, ceannairí scoile agus foirne oideachais eile
I measc na bpríomhcheisteanna a bhaineann le comhar tá siad seo a leanas:
-
tarraingteacht agus stádas lucht gairme teagaisc a mhéadú;
-
earcaíocht, roghnú agus ionduchtú na n-iarrthóirí is oiriúnaí a neartú;
-
tacú le forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí agus barr feabhas sa teagasc.
-
5.
Trédhearcacht agus aithint scileanna agus cáilíochtaí d’fhonn foghlaim agus soghluaisteacht saothair a éascú
I measc na bpríomhcheisteanna a bhaineann le comhar tá siad seo a leanas:
-
trédhearcacht, dearbhú cáilíochta, bailíochtú a chothú agus scileanna agus cáilíochtaí a aithint dá réir sin;
-
tacú le soghluaisteacht scoláirí agus idirnáisiúnú an ardoideachais agus an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a mhéadú trí chomhpháirtíochtaí straitéiseacha agus cúrsaí comhpháirteacha.
-
6.
Infheistíocht inbhuanaithe, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras oideachais agus oiliúna
I measc na bpríomhcheisteanna a bhaineann le comhar tá siad seo a leanas:
-
tíortha AE a spreagadh chun leas a bhaint as fianaise chun beartais a fhaire agus athchóirithe a dhearadh;
-
bealaí nuálacha a chur chun cinn lena chinntiú go ndéanfar infheistíocht inbhuanaithe in oideachas agus in oiliúint;
-
iniúchadh a dhéanamh ar an gcumas atá ag an bplean infheistíochta don Eoraip i réimse an oideachais agus na hoiliúna.
CÚLRA
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Tuarascáil Chomhpháirteach 2015 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur i bhfeidhm an chreata straitéisigh le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) — Tosaíochtaí nua maidir le comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (IO C 417, 15.12.2015, lgh. 25-35)
DOICIMÉAD GAOLMHAR
Conclúidí na Comhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020) (IO C 119, 28.5.2009, lgh. 2-10)
Nuashonraithe 23.02.2017
Top