Pasirinkite eksperimentines funkcijas, kurias norite išbandyti

Šis dokumentas gautas iš interneto svetainės „EUR-Lex“

Dokumentas C2022/484/23

Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht 2022/C 484/23

PUB/2022/1475

IO C 484, 20.12.2022, p. 41—41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 484/41


Aghaidh náisiúnta nua bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht

(2022/C 484/23)

Image 1

Aghaidh náisiúnta an bhoinn nua chomórtha 2 euro atá ceaptha lena chur i gcúrsaíocht agus arna eisiúint ag Málta

Tá stádas dlíthairisceana ar fud an limistéir euro ag boinn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht. Foilsíonn an Coimisiún tuairisc ar dhearadh na mbonn nua uile chun an pobal agus na páirtithe uile a úsáideann na boinn a chur ar an eolas (1). I gcomhréir leis na conclúidí ón gComhairle an 10 Feabhra 2009 (2), ceadaítear do na Ballstáit sa limistéir euro agus do thíortha a bhfuil comhaontú airgeadaíochta tugtha i gcrích acu leis an Aontas Eorpach lena ndéantar foráil maidir le boinn euro a eisiúint, ceadaítear dóibh boinn chomórtha euro a eisiúint, boinn atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht, ar choinníoll go gcomhlíontar coinníollacha áirithe, go háirithe nach n-úsáidtear ach an ainmníocht 2-euro. Is ionann na saintréithe teicniúla a bhíonn ag na boinn sin agus na saintréithe a bhíonn ag boinn 2-euro eile, ach tá dearadh comórtha ar a n-aghaidh náisiúnta, dearadh lena mbaineann siombalachas nach beag ó thaobh an náisiúin agus na hEorpa de.

Tír is eisitheoir: Málta

Ábhar an chomórtha: Comóradh 22 bhliain ó Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil.

Tuairisc ar an dearadh: Léirítear sa dearadh trí aghaidh mná. Ón mbarr ar chlé go dtí an bun ar chlé tá na hinscríbhinní “MNÁ”, “AN tSÍOCHÁIN”, “AN tSLÁNDÁIL”, bliain na heisiúna “2022” agus ainm na tíre eisiúna “MÁLTA”. Ag an lár, faoi bhun na n-aghaidheanna, tá na hinscríbhinní “UNSCR” agus “1325”.

Taispeántar 12 réalta bhratach an Aontais ar fháinne amuigh an bhoinn.

Líon measta na mbonn atá le heisiúint:65 500

Dáta eisiúna: Deireadh Fómhair 2022


(1)  Féach IO C 373, 28.12.2001, lch. 1 le haghaidh aghaidh náisiúnta na mbonn uile a eisíodh in 2002.

(2)  Féach conclúidí na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais an 10 Feabhra 2009 agus an Moladh ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2008 maidir le treoirlínte comhchoiteanna i dtaca le haghaidh náisiúnta agus eisiúint bonn euro atá ceaptha lena gcur i gcúrsaíocht (IO L 9, 14.1.2009, lch. 52).


Į viršų