This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 4c0e5750-caba-11ee-95d9-01aa75ed71a1
Commission Delegated Regulation (EU) 2022/2292 of 6 September 2022 supplementing Regulation (EU) 2017/625 of the European Parliament and of the Council with regard to requirements for the entry into the Union of consignments of food-producing animals and certain goods intended for human consumption (Text with EEA relevance)Text with EEA relevance
Consolidated text: Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE
02022R2292 — GA — 18.12.2023 — 002.001
Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2292 ÓN gCOIMISIÚN an 6 Meán Fómhair 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 304 24.11.2022, lch. 1) |
Arna leasú le:
|
|
Iris Oifigiúil |
||
Uimh |
Leathanach |
Dáta |
||
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/1149 ÓN gCOIMISIÚN an 5 Aibreán 2023 |
L 152 |
1 |
13.6.2023 |
|
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/2652 ÓN gCOIMISIÚN an 15 Meán Fómhair 2023 |
L |
1 |
28.11.2023 |
Arna cheartú le:
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2292 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Meán Fómhair 2022
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais a bhaineann le coinsíneachtaí bia-ainmhithe áirithe agus earraí áirithe, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
CAIBIDIL I
RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Cumhdófar leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 1:
sainaithint bia-ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine faoi réir na gceanglas seo a leanas maidir le teacht isteach san Aontas:
an ceanglas go dtiocfaidh na bia-ainmhithe sin agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ó thríú tír nó ó réigiún díobh a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 126(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625;
an ceanglas go ndéanfar na bia-ainmhithe sin agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine a sheoladh ó bhunaíochtaí, a fháil nó a ullmhú i mbunaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2017/625, nó a chomhlíonann ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, agus atá luaite ar na liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), le pointe (e)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2017/625;
an ceanglas go mbeadh deimhniú oifigiúil nó fianú oifigiúil nó aon fhianaise eile ar chomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625 ag gabháil le gach coinsíneacht bia-ainmhithe agus earraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, amhail fianú príobháideach, i gcomhréir le hAirteagal 126(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2017/625;
ceanglais maidir le teacht isteach bia-ainmhithe agus earraí áirithe san Aontas atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ó thríú tír nó ó réigiún díobh, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625;
na ceanglais go ndéanfar na bia-ainmhithe sin agus earraí áirithe a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine a sheoladh ó bhunaíochtaí, a fháil nó a ullmhú i mbunaíochtaí a chomhlíonann na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2017/625, nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad, agus atá luaite ar na liostaí arna dtarraingt suas agus arna dtabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), le pointe (e)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2017/625;
ceanglais maidir le teacht isteach san Aontas chun na tráchtearraí sonracha seo a leanas a chur ar an margadh de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 126 de Rialachán (AE) 2017/625:
feoil úr, feoil mhionaithe, ullmhóidí feola, táirgí feola, feoil díchnámhaithe go meicniúil agus amhábhair atá beartaithe chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh;
moilisc dhébhlaoscacha bheo, eicínideirmigh bheo, túinicigh bheo agus gastrapóid mhuirí bheo;
táirgí iascaigh;
táirgí ilchodacha;
ceanglais bhreise maidir leis na deimhnithe oifigiúla, na fianuithe oifigiúla agus na fianuithe príobháideacha a bheidh ag gabháil le bia-ainmhithe agus le hearraí áirithe atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine teacht isteach san Aontas;
ceanglais maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe agus a n-iarmhair agus maidir le leibhéil éilleán agus iarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus i dtáirgí ilchodacha, i gcás ina dtagann na bia-ainmhithe sin, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ó thríú tíortha agus go bhfuil sé beartaithe iad a chur ar mhargadh an Aontais, agus go bhfuil gá leis na ceanglais sin chun a áirithiú go soláthraíonn na bia-ainmhithe sin, na táirgí de bhunadh ainmhíoch sin agus na táirgí ilchodacha sin leibhéal cosanta do shláinte an duine atá coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear i rialacha ábhartha an Aontais maidir le sábháilteacht bia;
an ceanglas nach dtiocfaidh bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach ó thríú tíortha a sholáthraíonn fianaise agus ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo trí phlean rialaithe a chur isteach.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:
ainmhithe agus earraí nach bhfuil beartaithe lena dtomhailt ag an duine, ach amháin nuair nach mbeidh cinneadh déanta maidir le ceann scríbe na n-ainmhithe agus na n-earraí ar theacht isteach san Aontas dóibh agus i gcás nach féidir a eisiamh go fóill go bhfuil siad beartaithe lena dtomhailt ag an duine, beidh feidhm ag an Rialachán seo;
ainmhithe agus earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine ach atá ar idirthuras tríd an Aontas amháin, gan iad a bheith á gcur ar an margadh;
earraí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine chun críche samplaí chun anailís a dhéanamh ar tháirgí agus chun tástáil cáilíochta a dhéanamh orthu gan iad á gcur ar an margadh.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
ciallaíonn “teacht isteach san Aontas” teacht isteach san Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (40), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “coinsíneacht” coinsíneacht mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (37), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “ainmhithe” ainmhithe mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (9), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “earraí” earraí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (11), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “coibhéis” coibhéis mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(1), pointe (e), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;
ciallaíonn “bunaíocht” bunaíocht mar a shainmhínítear í in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;
ciallaíonn “deimhniú oifigiúil” deimhniú oifigiúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “earraí” earraí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (28), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “fianú príobháideach” fianú arna shíniú ag an oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas;
ciallaíonn “cur ar an margadh” cur ar an margadh mar a shainmhínítear é Airteagal 3, pointe (8), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
ciallaíonn “feoil úr” feoil úr mar a shainmhínítear í i bpointe 1.10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “mionfheoil” mionfheoil mar a shainmhínítear í i bpointe 1.13 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “ullmhóidí feola” ullmhóidí feola mar a shainmhínítear iad i bpointe 1.15 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “táirgí feola” táirgí feola mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “feoil díchnámhaithe go meicniúil” feoil díchnámhaithe go meicniúil mar a shainmhínítear í i bpointe 1.14 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “geilitín” geilitín mar a shainmhínítear é i bpointe 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “collaigin” collaigin mar a shainmhínítear í i bpointe 7.8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “táirgí de bhunadh ainmhíoch an-mhínphróiseáilte” táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear in Alt XVI, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “moilisc dhébhlaoscacha” moilisc dhébhlaoscacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “táirgí iascaigh” táirgí iascaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “táirge ilchodach” bia ina bhfuil idir tháirgí de bhunadh plandaí agus tháirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch;
ciallaíonn “substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de” substaint atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún ( 1 );
ciallaíonn “éilleán” éilleán mar a shainmhínítear é in Airteagal 1(1), an dara fomhír, de Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ( 2 );
ciallaíonn “iarmhair lotnaidicídí” iarmhair lotnaicicídí mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(2), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005;
ciallaíonn “táirge de bhunadh ainmhíoch” táirge de bhunadh ainmhíoch faoi mar a shainmhínítear iad i bpointe 8.1 d’Iarscríbhinn 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de” plean rialaithe maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, teorainneacha uasta iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil éilleán i mbia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad sin a úsáidtear i dtáirgí ilchodacha;
ciallaíonn “feithidí” bia arb éard atá ann feithidí nó a gcodanna, nó atá ar leithlis uathu nó a tháirgtear uathu, lena n-áirítear aon staid saoil feithidí atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus atá údaraithe, nuair is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) agus atá san áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha atá bunaithe le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ( 4 ) ón gCoimisiún (“liosta an Aontais de bhianna núíosacha”);
ciallaíonn “idirthuras” idirthuras mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, i bpointe (44) de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “feoil reiptíle” na codanna inite, neamhphróiseáilte nó próiseáilte, atá díorthaithe ó reiptílí saothraithe, a bhaineann leis an speiceas ailigéadar Misisípeach, Crocodylus johnstoni, Crocodylus niloticus, Crocodylus porosus, Timon lepidus, Python reticulatus, Python molurus bivittatus nó Pelodiscus sinensis, atá údaraithe, nuair is infheidhme, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 agus atá ar áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha;
ciallaíonn “seilidí” seilidí mar a shainmhínítear iad i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus aon speiceas eile seilidí d’fhine Helicidae, Hygromiidae nó Sphincterochilidae, atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine;
ciallaíonn “bia” bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
ciallaíonn “beatha” nó “ábhar beatha” beatha nó ábhar beatha faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (4), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
ciallaíonn “iniúchóireacht” iniúchóireacht mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (30), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “údaráis inniúla” mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (AE) 2017/625;
leis an bhfocal “mil” tuigfear gur mil atá i gceist de réir bhrí Threoir 2001/110/CE ón gComhairle ( 5 ) lena n-áirítear maidir leis na príomhchineálacha meala;
ciallaíonn “táirgí beachaireachta” mil, céir bheach, glóthach ríoga, gliú beach nó pailin, atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
ciallaíonn “eascróga” eascróga mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (a), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 208/2013 ( 6 );
ciallaíonn “táirgeadh príomhúil” táirgeadh príomhúil mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (17), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
ciallaíonn “seamlas” seamlas mar a shainmhínítear é i bpointe 1.16 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “bunaíocht láimhseála géim” bunaíocht láimhseála géim mar a shainmhínítear í i bpointe 1.18 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “ionad spólta” ionad spólta mar a shainmhínítear é i bpointe 1.17 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “limistéar táirgeachta” limistéar táirgeachta mar a shainmhínítear é i bpointe 2.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “long phróiseála” long phróiseála mar a shainmhínítear í i bpointe 3.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “reothrálaer” reothrálaer mar a shainmhínítear é i bpointe 3.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “soitheach cuisnithe” soitheach atá feistithe chun earraí (bulc) lastais ar phailléad nó scaoilte a stóráil agus a iompar i mboilg nó i gcoimeádáin theochtrialaithe;
ciallaíonn “táirgí déiríochta” táirgí déiríochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “táirgí uibhe” táirgí uibhe mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
ciallaíonn “oibreoir gnó bia” oibreoir gnó bia mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (3), de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.
ciallaíonn “oibreoir” oibreoir mar a shainmhínítear é in Airteagal 3, pointe (29), de Rialachán (AE) 2017/625;
ciallaíonn “post rialaithe teorann” post rialaithe teorann mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (38), de Rialachán (AE) 2017/625.
CAIBIDIL II
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS I nDÁIL LE TRÍÚ TÍORTHA TIONSCNAIMH NÓ RÉIGIÚIN DÍOBH
Airteagal 3
Bia-ainmhithe agus earraí a gceanglaítear orthu teacht ó thríú tíortha nó réigiúin díobh a áirítear ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), de Rialachán (AE) 2017/625
Ní thiocfaidh coinsíneachtaí na mbia-ainmhithe agus na n-earraí seo a leanas a bheartaítear lena dtomhailt ag an duine, isteach san Aontas ach ó thríú tír nó ó réigiún den tír sin a áirítear ar an liosta le haghaidh na mbia-ainmhithe agus na n-earraí sin, liosta a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405:
ainmhithe beo a bhfuil cóid Ainmníochta Comhcheangailte (“cóid AC”) leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar bia-ainmhithe na hainmhithe beo sin;
táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear feoil reiptíle agus feithidí iomlána marbha, codanna d’fheithidí nó feithidí próiseáilte, ar táirgí iad atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine agus ar leagadh síos na cóid seo a leanas ina leith i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87:
cóid AC i gCaibidlí 2 go 5, 15, 16 nó 29; nó
Ceannteidil an Chórais Chomhchuibhithe (“Ceannteidil CC”) 0901 , 1702 , 2105 , 2106 , 2301 , 3001 , 3002 , 3302 , 3501 , 3502 , 3503 , 3504 , 3507 , 3913 , 3926 , 4101 , 4102 , 4103 nó 9602 ;
seilidí beo, seachas gnamháin, dá dtagraítear le cód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;
plúr pailine a thagann faoin gcód AC ex 1212 99 95 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
Airteagal 4
Ceanglais bhreise maidir le teacht isteach bia-ainmhithe agus earraí ó thríú tír nó ó réigiún díobh san Aontas
De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, ní dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le tríú tíortha nó réigiúin díobh a chur ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2), pointe (a), den Rialachán sin ach amháin má aithníonn an Coimisiún go bhfuil na ceanglais seo a leanas coibhéiseach ar a laghad leis na ceanglais ábhartha san Aontas maidir leis na bia-ainmhithe agus maidir leis na hearraí dá dtagraítear in Airteagal 3 den Rialachán seo:
reachtaíocht an tríú tír maidir le:
táirgeadh earraí de bhunadh ainmhíoch;
úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta, lena n-áirítear rialacha maidir lena dtoirmeasc nó lena n-údarú, lena ndáileadh, lena gcur ar an margadh agus leis na rialacha lena gcumhdaítear riar agus cigireacht;
beatha a ullmhú agus a úsáid, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun breiseáin a úsáid agus chun ábhair bheathúcháin íocleasaithe a ullmhú agus a úsáid, chomh maith le cáilíocht sláinteachais na n-amhábhar a úsáidtear chun ábhair bheathúcháin agus an táirge deiridh a ullmhú;
coinníollacha sláinteachais táirgthe, monaraithe, láimhseála, stórála agus seolta a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe don Aontas faoi láthair;
aon taithí ar mhargú na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch ón tríú tír agus torthaí maidir le haon rialuithe oifigiúla ar theacht isteach san Aontas;
nuair a bheidh siad ar fáil, torthaí na n-iniúchtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún sa tríú tír a bhaineann le bia-ainmhithe agus le hearraí eile a bhfuil an tríú tír liostaithe ina leith cheana i gcomhréir le hAirteagal 127(2) de Rialachán (AE) 2017/625, go háirithe torthaí an mheasúnaithe a rinne na húdaráis inniúla sa tríú tír a ndearnadh iniúchadh uirthi, agus an ghníomhaíocht a rinne na húdaráis inniúla i bhfianaise aon mholadh a cuireadh chucu tar éis na n-iniúchtaí sin a bheith déanta ag an gCoimisiún;
clár rialaithe zónóisí a bheith ann, a chur chun feidhme agus a chur in iúl, ar clár é a bheidh formheasta ag an gCoimisiún i gcás inarb infheidhme;
ceanglais an tríú tír maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, i gcomhréir le hAirteagal 6.
Airteagal 5
Ainmhithe agus táirgí lena mbaineann Airteagail 6 go 12
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 12 maidir leis na hainmhithe agus na táirgí seo a leanas:
ainmhithe beo a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Alt 1, Caibidil 1, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar bia-ainmhithe na hainmhithe sin;
táirgí de bhunadh ainmhíoch, a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Caibidlí 2 go 5, 15 agus 16, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, agus a bhfuil fo-ceanntheidil an Chórais Chomhchuibhithe (“fo-cheanntheidil CC”) leagtha síos ina leith faoi cheannteidil HS 0901 , 2105 , 3501 , 3502 agus 3504 ;
táirgí ilchodacha ar leagadh síos cóid AC ina leith i gCuid a Dó, Alt III, Caibidil 15, agus Alt IV, Caibidlí 16 go 22, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 6 go 12 maidir le
Airteagal 6
Ceanglais bhreise maidir le teacht isteach bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha san Aontas, maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus maidir le hiarmhair díobh, éilleáin agus iarmhair lotnaidicídí
De bhreis ar na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, ní thiocfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tír a bhfuil plean rialaithe i bhfeidhm aici le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena leagtar amach na ráthaíochtaí maidir leis an méid seo a leanas a chomhlíonadh:
ceanglais an Aontais maidir le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhair na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil éilleán; agus
na ceanglais bhreise a shonraítear in Airteagail 9 go 12 den Rialachán seo.
Airteagal 7
Tríú tír a áireamh ar liosta de thríú tíortha a chomhlíonann ceanglais an Aontais maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus maidir le hiarmhair díobh, éilleáin agus iarmhair lotnaidicídí
De bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Rialachán (AE) 2017/625, ní thiocfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach ó thríú tír a chomhlíonann na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 6(1) agus atá san áireamh i liosta na dtríú tíortha atá formheasta maidir le teacht isteach san Aontas na mbia-ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann, a leagtar amach in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405.
Airteagal 8
Maolú ar na ceanglais maidir le teacht isteach bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha san Aontas
I gcás ina n-áireofar tríú tír, i gcomhréir le míreanna (1) agus (2), ar liosta na dtríú tíortha atá údaraithe le haghaidh bia-ainmhithe sonracha nó táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch, beidh an nóta seo a leanas ag gabháil leis an iontráil maidir leis an tríú tír sin:
“Tríú tír, nach ndéanfaidh ach bia-ainmhithe sonracha nó táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch amháin a thabhairt isteach sa Aontas — mar sin nó mar chomhábhair de tháirgí ilchodacha —, ar táirgí iad (a) de thionscnamh tríú tíortha eile atá údaraithe chun bia-ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, nó (b) de thionscnamh Ballstát, i gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún.”.
Maidir le tríú tíortha, mar gheall ar cheanglais sláinte ainmhithe, nach gceadaítear dóibh bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, beidh an nóta seo a leanas ag gabháil leis an iontráil maidir leis an tír sin:
“Tríú tír, nach ndéanfaidh ach táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch, ar de thionscnamh (a) tríú tíortha eile atá údaraithe leis na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch sin a theacht isteach san Aontas, nó (b) Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 8 de de Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2292 ón gCoimisiún.”.
CAIBIDIL III
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS I nDÁIL LE hÚSÁID SUBSTAINTÍ ATÁ GNÍOMHACH Ó THAOBH NA CÓGASEOLAÍOCHTA DE AGUS I nDÁIL LE hIARMHAIR NA SUBSTAINTÍ SIN, ÉILLEÁIN AGUS IARMHAIR LOTNAIDICÍDÍ
Airteagal 9
Ceanglais a mhéid a bhaineann le húsáid substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ainmhithe agus úsáid iarmhair díobh i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus i dtáirgí ilchodacha
Airteagal 10
Ceanglais maidir le substaintí áirithe a thoirmeasc
Ní thiocfaidh bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha ó thríú tíortha lena n-údaraítear na substaintí dá dtagraítear i mír 1 a úsáid i mbia-ainmhithe nó nach bhfuil rialacha acu maidir le húsáid na substaintí sin, isteach san Aontas ach sa mhéid go dtugann na tríú tíortha sin ráthaíochtaí:
go bhfuil córas táirgeachta ar leithligh curtha ar bun acu chun a áirithiú nach ndéanfar bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha atá beartaithe le teacht isteach san Aontas a chóireáil leis na substaintí dá dtagraítear i mír 1, agus
go bhfuil córas aitheantais agus inrianaitheachta iomchuí d’ainmhithe curtha ar bun acu, mar aon le córas chun rialú a dhéanamh ar dháileadh na substaintí dá dtagraítear i mír 1 agus chun riar táirgí íocshláinte tréidliachta a thaifeadadh agus a choimeád.
Airteagal 11
Ceanglais a mhéid a bhaineann le hiarmhair lotnaidicídí i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha
Ní thiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha a thugann ráthaíochtaí go ndéantar rialuithe ionadaíocha ar iarmhair lotnaidicídí chun a léiriú go gcomhlíonann na táirgí sin na huasleibhéil iarmhar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Beidh na ráthaíochtaí sin comhionann ar a laghad leo siúd dá bhforáiltear leis na cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla d’iarmhair lotnaidicídí dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1355.
Airteagal 12
Ceanglais a mhéid a bhaineann le héilleáin i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí ilchodacha
Ní thiocfaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ná táirgí ilchodacha isteach san Aontas ach amháin ó thríú tíortha a thugann ráthaíochtaí go gcomhlíonann na táirgí sin na huaslámhaltais d’éilleáin arna mbunú ar bhonn Rialachán (CEE) Uimh. 315/93. Beidh na ráthaíochtaí sin comhionann ar a laghad leo siúd dá bhforáiltear leis na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla arna mbunú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932.
CAIBIDIL IV
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS I gCÁS BUNAÍOCHTAÍ
Airteagal 13
Ceanglais maidir le bunaíochtaí
Ní thiocfaidh coinsíneachtaí na n-earraí seo a leanas isteach san Aontas ach amháin i gcás ina seoltar na coinsíneachtaí sin ó bhunaíochtaí, agus ina bhfaightear nó ina n-ullmhaítear iad i mbunaíochtaí, atá le feiceáil ar liostaí arna dtarraingt suas agus arna gcoimeád cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e)(ii) agus (iii), de Rialachán (AE) 2017/625:
táirgí de bhunadh ainmhíoch, a bhfuil ceanglais maidir leo leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, agus a bhfuil na cóid seo a leanas leagtha síos ina leith i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87:
cóid AC i gCaibidlí 2 go 5, 15 nó 16; nó
fo-cheannteidil faoi cheannteidil CC 1702 , 2105 , 2106 , 2301 , 2932 , 3001 , 3002 , 3501 , 3502 , 3503 , 3504 , 4101 , 4102 nó 4103 ;
eascróga a thagann faoi na fo-cheannteidil CC seo a leanas: 0704 90 , 0706 90 , 0708 10 , 0708 20 , 0708 90 nó 1214 90 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;
mil agus táirgí beachaireachta eile dá bhfuil na ceannteidil CC seo a leanas leagtha síos i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87: 0409 , 0410 , 1212 , 1521 nó 1702 .
Ní fhéadfar bunaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chur ar na liostaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), i bpointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 ach amháin más rud é, de bhreis ar na ráthaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 127(3), i bpointe (e)(ii) agus (iv), de Rialachán (AE) 2017/625, go gcuireann an tríú tír ina bhfuil na bunaíochtaí lonnaithe na ráthaíochtaí seo a leanas ar fáil:
go gcomhlíonann na bunaíochtaí sin, mar aon le haon bhunaíocht a láimhseálann amhábhair de bhunadh ainmhíoch a úsáidtear i monarú na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2017/625, go háirithe na ceanglais sin de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad;
nach láimhseálann bunaíochtaí den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, ach amhábhair de bhunadh ainmhíoch a thagann ó thríú tíortha a bhfuil plean faireacháin iarmhar formheasta acu don chatagóir táirge sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646, nó ó na Ballstáit;
go bhfuil fíorchumhachtaí ag an tríú tír lena mbaineann deireadh a chur le bunaíochtaí den sórt sin táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcás nach gcomhlíonann na bunaíochtaí ceanglais ábhartha de chuid an Aontais nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad.
Airteagal 14
Bunaíochtaí nach bhfuil faoi réir cheanglais Airteagal 13(1)
Ní bheidh feidhm ag na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13(1) maidir le bunaíochtaí nach ndéanann ach na gníomhaíochtaí seo a leanas:
táirgeadh príomhúil;
oibríochtaí iompair;
táirgí de bhunadh ainmhíoch a stóráil nach gceanglaítear orthu a bheith i ndálaí stórála teochtrialaithe;
táirgeadh táirgí an-mhínphróiseáilte de bhunadh ainmhíoch dá dtagraítear le ceannteidil CC 2932 nó 3503 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87.
▼M2 —————
CAIBIDIL V
CEANGLAIS BHREISE MAIDIR LE hEARRAÍ ÁIRITHE A BHEARTAÍTEAR LENA dTOMHAILT AG AN DUINE A THEACHT ISTEACH SAN AONTAS
Airteagal 15
Ceanglais maidir le coinsíneachtaí d’fheoil úr, d’fheoil mhionaithe, d’ullmhóidí feola, d’fheoil díchnámhaithe go meicniúil agus de tháirgí feola agus d’amhábhair atá beartaithe chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh
Ní thiocfaidh coinsíneachtaí na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas isteach san Aontas ach amháin má rinneadh iad as amhábhair a fuarthas i seamlais, i mbunaíochtaí láimhseála géim, in ionaid spólta agus i mbunaíochtaí a láimhseálann táirgí iascaigh, agus iad le feiceáil ar liostaí de na bunaíochtaí a tarraingíodh suas agus a coimeádadh cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 nó a fuarthas sna Ballstáit:
feoil úr;
feoil mhionaithe;
ullmhóidí feola;
feoil díchnámhaithe go meicniúil agus táirgí feola, seachas craicne mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (45), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún ( 8 );
amhábhair a bheartaítear chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, dá dtagraítear faoi seach in Alt XIV, Caibidil I, pointe 4(a), agus in Alt XV, Caibidil I, pointe 4(a), d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.
Airteagal 16
Ceanglais maidir le coinsíneachtaí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí beo
Féadfaidh na táirgí seo a leanas teacht isteach san Aontas, fiú má dhéantar iad a shaothrú i limistéir nach bhfuil aicmithe ag na húdaráis inniúla sa tríú tír ina dtáirgtear iad i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2017/625:
pectinidae, ach amháin i gcás ina gcumasaíonn sonraí ó chláir faireacháin arna mbunú faoi Airteagal 57 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/627 do na húdaráis inniúla na forais iascaireachta a aicmiú mar dá bhforáiltear in Alt VII, Caibidil IX, pointe 2, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;
gastrapóid mhuirí nach scagbheathóirí iad agus eicínideirmigh nach scagbheathóirí iad.
Airteagal 17
Limistéir tháirgeachta a liostú
Airteagal 18
Ceanglais speisialta maidir le táirgí iascaigh
Ní thiocfaidh coinsíneachtaí táirgí iascaigh a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith faoi cheannteidil 0301 , 0302 , 0303 , 0304 , 0305 , 0306 , 0307 , 0308 , 0309 , 1504 , 1516 , 1517 , 1603 , 1604 , 1605 nó 2106 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin má fuarthas iad nó má ullmhaíodh iad, ag céim ar bith dá dtáirgeadh, i mbunaíocht ar talamh, i monarcha nó i reothrálaer nó má stóráiltear iad i bhfuarstóras nó i soitheach cuisnithe atá le feiceáil ar liosta arna tharraingt suas agus arna thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 127(3), pointe (e), de Rialachán (AE) 2017/625 agus arna fhoilsiú ag an gCoimisiún.
Airteagal 19
Ceanglais speisialta maidir le soithí a liostú
Féadfar soitheach a áireamh ar na liostaí bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625 ar choinníoll go ndéanfaidh údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach, agus údaráis inniúla tríú tír eile a bhfuil freagracht tarmligthe ag údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann teachtaireacht chomhpháirteach a chur ar fáil don Choimisiún ina luafar go gcomhlíontar na ceanglais uile seo a leanas:
tá an dá thríú tír le feiceáil ar liosta na dtríú tíortha nó réigiún díobh, arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2017/625, óna gceadaítear teacht isteach táirgí iascaigh san Aontas;
tugtar isteach i dtír na táirgí iascaigh uile ón soitheach lena mbaineann atá beartaithe lena gcur ar an margadh san Aontas go díreach sa tríú tír a bhfuil freagracht tarmligthe ag an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann;
rinne na húdaráis inniúla tharmligthe cigireacht ar an soitheach agus dhearbhaigh siad go gcomhlíonann sé na ceanglais is infheidhme de chuid an Aontais is infheidhme;
tá sé dearbhaithe ag na húdaráis inniúla tharmligthe go ndéanfaidh siad cigireacht rialta ar an soitheach lena áirithiú go leanfaidh sé de cheanglais infheidhme an Aontais a chomhlíonadh.
Féadfar soitheach a áireamh ar na liostaí bunaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 127(3), pointe (e)(ii), de Rialachán (AE) 2017/625 ar bhonn teachtaireacht chomhpháirteach ó údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach agus ó údaráis inniúla Ballstáit a bhfuil freagracht tarmligthe ag údaráis inniúla an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann, má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas ar fad:
tugtar isteach i dtír na táirgí iascaigh uile ón soitheach lena mbaineann atá beartaithe lena gcur ar an margadh san Aontas go díreach sa Bhallstát a bhfuil freagracht tarmligthe ag an tríú tír a bhfuil a bratach ar foluain ag an soitheach as cigireacht a dhéanamh ar an soitheach lena mbaineann;
rinne na húdaráis inniúla tharmligthe cigireacht ar an soitheach agus dhearbhaigh siad go gcomhlíonann sé na ceanglais is infheidhme de chuid an Aontais is infheidhme;
tá sé dearbhaithe ag na húdaráis inniúla tharmligthe go ndéanfaidh siad cigireacht rialta ar an soitheach lena áirithiú go leanfaidh sé de cheanglais infheidhme an Aontais a chomhlíonadh.
Airteagal 20
Ceanglais maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha
Go dtí go mbunóidh an Coimisiún liosta sonrach de thríú tíortha nó réigiúin díobh atá údaraithe chun táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas, féadfar coinsíneachtaí táirgí ilchodacha ó thríú tíortha nó ó réigiúin díobh a thabhairt isteach san Aontas, faoi réir chomhlíonadh na rialacha seo a leanas:
beidh na táirgí ilchodacha dá dtagraítear i mír 1 ar gá iad a iompar nó a stóráil faoi theocht rialaithe, de thionscnamh tríú tíortha nó réigiún díobh a údaraítear, faoi Airteagal 3, chun gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas;
maidir leis na táirgí ilchodacha dá dtagraítear i mír 1 nach gá iad a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe agus ina bhfuil aon chainníocht de tháirgí atá bunaithe ar ghruth buí nó de tháirgí feola, beidh siad de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear, faoi Airteagal 3, chun na táirgí bunaithe ar ghruth buí nó táirgí feola atá sna táirgí ilchodacha a thabhairt isteach san Aontas;
beidh na táirgí ilchodacha dá dtagraítear i mír 1 nach gá iad a iompar ná a stóráil faoi theochtaí rialaithe agus ina bhfuil táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch a bhfuil ceanglais leagtha síos ina leith in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus seachas táirgí bunaithe ar ghruth buí nó ar tháirgí feola, de thionscnamh tríú tíortha nó réigiúin díobh a údaraítear, faoi Airteagal 3 den Rialachán seo, chun táirgí feola, táirgí déiríochta, táirgí iascaigh nó táirgí uibhe a thabhairt isteach san Aontas ar bhonn cheanglais an Aontais maidir le sláinte ainmhithe agus maidir leis an tsláinte phoiblí agus a liostaítear i gcás ceann amháin ar a laghad de na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch.
CAIBIDIL VI
COINNÍOLLACHA MAIDIR LE TEACHT ISTEACH SAN AONTAS A MHÉID A BHAINEANN LE DEIMHNIÚ AGUS FIANÚ
Airteagal 21
Deimhnithe oifigiúla
►M2 Ní thiocfaidh aon choinsíneacht de na hainmhithe agus na hearraí seo a leanas isteach san Aontas lena gcur ar an margadh ach amháin i gcás ina bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil leis an gcoinsíneacht: ◄
ainmhithe beo a bhfuil cóid AC leagtha síos ina leith i gCuid a Dó, Alt 1, Caibidil I, d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87, i gcás inar bia-ainmhithe na hainmhithe beo sin;
táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dtomhailt ag an duine, a bhfuil na cóid seo a leanas leagtha síos ina leith i gCuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87:
cóid AC i gCaibidlí 2 go 5, 15, 16 nó 29; nó
Ceannteidil CC 0901 , 1702 , 2105 , 2106 , 2301 , 3001 , 3002 , 3501 , 3502 , 3503 , 3504 , 3507 , 3913 , 3926 , 4101 , 4102 , 4103 nó 9602 ;
péacáin agus síolta atá beartaithe chun péacáin a tháirgeadh agus dá dtagraítear leis na fo-cheannteidil CC seo a leanas: 0704 90 , 0706 90 , 0708 10 , 0708 20 , 0708 90 , 0713 10 , 0713 33 , 0713 34 , 0713 35 , 0713 39 , 0713 40 , 0713 50 , 0713 60 , 0713 90 , 0910 99 , 1201 10 , 1201 90 , 1207 50 , 1207 99 , 1209 10 , 1209 21 , 1209 91 nó 1214 90 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;
plúr pailine dá dtagraítear le cód AC 1212 99 95 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;
seilidí beo, seachas gnamháin, dá dtagraítear le cód AC 0307 60 00 de Chuid a Dó d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87;
táirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointí (a) agus (b) cé is moite de tháirgí ilchodacha fadré nach bhfuil táirgí feola iontu seachas
geilitín nó collaigin nach ndíorthaítear ó chnámha athchogantach
táirgí an-mhínphróiseáilte mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn III, Roinn XVI de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ar táirgí iad atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine.
Leis na deimhnithe oifigiúla dá dtagraítear i mír 1, deimhneofar go gcomhlíonann na táirgí an méid seo a leanas:
na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 nó forálacha a aithnítear a bheith coibhéiseach leis na ceanglais sin;
aon cheanglas sonrach maidir le teacht isteach san Aontas a leagtar amach sa Rialachán seo.
Airteagal 22
Fianú príobháideach
Beidh fianú príobháideach lena ndeimhnítear go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na ceanglais is infheidhme dá dtagraítear in Airteagal 126(2) de Rialachán (AE) 2017/625, arna n-ullmhú agus arna síniú ag oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas, ag gabháil leis na nithe seo a leanas:
coinsíneachtaí na dtáirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (b), i gcás nach bhfuil táirgí bunaithe ar ghruth buí ná táirgí feola sna táirgí ilchodacha seachas:
geilitín nó collaigin nach ndíorthaítear ó chnámha athchogantach,
táirgí an-mhínphróiseáilte mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn III, Roinn XVI de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ar táirgí iad atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
coinsíneachtaí na dtáirgí ilchodacha dá dtagraítear in Airteagal 20(2), pointe (c), den Rialachán seo.
Leis an bhfianú príobháideach dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar inrianaitheacht na gcoinsíneachtaí agus áireofar an méid seo a leanas:
faisnéis maidir le coinsíneoir agus coinsíní na n-earraí a thagann isteach san Aontas;
liosta na dtáirgí de bhunadh plandaí agus na dtáirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha, arna léiriú in ord íslitheach de réir meáchain, mar a taifeadadh iad tráth a n-úsáide i monarú na dtáirgí ilchodacha;
an uimhir formheasa arna sannadh don bhunaíocht/do na bunaíochtaí a mhonaraíonn na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá le fáil sna táirgí ilchodacha, ar tugadh formheas di/dóibh faoi Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, a léireofar ag oibreoir gnó bia a thugann earraí isteach san Aontas.
Déanfaidh an fianú príobháideach dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas a fhianú:
go bhfuil an tríú tír nó réigiún di a tháirgeann na táirge ilchodacha liostaithe do cheann amháin ar a laghad de na catagóirí táirgí de bhunadh ainmhíoch seo a leanas:
táirgí feola;
táirgí déiríochta nó táirgí bunaithe ar ghruth buí;
táirgí iascaigh;
ubhtháirgí;
go gcomhlíonann an bhunaíocht a tháirgeann na táirgí ilchodacha caighdeáin sláinteachais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo siúd a cheanglaítear le Rialachán (CE) Uimh. 852/2004;
nach gá na táirgí ilchodacha a stóráil nó a iompar faoi theocht rialaithe;
gur de thionscnamh tríú tíortha nó réigiún díobh, nó ó na Ballstáit, atá údaraithe chun gach táirge próiseáilte de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá sna táirgí ilchodacha agus go bhfaightear iad ó bhunaíochtaí liostaithe;
go ndearnadh ar a laghad ceann amháin de na cóireálacha dá dtagraítear in Airteagal 163(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, ar na táirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch a úsáideadh sna táirgí ilchodacha agus go dtabharfar tuairisc ghairid ar na próisis a rinneadh orthu agus ar an teocht a cuireadh i bhfeidhm ar na táirgí ilchodacha.
CAIBIDIL VII
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 23
Tagairtí
Déanfar na tagairtí d’Airteagal 29 de Threoir 96/23/CE a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.
Airteagal 24
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625.
Déanfar tagairtí don Rialachán Tarmligthe aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn II.
Airteagal 25
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
IARSCRÍBHINN I
Leagtar amach san Iarscríbhinn seo an fhaisnéis maidir leis an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de atá le cur isteach ag tríú tíortha chun críche a háirimh agus a cothabhála ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 7.
CUID I
Ceanglais ghinearálta a mhéid a bhaineann leis an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus maidir leis an bplean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a chur isteach
1. Beidh an fhaisnéis a shonraítear i gCuid II den Iarscríbhinn seo ar áireamh sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de atá le cur isteach ag tríú tír, in éineacht leis an iarratas go gcuirfí san áireamh í ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 7, maidir le bia-ainmhithe sonracha nó táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch.
2. Tar éis do thríú tír a bheith san áireamh ar an liosta dá dtagraítear i bpointe 1, déanfaidh sí, chun críoch cothabhála ar an liosta sin, plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, arna thabhairt cothrom le dáta ar bhonn bliantúil, a chur isteach in éineacht leis an bhfaisnéis a shonraítear i gCuid III.
3. Féadfar, ag am ar bith, faisnéis bhreise a sholáthar chun plean rialaithe t le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de dá dtagraítear i bpointí 1 agus 2 a chomhlánú.
4. Déanfar na treoirdhoiciméid ábhartha a mhéid a bhaineann le substaintí toirmiscthe, iarmhair táirgí íocshláinte tréidliachta, iarmhair lotnaidicídí agus éilleán arna gcur ar fáil go poiblí ag an gCoimisiún a chur san áireamh agus an plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de á chur isteach.
5. Déanfar an plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a sheoladh chuig an gCoimisiún go leictreonach, san fhormáid a thuairiscítear sna treoirdhoiciméid dá dtagraítear i bpointe 4 nó i bhformáid eile, ar choinníoll go gcuimsítear an fhaisnéis go léir a liostaítear i gCodanna II agus III, i gcás inarb infheidhme.
CUID II
Plean rialaithe tríú tír le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de — faisnéis a cheanglaítear
A. Raon feidhme an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de
(1) Liosta de chatagóirí bia-ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, lena n-áirítear iad siúd a úsáidtear mar chomhábhair i dtáirgí ilchodacha, a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear sonraí faoi speicis agus fospeicis ainmhithe.
(2) Faisnéis faoi thionscnamh na mbia-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, go háirithe faisnéis maidir le cé acu a tháirgtear iad laistigh den tríú tír, go hiomlán ó ainmhithe nó ó tháirgí de bhunadh ainmhíoch ón tír sin nó cé acu a áirítear leo ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha eile nó ó Bhallstáit. Mura dtáirgtear na bia-ainmhithe ná na táirgí de bhunadh ainmhíoch sa tríú tír atá ag cur isteach an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, soláthrófar faisnéis faoi na tíortha tionscnaimh agus faoin gcríoch atá beartaithe do na hainmhithe agus na táirgí sin de bhunadh ainmhíoch, go háirithe trí mhíniú a thabhairt i dtaobh an bhfuil na táirgí de bhunadh ainmhíoch beartaithe lena dteacht isteach san Aontas mar atá nó mar chomhábhair de tháirgí ilchodacha atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.
(3) Sonraí táirgthe náisiúnta ón mbliain roimhe sin i gcás na speiceas ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.
(4) Míniú i dtaobh an gcumhdaíonn an plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, i gcás na n-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch lena mbaineann, an táirgeadh náisiúnta iomlán nó cuid den táirgeadh náisiúnta (mar shampla, táirgeadh ó fheirmeacha/ó tháirgeoirí áirithe agus tréchur bhunaíochtaí áirithe atá beartaithe a theacht isteach san Aontas). Mura gcumhdaítear ach cuid den táirgeadh náisiúnta, soláthrófar tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm lena áirithiú nach mbeidh ach na hainmhithe agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch ón daonra leithscartha sin a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de incháilithe lena dteacht isteach san Aontas.
B. Údaráis inniúla atá freagrach agus a gcumhachtaí dlíthiúla
(1) Sonraí teagmhála na n-údarás inniúil: ainm agus seoladh an údaráis inniúil lárnaigh nó na n-údarás lárnach agus sonraí an phointe teagmhála maidir le comhfhreagras faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de (e.g. seoltaí ríomhphoist, uimhreacha teileafóin).
(2) Tuairisc ar struchtúr na n-údarás inniúil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, leibhéil éagsúla na heagraíochta (e.g. eagraíocht láir, réigiúnach, áitiúil), na ranna lena mbaineann agus cairteacha eagraíochta.
(3) Tuairisc ar ról na n-údarás inniúil a bhfuil baint acu le cur chun feidhme phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear maidir le gnéithe a bhaineann leis an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a tharraingt suas, comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, bailiú samplaí, comhthiomsú agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí, cur i bhfeidhm bearta ceartaitheacha, más gá, ar bearta iad atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach chun stop a chur le hatarlú neamhchomhlíontacha, agus plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
(4) Bunús dlí an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear tagairtí do na forálacha sonracha lena dtugtar an ceart do na húdaráis inniúla dul isteach san áitreabh ábhartha, samplaí a bhailiú, imscrúduithe leantacha a dhéanamh i gcás ina mbraitear torthaí neamhchomhlíontacha agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha a fhorchur i gcásanna den sórt sin, mar shampla, srianta ar ghluaiseacht ainmhithe, díothú ainmhithe nó forchur fíneálacha.
C. Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de
(1) Na ceanglais arna gcomhlíonadh ag an bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, go háirithe maidir le cé acu an ionann na ceanglais sin agus na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646, nó ceanglais choibhéiseacha. Sa dara cás, soláthrófar sonraí breise maidir leis an gcaoi a dtabharfar aghaidh leis na ceanglais sin ar na pointí go léir a liostaítear faoi Chuid II, pointí C go K, den Iarscríbhinn seo.
(2) Liosta na ngrúpaí substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de maidir le gach speiceas agus táirge ainmhí mar a shonraítear sa mhéid a leanas:
pointe A.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 maidir le substaintí i ngrúpa A dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644;
pointe B.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644 maidir le substaintí i ngrúpa B dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644. I gcás substaintí i ngrúpa B, cuirfear san áireamh i roghnú na ngrúpaí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe údarú agus úsáid na substaintí sin agus na rioscaí a bhaineann le hiarmhair in ainmhithe agus i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.
(3) Laistigh de na grúpaí substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe, liosta na substaintí agus a n-iarmhair mharcála atá le hanailísiú do na speicis ainmhithe shonracha agus do na táirgí ainmhithe sonracha sna maitrísí sonracha, lena n-áirítear bonn cirt lena roghnú bunaithe ar na critéir riosca a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.
(4) Líon na samplaí de réir speicis ainmhithe agus na dtáirgí do gach ceann de na grúpaí substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe bunaithe ar na minicíochtaí rialaithe a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1646, nó ráthaíochtaí coibhéiseacha. Tuairisc ar na critéir maidir le roghnú na bpointí samplála agus na n-ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá le sampláil bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.
(5) Tuairisc ar an straitéis samplála, ina mínítear an chaoi a dtugann sí aghaidh ar fhorálacha Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1644.
D. Lotnaidicídí
(1) Liosta na substaintí a tástáladh sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an líon comhfhreagrach samplaí in aghaidh na catagóire de bhia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1355.
(2) Bonn cirt maidir le roghnú substaintí a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, go háirithe go bhfuil raon na substaintí a ndéantar tástáil orthu ionadaíoch do na lotnaidicídí a úsáidtear.
(3) Leis na rialuithe soláthrófar ráthaíochtaí maidir le comhlíonadh bia de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas leis na huasleibhéil iarmhar dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Soláthrófar na ráthaíochtaí sin do na lotnaidicídí ar fad atá údaraithe sa tríú tír, go háirithe maidir leis na lotnaidicídí sin atá údaraithe sa tríú tír, ach nach bhfuil údaraithe san Aontas.
(4) Bonn cirt maidir le roghnú lotnaidicídí a chumhdaítear faoin bplean, agus na rioscaí a bhaineann le beatha ainmhithe agus leis an gcomhshaol agus na lotnaidicídí a bhfuil uasleibhéil d’iarmhair bunaithe san Aontas ina leith á gcur san áireamh, mar aon le bonn cirt leis an líon samplaí atá beartaithe, bunaithe ar an leibhéal muiníne atá gnóthaithe maidir le céatadán áirithe sáraithe ar uasleibhéil na n-iarmhar a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais a shainaithint i gcás na n-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.
E. Éilleáin
(1) Liosta na n-éilleán a ndearnadh tástáil orthu sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an líon comhfhreagrach samplaí in aghaidh na catagóire bia-ainmhithe agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/931 agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/932.
(2) Bonn cirt le roghnú éilleán a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus na rioscaí a bhaineann le beatha ainmhithe agus an comhshaol á gcur san áireamh, mar aon leis na héilleáin ar socraíodh uasteorainneacha ina leith san Aontas sna táirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.
F. Modhanna anailíse agus saotharlanna
(1) An liosta de shaotharlanna oifigiúla nó de shaotharlanna ar conradh, nó an dá cheann acu, a bhfuil baint acu le hanailísí a dhéanamh don phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.
(2) Stádas creidiúnaithe, lena n-áirítear raon feidhme an chreidiúnaithe, gach ceann de na saotharlanna oifigiúla a dhéanann anailísí don phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.
(3) I gcás gach ceann de na saotharlanna, liosta de na modhanna ar fad a úsáidtear sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, agus léiriú i dtaobh an bhfuil siad san áireamh i raon feidhme an chreidiúnaithe do na maitrísí sonracha a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de nó nach bhfuil.
(4) I gcás gach ceann de na saotharlanna, liosta de na modhanna a úsáidtear sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, agus léiriú i dtaobh an bhfuil siad bailíochtaithe i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais, nó a gcoibhéis, nó mura bhfuil bailíochtaithe, maidir leis na maitrísí sonracha a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena sonraítear an caighdeán a úsáidtear le haghaidh bailíochtaithe.
(5) Maidir le gach ceann de na substaintí a ndéantar tástáil orthu sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, liosta de na modhanna anailíseacha agus na caighdeáin rialála a úsáidtear chun torthaí anailíseacha a léirmhíniú agus ceanglais feidhmíochta na modhanna anailíseacha, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an méid seo a leanas:
an tsubstaint agus na hiarmhair mharcála a ndearnadh anailís orthu;
na maitrísí anailísithe;
an modh aitheantais anailíseach (e.g. ELISA, LC-MS/MS, AAS);
cineál an mhodha anailísigh (scagadh nó deimhniúchán);
na modhanna scagtha agus deimhniúcháin a úsáidtear, na teorainneacha braite agus teorainneacha cainníochtaithe nó, más ábhartha, teorainn an chinnidh le haghaidh deimhniúcháin (CCα) agus cumas braite le haghaidh scagtha (CCß) de réir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, an dara mír, pointí (14) agus (15), de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/808;
an tiúchan a meastar toradh os a chionn a bheith neamhchomhlíontach chun críche an phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de. Go háirithe, léireofar difríochtaí leis na teorainneacha a leagtar amach i reachtaíocht an Aontais.
G. Substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin beatha lena n-úsáid i mbia-ainmhithe agus toirmisc ar a n-úsáid i mbia-ainmhithe den sórt sin
(1) An reachtaíocht náisiúnta lena rialaítear cur ar an margadh agus coinníollacha maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta a úsáid i ndáil le speicis ar bia-ainmhithe iad a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, lena n-áirítear tagairtí do na forálacha ábhartha.
(2) Liosta na dtáirgí íocshláinte tréidliachta údaraithe don speiceas bia-ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de ina léirítear le haghaidh gach táirge, ainm an táirge, an tsubstaint/na substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de atá ann agus spriocspeicis. Déanfar na substaintí sin atá údaraithe sa tríú tír ach nach bhfuil údaraithe le haghaidh úsáid den sórt sin san Aontas a aibhsiú ar an liosta. Áireofar leis an liosta freisin breiseáin bheatha atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, amhail antaibheathaigh, coicideastait agus histeamonastait.
(3) Tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun a áirithiú, maidir le gach ceann de na substaintí atá údaraithe sa tríú tír lena n-úsáid sna speicis ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, ach nach bhfuil údaraithe le haghaidh úsáid den sórt sin san Aontas, nach bhfuil aon iarmhar i láthair i dtiúchaintí ar féidir iad a chainníochtú go hiontaofa in ainmhithe den sórt sin nó i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena dteacht isteach san Aontas. Cuirfear fianaise ar fáil go ndéantar substaintí den sórt sin a thástáil sna maitrísí iomchuí sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcás na n-ainmhithe ábhartha agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch.
(4) Ráiteas maidir le cé acu an bhfuil aon cheann de na substaintí a áirítear i dTábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010 údaraithe le húsáid sa speiceas bia-ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de. Má údaraítear substaintí den sórt sin, soláthrófar tuairisc ar an gcóras lena n-áirithítear nach bhfuil ainmhithe a chóireáiltear le substaintí den sórt sin ná le táirgí a dhíorthaítear uathu incháilithe le teacht isteach san Aontas. Má thoirmisctear substaintí den sórt sin a úsáid i mbia-ainmhithe sa tríú tír, soláthrófar tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc sin.
(5) Deimhniú nach n-údaraítear substaintí stilbéineacha (i.e. stilbéiní, díorthaigh stilbéineacha, a salainn ná a n-eistir) ná substaintí tíreastatacha lena n-úsáid i speicis ar bia-ainmhithe iad a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, beag beann ar a n-incháilitheacht lena dteacht isteach san Aontas, agus tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc sin.
(6) Ráiteas maidir le cé acu atá substaintí a bhfuil gníomhaíocht éastraigineach, andraigineach nó iompair acu agus béite-agónaithe údaraithe chun críoch fás a spreagadh sa speiceas bia-ainmhithe a chumhdaítear faoin bplean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de. Má údaraítear substaintí den sórt sin, soláthrófar tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm lena áirithiú nach bhfuil ainmhithe faoi chóireáil incháilithe lena dteacht isteach san Aontas. Mura bhfuil substaintí den sórt sin údaraithe ná toirmiscthe go sainráite, déanfar tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc.
H. Faisnéis shonrach maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe de chineál caorach agus maidir le táirgí de bhunadh ainmhíoch a dhíorthaítear uathu, lena n-áirítear bainne
(1) Ráiteas maidir le cé acu a údaraítear agus a úsáidtear 17 béite éastraidé-ól agus a dhíorthaigh cosúil le heistear i dtáirgí íocshláinte tréidliachta chun aon chríoch sa speiceas atá i gceist, lena n-áirítear cóireálacha zóiteicniúla nó teiripeacha. Má údaraítear substaintí den sórt sin, soláthrófar tuairisc ar an gcóras lena n-áirithítear nach bhfuil ainmhithe a chóireáiltear le substaintí den sórt sin ná leis na táirgí a dhíorthaítear uathu incháilithe le teacht isteach san Aontas. Má thoirmisctear substaintí den sórt sin, déanfar tagairt don bhunús dlí náisiúnta atá leis an toirmeasc.
(2) Maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe de chineál caorach agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a dhíorthaítear uathu, lena n-áirítear bainne atá incháilithe lena dteacht isteach san Aontas ó thríú tír, ar ainmhithe iad a áirítear ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, dá dtagraítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405, beidh siad de thionscnamh tríú tír sin, nó de thionscnamh na mBallstát, nó de thionscnamh thríú tíortha eile ina gcuirtear chun feidhme plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de arna fhormheas ag an gCoimisiún.
I. Faisnéis shonrach maidir le mil
(1) Má tá oibreáin fhrithmhiocróbacha údaraithe chun galair a chóireáil nó a chosc i mbeacha meala, tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun ráthaíochtaí a thabhairt nach bhfuil aon iarmhar fágtha ann, i dtiúchaintí ar féidir iad a chainníochtú, i mil atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.
(2) Beidh mil atá beartaithe a theacht isteach san Aontas ó thríú tír a áirítear ar liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de dá dtagraítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 de thionscnamh tríú tír sin, nó de thionscnamh na mBallstát, nó de thionscnamh thríú tíortha eile ina gcuirtear chun feidhme plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, arna fhormheas ag an gCoimisiún.
J. Faisnéis shonrach maidir le dobharshaothrú
(1) Má údaraítear ruaimeanna chun galar a chóireáil agus a chosc ag céim ar bith den táirgeadh, tuairisc ar na ruaimeanna a úsáidtear agus ar na táirgí iascaigh (lena n-áirítear crústaigh) a bhfuil an chóireáil údaraithe ina leith agus ar an gcóras atá i bhfeidhm chun ráthaíochtaí a thabhairt nach bhfuil aon iarmhar fágtha ann i dtiúchaintí ar féidir iad a chainníochtú i dtáirgí dobharshaothraithe atá beartaithe a theacht isteach san Aontas.
(2) Beidh táirgí dobharshaothraithe atá beartaithe a theacht isteach san Aontas ó thríú tír a áirítear ar liosta tríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de dá dtagraítear in Iarscríbhinn -I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 de thionscnamh tríú tír sin, nó de thionscnamh na mBallstát, nó de thionscnamh thríú tíortha eile ina gcuirtear chun feidhme plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, arna fhormheas ag an gCoimisiún.
K. Faisnéis shonrach maidir le hainmhithe eachaí
(1) Tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach bhfuil ainmhithe eachaí arna gcóireáil le substaintí a thoirmisctear nó nach n-údaraítear san Aontas lena n-úsáid i mbia-ainmhithe ná i dtáirgí lena dtomhailt ag an duine, a dhíorthaítear ó ainmhithe den sórt sin incháilithe lena dteacht isteach san Aontas. Tabharfaidh tuairisc ar na gnéithe seo a leanas de chóras den sórt sin:
sainaithint agus inrianaitheacht ainmhithe eachaí;
taifead a choinneáil maidir le tabhairt táirgí íocshláinte tréidliachta;
taifid ina léirítear gach cóireáil ina bhfuil substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de.
(2) I gcás ina gcóireáiltear ainmhithe eachaí le substaintí a mheastar a bheith fíor-riachtanach faoi rialacha an Aontais, tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm lena áirithiú nach mbeidh bia a dhíorthaítear ó ainmhithe den sórt sin incháilithe lena dteacht isteach san Aontas go dtí go mbeidh 6 mhí caite ón gcóireáil dheireanach.
(3) Bia-ainmhithe eachaí atá incháilithe lena dteacht isteach san Aontas, beidh siad de thionscnamh an tríú tír a bhfuil sé beartaithe aici ainmhithe eachaí a thabhairt isteach san Aontas nó de thionscnamh tríú tíortha eile ina mbeidh plean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de arna fhormheas ag an gCoimisiún á chur chun feidhme acu.
L. Faisnéis shonrach atá le soláthar ag na tríú tíortha dá dtagraítear in Airteagal 8(1) agus (2)
(1) Ráiteas ó údarás inniúil an tríú tír ina ndeimhnítear nach dtionscnaítear táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe a theacht isteach san Aontas mar tháirgí mar atá, nó mar chomhábhair de tháirgí ilchodacha, ach i dtríú tíortha a áirítear ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil plean rialaithe formheasta acu le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de i gcás na mbia-ainmhithe nó na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin, agus gur leor na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na críche sin chun inrianaitheacht agus tionscnamh na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch sin a ráthú.
(2) Tuairisc chuimsitheach ó údarás inniúil an tríú tír ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm sa tríú tír, chun bunús a thabhairt don ráiteas dá dtagraítear i bpointe 1.
M. Faisnéis shonrach maidir le craicne
Tuairisc ar an gcóras atá i bhfeidhm chun a áirithiú nach n-úsáidtear aon oibreán frithmhiocróbach, a dtoirmisctear a n-úsáid i mbia-ainmhithe san Aontas i gcomhréir le Tábla 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 37/2010, chun craicne a chóireáil.
CUID III
Plean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de — faisnéis a cheanglaítear
A. Athruithe a thugtar isteach sa phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de
(1) Sonraí táirgthe nuashonraithe na n-ainmhithe agus na dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a chumhdaítear faoi phlean rialaithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus an tionchar ar líon na samplaí beartaithe.
(2) Mionsonraí maidir le haon athrú a tharla ó cuireadh isteach an plean rialaithe bliantúil roimhe seo le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de agus a athraíonn an fhaisnéis a cuireadh ar fáil roimhe seo faoi Chuid II, pointí A go M.
(3) In éagmais athruithe, déanfar ráiteas nár tharla aon athrú a áireamh faoi Chuid II, pointí A go M, nuair is ábhartha.
B. Torthaí ó chur chun feidhme phlean rialaithe na bliana roimhe sin le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de
(1) Torthaí ó chur chun feidhme phlean rialaithe na bliana roimhe sin le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de, in éineacht leis an bplean rialaithe nuashonraithe le haghaidh substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta, lotnaidicídí agus éilleán de.
(2) Bonn cirt maidir le haon neamhréireacht idir líon na samplaí nó na substaintí a bhí beartaithe lena n-anailísiú agus líon na samplaí agus/nó na substaintí a ndearnadh anailís orthu.
(3) Sonraí maidir le torthaí nach gcomhlíonann uasteorainneacha iarmhair an Aontais maidir le substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de, uasleibhéil iarmhar nó uasleibhéil éilleán, lena n-áirítear, i gcás gach ceann de na torthaí neamhchomhlíontacha sin, dátaí na samplála, dátaí infhaighteacht na dtorthaí anailíseacha, iarmhair mharcála a sainaithníodh, na tiúchaintí a tomhaiseadh, na modhanna anailíseacha a úsáideadh agus na saotharlanna lena mbaineann.
(4) Maidir le gach ceann de na torthaí neamhchomhlíontacha, tuairisc ar thoradh na n-imscrúduithe leantacha a rinne na húdaráis inniúla, ar an gcúis a bhí leis an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart a rinneadh chun atarlú a chosc.
IARSCRÍBHINN II
Tábla comhghaoil dá dtagraítear in Airteagal 24, an dara mír
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 |
An Rialachán seo |
Airteagal 1 |
Airteagal 1 |
Airteagal 2 |
Airteagal 2 |
Airteagal 3 |
Airteagal 3 |
Airteagal 4 |
Airteagal 4 |
Airteagal 5 |
Airteagal 13 |
Airteagal 6 |
Airteagal 14 |
Airteagal 7 |
Airteagal 15 |
Airteagal 8 |
Airteagal 16 |
Airteagal 9 |
Airteagal 17 |
Airteagal 10 |
Airteagal 18 |
Airteagal 11 |
Airteagal 19 |
Airteagal 12 |
Airteagal 20 |
Airteagal 13 |
Airteagal 21 |
Airteagal 14 |
Airteagal 22 |
( 1 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2090 ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cásanna ina bhfuil amhras faoi neamhchomhlíonadh nó i gcásanna neamhchomhlíonta i ndáil le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de agus atá údaraithe i dtáirgí íocshláinte tréidliachta nó mar bhreiseáin bheathaithe nó i ndáil le rialacha an Aontais is infheidhme maidir le húsáid nó iarmhair substaintí toirmiscthe nó neamhúdaraithe atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de (IO L 317, 9.12.2019, lch. 28).
( 2 ) Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (IO L 37, 13.2.1993, lch. 1).
( 3 ) Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (IO L 327, 11.12.2015, lch. 1).
( 4 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72).
( 5 ) Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).
( 6 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 208/2013 ón gCoimisiún an 11 Márta 2013 maidir le ceanglais inrianaitheachta le haghaidh eascróg agus síolta atá beartaithe chun eascróga a tháirgeadh (IO L 68, 12.3.2013, lch. 16).
( 7 ) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1).
( 8 ) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le teacht isteach coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
( 9 ) Rialachán (CE) Uimh. 1332/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le heinsímí bia agus lena leasaítear Treoir 83/417/CEE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, Treoir 2000/13/CE, Treoir 2001/112/CE ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 258/97 (IO L 354, 31.12.2008, lch. 7).
( 10 ) Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).
( 11 ) Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).