EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faireachas eacnamaíoch ar thíortha limistéar an euro a bhfuil deacrachtaí buiséadacha acu

Faireachas eacnamaíoch ar thíortha limistéar an euro a bhfuil deacrachtaí buiséadacha acu

Dearadh an rialachán seo chun faireachas eacnamaíoch agus buiséadach a spreagadh a dhéantar ar thíortha limistéar an euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.

ACHOIMRE

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm i mí na Bealtaine 2013 agus cuireann sé le rialacha reatha an Aontais Eorpaigh (AE) a bhaineann le faireachas buiséadach agus maicreacnamaíoch.

Cuirtear an rialachán i bhfeidhm ar na Ballstáit AE ina n-úsáidtear an euro mar airgeadra (a dtugtar tíortha limistéar an euro orthu), a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha buiséadacha os a gcomhair a d’fhéadfadh éagobhsaíocht airgeadais a spreagadh. Mar shampla, b’fhéidir go bhfuil sé deacair ar na tíortha a bhfiachas náisiúnta a laghdú chuig leibhéil inbhuanaithe nó iasachtaí ar phraghas réasúnta a fháil. An príomhchuspóir ná cobhsaíocht limistéar an euro a áirithiú trí éifeachtaí diúltacha féideartha ar thíortha eile limistéar an euro a sheachaint.

Cuirtear é i bhfeidhm mar sin ar thíortha limistéar an euro a chuireann iarratas isteach ar chúnamh airgeadais nó a fhaigheann cúnamh airgeadais ó Bhallstáit AE, ó thíortha neamh-AE, ó mheicníochtaí cobhsaíochta AE nó ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta.

Clúdaítear trí chineál dlúthfhaireachais sa rialachán:

1.

Faireachas feabhsaithe/atreisithe: cuirtear é seo i bhfeidhm ar thír limistéar an euro a bhfuil deacrachtaí buiséadacha aici nuair a bhfuil baol ann go gcuirfeadh tionchair dhiúltacha isteach ar thíortha eile limistéar an euro (toisc idirthuilleamaíocht a gcuid margaí, le haghaidh caipitil ach go háirithe). Sa chás seo, tugann tír limistéar an euro lena mbaineann faisnéis bhreise don Choimisiún maidir lena buiséad. Téann an tír i mbun oibre leis an Choimisiún ansin chun bealaí a aimsiú lenar féidir airgeadas poiblí na tíre a fheabhsú. Is féidir leis an Choimisiún cinneadh a dhéanamh gach sé mhí faoi cibé an leanfar nó nach leanfar ar aghaidh leis an chomhar sin.

2.

Clár coigeartaithe maicreacnamaíoch: cuirtear an clár seo i bhfeidhm ar na tíortha a fhaigheann cúnamh airgeadais (m.sh. iasachtaí). Baineann coinníollacha de ghnáth leis an chúnamh airgeadais a íoc amach leis an tír limistéar an euro lena mbaineann. Ní mór go mbeadh na coinníollacha seo i gcomhréir leis an chlár coigeartaithe maicreacnamaíoch, clár a cheadaítear ag an Chomhairle tar éis togra a fháil ón tír lena mbaineann. An cuspóir anseo ná cabhrú leis an tír limistéar an euro feabhas a chur ar a cuid airgeadais phoiblí freisin.

3.

Faireachas iarchláir: tar éis do thráinsí uile an chúnaimh airgeadais a bheith íoctha amach, déantar faireachas iarchláir ar an tír limistéar an euro lena mbaineann (go dtí go mbeidh 75 % den chúnamh airgeadais ar a laghad aisíoctha). Sa chás seo, tugann an Coimisiún cuairt go rialta ar an tír lena mbaineann, agus idirchaidreamh á dhéanamh aige leis an Bhanc Ceannais Eorpach. Tugann an tír sin tuairisc don Choimisiún faoin mhéid atá á dhéanamh aici chuig a chuid airgeadais phoiblí a fheabhsú. Más gá, is féidir leis an Choimisiún moladh a thabhairt don Chomhairle gur cheart go nglacfaí le bearta breise sa tír lena mbaineann.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013

30.5.2013.

-

IO L 140, 27.5.2013

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 877/2013 ón Choimisiún an 27 Meitheamh 2013 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 244, 13.9.2013).

Teachtaireacht ón Choimisiún maidir le dá liosta d’ionstraimí cúnaimh airgeadais faoi Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 (IO C 300, 16.10.2013).

Nuashonrú is déanaí: 04.04.2014

Top