This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document E2021P0005
Request for an Advisory Opinion from the EFTA Court by Héraðsdómur Reykjavíkur dated 8 December 2021 in the case of Anna Bryndís Einarsdóttir v the Icelandic Treasury (Case E-5/21) 2022/C 153/07
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Héraðsdómur Reykjavíkur dar dáta an 8 Nollaig 2021 i gcás Anna Bryndís Einarsdóttir v Státchiste na hÍoslainne (Cás E-5/21) 2022/C 153/07
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Héraðsdómur Reykjavíkur dar dáta an 8 Nollaig 2021 i gcás Anna Bryndís Einarsdóttir v Státchiste na hÍoslainne (Cás E-5/21) 2022/C 153/07
IO C 153, 7.4.2022, p. 13–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
7.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 153/13 |
Iarraidh ar Thuairim Chomhairleach ó Chúirt CSTE ó Héraðsdómur Reykjavíkur dar dáta an 8 Nollaig 2021 i gcás Anna Bryndís Einarsdóttir v Státchiste na hÍoslainne
(Cás E-5/21)
(2022/C 153/07)
Sheol Héraðsdómur Reykjavíkur (Cúirt Dúiche Réicivíce) iarraidh dar dáta an 8 Nollaig 2021 chuig an gCúirt CSTE agus fuair Clárlann na Cúirte é an 13 Nollaig 2021, ar iarraidh í ar Thuairim Chomhairleach i gcás Anna Bryndís Einarsdóttir v Státchiste na hÍoslainne maidir leis an gceist seo a leanas:
Le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (féach freisin Airteagal 21(3) den Rialachán), an gcuirtear d’oibleagáid ar Stát LEE, nuair a bhíonn íocaíochtaí á ríomh i dtaca le saoire mháithreachais/atharthachta, ioncam tagartha a ríomh ar bhonn phá comhiomlán an duine ar an margadh saothair ar fud an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch ar fad? An sáraítear an fhoráil thuasluaite agus prionsabail Chomhaontú LEE (féach, mar shampla, Airteagal 29 LEE) mura gcuirtear san áireamh ach pá comhiomlán an duine ar an margadh saothair intíre?