Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TA0429

    Cás T-429/23: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Meitheamh 2024 – Hofstede Insights v EUIPO – Geert Hofstede (HOFSTEDE INSIGHTS) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Hofstede insights – Focalmharc náisiúnta níos luaithe agus trádainm náisiúnta níos luaithe HOFSTEDE INSIGHTS – Trádainm náisiúnta níos luaithe agus ainm cuideachta náisiúnta níos luaithe Hofstede Insights – Trádainm náisiúnta níos luaithe agus ainm cuideachta náisiúnta níos luaithe Hostede Insights Group – Ainm fearainn hofstede-insights.com – Ainm fearainn Hofstede-insights.net – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Forais cinnidh – Foras achomhairc)

    IO C, C/2024/4331, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4331/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4331/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith C


    C/2024/4331

    15.7.2024

    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 5 Meitheamh 2024 – Hofstede Insights v EUIPO – Geert Hofstede (HOFSTEDE INSIGHTS)

    (Cás T-429/23)  (1)

    (Trádmharc an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Hofstede insights - Focalmharc náisiúnta níos luaithe agus trádainm náisiúnta níos luaithe HOFSTEDE INSIGHTS - Trádainm náisiúnta níos luaithe agus ainm cuideachta náisiúnta níos luaithe Hofstede Insights - Trádainm náisiúnta níos luaithe agus ainm cuideachta náisiúnta níos luaithe Hostede Insights Group - Ainm fearainn ‘hofstede-insights.com’ - Ainm fearainn ‘Hofstede-insights.net’ - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Forais cinnidh - Foras achomhairc)

    (C/2024/4331)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Hofstede Insights Oy (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaí: A. Sevillano Orbegozo, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Stoyanova-Valchanova, Gníomhaire)

    Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Geert Hofstede BV (Velp, an Ísiltír) (ionadaí: L. van der Veer, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 28 Aibreán 2023 (Cás R 2128/2022-5).

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Díbhtear an chaingean

    2)

    Ordaítear do Hofstede Insights Oy a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag Geert Hofstede BV a íoc.

    3)

    Ordaítear d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc.


    (1)   IO C 321, 11.9.2023.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/4331/oj

    ISSN 1977-107X (electronic edition)


    Top