Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh ag an Chomhairle

Comhaontú Idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe atá i seilbh ag an Chomhairle

Leagtar amach sa chomhaontú seo idir an dá institiúid an chaoi ar ceart faisnéis íogair nó rúnaicmithe a rochtain nó a láimhseáil, faisnéis a roinneann an Chomhairle leis an Pharlaimint.

ACHT

Comhaontú Idirinstitiúideach an 12 Márta 2014 idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle maidir le faisnéis rúnaicmithe a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus a láimhseáil aici atá i seilbh ag an gComhairle i ndáil le cúrsaí nach cúrsaí iad a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN COMHAONTÚ?

Leagtar amach sa téacs rochtain ar an fhaisnéis rúnaicmithe a fhaigheann Parlaimint na hEorpa (PE) ón Chomhairle agus láimhseáil na faisnéise sin. Bíonn feidhm ag an chomhaontú i gcásanna ina mbíonn PE ina comhreachtóir, nó nuair is gá dul i gcomhairle le PE nó toiliú a fháil uaithi. Cuimsítear sa chomhaontú na comhaontuithe idirnáisiúnta nach mbaineann go heisiach le comhbheartas eachtrach agus slándála AE, le gníomhaíochtaí, le tuarascálacha measúnaithe ná le doiciméid eile a gcuirfear PE ar an eolas fúthu, ná le doiciméid faoi ghníomhaíochtaí na ngníomhaireachtaí AE a ghlacann PE páirt i measúnú nó i ngrinnscrúdú orthu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear sa chomhaontú faisnéis rúnaicmithe AE a bhfuil ceann de na comharthaí rúnaicmithe slándála seo a leanas curtha léi:

  • EU RESTRICTED;
  • EU CONFIDENTIAL;
  • EU SECRET;
  • EU TOP SECRET.

Baineann sé chomh maith le faisnéis rúnaicmithe ó Bhallstát AE nó ó thír neamh-AE nó ó eagraíocht idirnáisiúnta, faisnéis lena mbaineann aicmiú slándála arb ionann é agus ceann de na haicmithe thuas.

Bíonn feidhm ag coinníollacha áirithe:

  • Ní mór go gcosnódh PE an fhaisnéis rúnaicmithe de réir a rialacha slándála féin, rialacha arb ionann iad agus rialacha na Comhairle. Ní ceadmhach leas a bhaint as faisnéis dá leithéid ach amháin chun na críocha a ndearnadh rochtain uirthi. Ní mór cead scríofa a fháil ón Chomhairle sular féidir faisnéis dá leithéid a nochtadh do dhaoine neamhúdaraithe, a chur ar fáil go poiblí, nó a roinnt le hinstitiúidí AE eile, le Ballstáit AE, le tíortha neamh-AE nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
  • Tugtar cead d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) faisnéis a rochtain bunaithe ar an leibhéal aicmithe slándála. Ní mór grinnfhiosrúchán slándála a bheith déanta orthu agus údarú faighte acu ó Uachtarán na Parlaiminte. I gcásanna áirithe, féadfar cead rochtana a thabhairt do na FPEanna a shínigh ráiteas um neamhnochtadh. Ní mór grinnfhiosrúchán slándála a dhéanamh ar oifigigh áirithe agus ní thugtar cead rochtana do na hoifigigh sin ach amháin ar bhonn riachtanais eolais;
  • Ní mór go gclárófaí faisnéis dá leithéid ionas gur féidir úsáideoirí na faisnéise a rianú, ní mór go stórálfaí i limistéar daingnithe í agus nach rachfaí i gcomhairle léi ach amháin i seomra léitheoireachta daingnithe nó in áitreabh na Parlaiminte;
  • Ní ceadmhach d’úsáideoirí fótachóip nó grianghraf a dhéanamh den inneachar, nótaí a dhéanamh nó gléasanna leictreonacha a thabhairt isteach sa seomra;
  • Duine ar bith a chailleann faisnéis rúnaicmithe nó a bhaineann mí-úsáid aisti, féadfar gníomh smachtaithe agus/nó caingean dlí a thabhairt ina choinne.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN CHOMHAONTÚ

Síníodh an comhaontú an 12 Márta 2014 agus cuireadh i bhfeidhm é an 1 Aibreán 2014.

AN CÚLRA

Buíochas leis an chomhaontú, cinntítear go ndéantar an fhaisnéis rúnaicmithe, a theastaíonn ó PE chun a cuid dualgas a chur i gcrích, a láimhseáil ar bhealach daingean freagrach agus de réir na rialacha slándála reatha. Ina theannta sin, cinntítear go gcaitear go comhionann le faisnéis rúnaicmithe thar raon na n-institiúidí AE.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Comhaontú Idirinstitiúideach

1.4.2014

-

IO C 95, 1.4.2014

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 15 Aibreán 2013 maidir leis na rialacha lena rialaítear an chaoi a chaitheann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (Iris Oifigiúil C 96, an 1 Aibreán 2014, lch. 1).

Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 6 Meitheamh 2011 maidir leis na rialacha lena rialaítear an chaoi a chaitheann Parlaimint na hEorpa le faisnéis rúnda (Iris Oifigiúil C 190, an 30 Meitheamh 2011, lch. 2).

23.09.2014

Top