This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU Executive Agency for Small and Medium-sized Enterprises
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide de chuid AE
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide de chuid AE
This summary has been archived and will not be updated. See 'Cláir AE — gníomhaireachtaí' for an updated information about the subject.
An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide de chuid AE
Cuireadh an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide ar bun ag an Choimisiún Eorpach chun sraith clár, ar mhaithe le gnóthas beag, a bhainistiú.
ACHT
Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/771/AE ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/20/CE agus Cinneadh 2007/372/CE.
ACHOIMRE
Déanann ranna an Choimisiúin Eorpaigh beartais a fhoirmiú sna réimsí as a bhfuil siad freagrach, agus cuirtear de dhualgas ar ghníomhaireachtaí amhail an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide (EASME) na cláir a mhaoinítear ag an Choimisiún Eorpach sna réimsí seo a bhainistiú.
Is iad príomhthascanna EASME ná:
Tá EASME freagrach as na cláir seo a leanas a bhainistiú:
Tá an ghníomhaireacht atá lonnaithe sa Bhruiséil freagrach chomh maith as an tSeachtain Eorpach um Fhuinneamh Inbhuanaithe a reáchtáil.
Cuireadh EASME in ionad na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin um Iomaíochas agus Nuálaíocht, cinneadh a bheidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2024.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Cinneadh 2013/771/AE |
19.12.2013 |
- |
IO L 341, 18.12.2013, lgh. 73-76 |
ACHTANNA GAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht chun cúram áirithe a chur ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir an Chomhphobail a bhainistiú. (IO L 11, an 16 Eanáir 2003, lgh. 1-8).
Rialachán (CE) Uimh. 1653/2004 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2004 maidir le rialachán caighdeánach airgeadais le haghaidh gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de bhun Rialacháin (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle lena leagtar síos an reacht chun cúram áirithe a chur ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin maidir le cláir an Chomhphobail a bhainistiú (IO L 297, an 22 Meán Fómhair 2004, lgh. 6-16).
Nuashonrú is déanaí: 23.07.2014