Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh: athbhreithniú reatha ar an dul chun cinn

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Straitéis bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh: athbhreithniú reatha ar an dul chun cinn

ACHOIMRE AR:

An t-athbhreithniú lár téarma ar straitéis bithéagsúlachta AE go 2020 — COM(2015) 478 final

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TUARASCÁIL?

Soláthraítear athbhreithniú lár téarma inti ar an dul chun cinn atá déanta maidir le straitéis bithéagsúlachta AE go 2020 a chur chun feidhme. Is é an cuspóir réimsí ina bhfuil gá le méadú ar iarrachtaí a chur in iúl do chinnteoirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar chun suntais sa tuarascáil go bhfuil caillteanas na bithéagsúlachta agus díghrádú seirbhísí éiceachórais ag leanúint ar aghaidh in AE agus ar fud an domhain ó bhí 2010 ann, in ainneoin go ndearnadh roinnt dul chun cinn tábhachtach i mbeartais, gur cuireadh feabhas ar eolas agus gur éirigh le neart gníomhartha caomhnuithe ar leibhéal áitiúil. Tá impleachtaí suntasacha aige sin maidir le cumas na n-éiceachóras freastal ar riachtanais an duine sa todhchaí.

Déantar measúnú sa tuarascáil ar an dul chun cinn i dtreo gach ceann de na sé sprioc oibriúcháin faoi mar a leanas:

Sprioc 1: reachtaíocht AE um dhúlra a chur chun feidhme go hiomlán

  • Natura 2000 beagnach curtha i gcrích le haghaidh gnáthóga talún agus leathnaíodh é i limistéir mhuirí. Tá méadú beag tagtha ar líon na speiceas agus na ngnáthóg ag a bhfuil stádas “feabhsaithe”, ach tá a lán díobh fós nach bhfuil acu ach stádas “neamhfhabhrach” agus tá cuid díobh meathlaithe tuilleadh. Is iad na príomhdhúshláin go dtí 2020 ná cur i gcrích líonra muirí Natura 2000 agus bainistíocht agus maoiniú éifeachtach a chinntiú chun tacú le Natura 2000.

Sprioc 2: éiceachórais agus a seirbhísí a chothabháil agus a athchóiriú

  • Tá feabhas ag teacht ar an mbonn eolais agus bunaíodh creataí beartais tábhachtacha. Áirítear ar na príomhdhúshláin go dtí 2020 córais náisiúnta agus réigiúnacha maidir le hathchóiriú na n-éiceachóras a fhorbairt agus a chur chun feidhme (i.e. cuidiú le héiceachórais a bhfuil damáiste déanta dóibh nó a scriosadh a athshlánú) agus le haghaidh bonneagar glas, agus a chinntiú nach dtarlóidh glanchaillteanas ar bith den ghnáthbhithéagsúlacht.

Sprioc 3A: talmhaíocht inbhuanaithe

  • I measc na mbrúnna is mó ar an mbithéagsúlacht tá dianchleachtais feirmeoireachta agus tréigeadh talún, chomh maith le sraoilleáil uirbeach agus bonneagar de dhéantús an duine. Soláthraítear sa chomhbheartas talmhaíochta (CAP) do 2014–2020 raon ionstraimí éifeachtúla féideartha chun an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú. Ní mór do thíortha AE na hionstraimí sin a úsáid chun AE a chur ar an mbóthar ceart leis an sprioc seo a bhaint amach.

Sprioc 3B: foraoiseacht inbhuanaithe

  • Tá méadú beag tagtha ar limistéar foraoise AE ach níl comharthaí ar bith ann go bhfuil feabhas ag teacht ar stádas caomhantais na ngnáthóg agus na speiceas foraoise atá cumhdaithe faoi reachtaíocht AE um dhúlra. D’fhéadfadh ról dearfach tábhachtach a bheith ag pleananna bainistíochta foraoise nó ionstraimí coibhéiseacha maidir leis an sprioc a bhaint amach, ach ní bhaintear leas as a n-acmhainneacht den chuid is mó.

Sprioc 4: iascach inbhuanaithe

  • Tá bearta tugtha isteach ag AE maidir le hiascach inbhuanaithe (an comhbheartas iascaigh) agus le haghaidh dea-stádas comhshaoil (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí). Bhí an cur chun feidhme an-mhíchothrom ar fud AE agus tá mórdhúshláin ann fós, go háirithe sna farraigí theas. Mar thoradh ar ilbhrúnna ó scriosadh gnáthóg, róshaothrú, truailliú, athrú aeráide agus aigéadú (i.e. nuair a ionsúitear dé-ocsaíd charbóin isteach san fharraige, imoibríonn sé leis an uisce, agus táirgtear aigéad), leantar den mhaolú ar speicis mhuirí agus ar éiceachórais i bhfarraigí na hEorpa.

Sprioc 5: dul i ngleic le speicis choimhthíocha ionracha

  • Faoi láthair, tá AE ar an mbóthar ceart maidir le dul i ngleic leis an sprioc seo de bharr gur glacadh an Rialachán maidir le Speicis Choimhthíocha Ionracha (SCI) in 2014. Tá obair ar bun chun an chéad liosta SCI a bhaineann le AE a mholadh. Maidir leis na chéad chéimeanna ríthábhachtacha eile beidh ar thíortha AE gníomhartha cur chun feidhme a dhéanamh. Beidh dul chun cinn i réimsí eile fíorthábhachtach — ach go háirithe daingniú an Choinbhinsiúin um Uisce Ballasta.

Sprioc 6: cuidiú le caillteanas na bithéagsúlachta domhanda a sheachaint

Conclúidí

  • Is é tátal na tuarascála nach féidir spriocanna 2020 a bhaint amach ach le hiarrachtaí cur chun feidhme agus forfheidhmiúcháin a bheidh níos láidre agus níos uaillmhianaí agus le comhtháthú níos éifeachtúla agus raon níos leithne beartas. Trí chuspóirí bithéagsúlachta a bhaint amach féadfar cur leis an gclár oibre um fhás agus um poist, leis an tslándáil bhia agus uisce, le cáilíocht na beatha agus le cur chun feidhme chlár oibre domhanda 2030 i dtaobh forbairt inbhuanaithe.

CÚLRA

Tá an bhithéagsúlacht, an éagsúlacht uathúil beatha, riachtanach do gheilleagar agus d’fholláine AE. Cuirtear seirbhísí riachtanacha ar fáil léi amhail aer agus uisce glan, bia, ábhair, cógais, sláinte agus fóillíocht, pailniú agus torthúlacht na hithreach, chomh maith le cosaint ó dhrochaimsir agus ón athrú aeráide.

Ach tá athruithe ar an mbithéagsúlacht arna spreagadh ag an duine ag tarlú níos gasta le 50 bliain anuas ná a tharla ag tráth ar bith riamh i stair an duine. Is é sin an fáth ar ghlac AE a straitéis bithéagsúlachta, arb é an phríomhsprioc léi deireadh a chur le caillteanas na bithéagsúlachta agus le díghrádú na seirbhísí éiceachórais in AE faoi 2020, agus ag an am céanna méadú a dhéanamh ar chion AE le caillteanas an bithéagsúlachta domhanda a sheachaint.

GNÍOMH

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Athbhreithniú lár téarma ar straitéis bithéagsúlachta AE go dtí 2020 (COM(2015) 478 final an 2.10.2015)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún — Ár n-árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bithéagsúlachta AE go 2020 (COM(2011) 244 leagan deireanach an 3.5.2011)

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin: Measúnú AE ar an dul chun cinn maidir le Straitéis Bithéagsúlachta AE go dtí 2020 a chur chun feidhme — Ag gabháil leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, an tAthbhreithniú Lár Téarma ar Straitéis Bithéagsúlachta AE go 2020 — Ár n-árachas saoil, ár gcaipiteal nádúrtha: straitéis bithéagsúlachta AE go 2020 (SWD(2015) 187 final an 2.10.2015)

Nuashonraithe 12.01.2016

Top