EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0284

Cás T-284/23: Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Rotenberg v an Chomhairle

IO C 252, 17.7.2023, p. 68–69 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 252/68


Caingean arna tabhairt an 24 Bealtaine 2023 – Rotenberg v an Chomhairle

(Cás T-284/23)

(2023/C 252/82)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Igor Rotenberg (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: D. Rovetta, M. Campa, M. Moretto agus V. Villante, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

go neamhneofaí Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin; (1)

go neamhneofaí Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin; (2)

go neamhneofaí an Cinneadh lena gcoinnítear ainm an iarratasóra ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir bearta sriantacha faoi Chinneadh Uimh. 2014/145/CBES ón gComhairle, (3) arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/572 agus Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle, (4) arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2023/571 ón gComhairle, arna ghlacadh ag Comhairle an Aontais Eorpaigh trí litir chuig an iarratasóir an 14 Márta 2023;

a ordú do Chomhairle an Aontais Eorpaigh costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

(1)

An chéad saincheist dlí: sárú ar an oibleagáid cúiseanna a shonrú, ar Airteagal 296 CFAE agus ar Airteagal 41(2)(c) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus ar Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha.

(2)

An dara saincheist dlí: earráid fhollasach measúnaithe, mainneachtain in urscaoileadh an dualgais chruthúnais, sárú ar na critéir liostaithe a leagtar amach in Airteagail 1(1)(a) agus (e) agus 2(1)(a) agus (g) de Chinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 agus in Airteagal 3(1)(a) agus (g) de Rialachán Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014.

(3)

An tríú saincheist dlí: sárú ar phrionsabal na comhréireachta, sárú ar chearta bunúsacha an iarratasóra chun maoine agus chun saoirse fiontraíochta agus sárú ar Airteagail 16 agus 17 den Chairt um Chearta Bunúsacha.


(1)  Cinneadh (CBES) 2023/572 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 LI 75I, lch. 134).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/571 ón gComhairle an 13 Márta 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2023 L 75I, lch. 1).

(3)  Cinneadh Uimh. 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 16).

(4)  Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 78, lch. 6).


Top