EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An tAontas Eorpach agus an Íoslainn: soiléiriú ar rialacha áirithe a bhaineann le trádáil (bearta cosanta)

An tAontas Eorpach agus an Íoslainn: soiléiriú ar rialacha áirithe a bhaineann le trádáil (bearta cosanta)

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/475 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus an Íoslainn

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

  • Déantar ann códú agus aisghairm ar an sean-Rialachán (CEE) 2843/72 a ndearnadh leasuithe móra air roinnt uaireanta.
  • Leagtar amach ann na rialacha mionsonraithe is gá chun na bearta cosanta* déthaobhacha atá leagtha síos sa Chomhaontú Saorthrádála an 22 Iúil 1972 idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Íoslainn a chur chun feidhme.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta cosanta a ghlacadh má chomhlíontar na coinníollacha riachtanacha.

Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún Eorpach bearta cosanta agus réamhchúraim infheidhme a ghlacadh láithreach i gcásanna práinne, e.g. i gcás cabhracha d’onnmhairí a bhfuil éifeacht dhíreach agus láithreach acu ar thrádáil.

I gcás ina n-iarrann tír AE ar an gCoimisiún gníomh a dhéanamh, ní mór dó cinneadh a ghlacadh maidir leis an iarratas sin laistigh d’uastréimhse 5 lá oibre ó fhaightear é.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Cuireadh an rialachán i bhfeidhm an 16 Aibreán 2015.

CÚLRA

Tá caidrimh trádála idir an tAontas Eorpach agus an Íoslann á rialú den chuid is mó ag Comhaontú Saorthrádála déthaobhach 1972 le CEE agus comhaontú an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 1994.

PRÍOMHTHÉARMA

* Bearta cosanta: tugtar isteach na bearta seo nuair a bhaineann an Coimisiún Eorpach de thátal as imscrúdú gur mhéadaigh allmhairí an oiread is go gcuireann siad faoi deara (nó go mbagraíonn siad a bheith ina gcúis le) díobháil thromchúiseach a dhéanamh do tháirgeoirí de chuid AE. Is bearta sealadacha iad, amhail cuótaí, a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairí d’fhonn am a thabhairt do thionscal AE aon athruithe is gá a dhéanamh.

GNÍOMH

Rialachán (AE) 2015/475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta cosanta dá bhforáiltear sa Chomhaontú idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Poblacht na hÍoslainne (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 1-5)

Nuashonraithe 31.03.2016

Top