Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0070

    Cás C-70/23 P: Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2023 ag Westfälische Drahtindustrie GmbH agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 23 Samhain 2022 i gCás T-275/20, Westfälische Drahtindustrie GmbH agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach

    IO C 121, 3.4.2023, p. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    3.4.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 121/7


    Achomharc arna thabhairt an 8 Feabhra 2023 ag Westfälische Drahtindustrie GmbH agus páirtithe eile i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra Méadaithe) a fógraíodh an 23 Samhain 2022 i gCás T-275/20, Westfälische Drahtindustrie GmbH agus páirtithe eile v an Coimisiún Eorpach

    (Cás C-70/23 P)

    (2023/C 121/11)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Páirtithe

    Achomharcóirí: Westfälische Drahtindustrie GmbH, Westfälische Drahtindustrie Verwaltungsgesellschaft mbH & Co. KG, Pampus Industriebeteiligungen GmbH & Co. KG (ionadaithe: O. Duys agus N. Tkatchenko, Rechtsanwälte)

    Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:

    an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal;

    an litir ón gCoimisiún an 2 Márta 2020, inar éiligh Leas-Ardstiúrthóir um an Buiséad sa Choimisiún ar Westfälische Drahtindustrie GmbH EUR 12 236 931,69 a íoc leis an gCoimisiún, a chur ar neamhní;

    a dhearbhú, dá réir sin, gur chóir don Choimisiún na híocaíochtaí a rinne Westfälische Drahtindustrie GmbH leis an gCoimisiún sa tréimhse ón 29 Meitheamh 2011 go dtí an 16 Meitheamh 2015 de EUR 16 400 000, móide an t-ús cúitimh de EUR 1 420 610 ar an iomlán, is é sin méid iomlán de EUR 17 820 610, a chur i leith na fíneála a d’fhógair an Chúirt Ghinearálta go neamhspleách sa bhreithiúnas i gCás Westfälische Drahtindustrie agus páirtithe eile v an Coimisiún (T-393/10, EU:T:2015:515), le héifeacht an 15 Iúil 2015, agus, dá bhrí sin, gur íocadh ina hiomláine an fhíneáil sin leis an íocaíocht a rinneadh an 17 Deireadh Fómhair 2019 de EUR 18 149 636,24;

    a ordú don Choimisiún EUR 1 633 085,17 a íoc le Westfälische Drahtindustrie GmbH, móide an t-ús cúitimh ón 17 Deireadh Fómhair 2019 go dtí go n-aisíocfar an méid atá dlite ina iomláine;

    mar mhalairt air sin, an breithiúnas atá faoi achomharc a chur ar ceal agus a ordú don Choimisiún EUR 12 236 931,69 de dhamáistí a íoc leis an triúr achomharcóirí mar réiteach ar an méid EUR 12 236 931,36 a éilíodh i litir an 2 Márta 2020 ón gCoimisiún i gcoinne Westfälische Drahtindustrie GmbH agus an ró-íocaíocht de EUR 1 633 085,17 a íoc le Westfälische Drahtindustrie GmbH, móide ús cúitimh ón 17 Deireadh Fómhair 2019 go dtí go n-aisíocfar an méid atá dlite ina iomláine.

    mar mhalairt ar an ordú arna lorg i míreanna 1 go 3, an cás a tharchur ar ais chun na Cúirte Ginearálta chun go dtabharfaidh sí breith;

    agus in aon chás:

    a ordú don Choimisiún na costais a tabhaíodh sna himeachtaí ag an gcéad chéim agus sna himeachtaí achomhairc a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an achomharc, ardaíonn na hachomharcóirí trí shaincheist dlí:

    1.

    Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, sáraítear dlí an Aontais agus tá an breithiúnas sin bunaithe ar réasúnaíocht fhrithráiteach. Go deimhin, aithníonn an Chúirt Ghinearálta freisin an t-athrú bunúsach agus ionadú na fineála a d’fhorchuir an Coimisiún i gcoinne na n-achomharcóirí in 2010/2011. D’ainneoin shoiléire na coda oibríochtúla dá mhalairt agus cinntí na Cúirte Ginearálta i mbreithiúnas an 15 Iúil 2015, déantar an argóint sa bhreithiúnas atá faoi achomharc nár athraíodh an cinneadh neamhdhleathach de 2010/2011 ón gCoimisiún gus an fhíneáil mhíchuí a forchuireadh leis agus gur fhan siad mar an gcéanna.

    2.

    Níor chuir an Chúirt Ghinearálta san áireamh, sa bhreithiúnas atá faoi achomharc, na hiarmhairtí dlíthiúla a eascraíonn ón mbreithiúnas an 15 Iúil 2015. Sáraíonn an Chúirt Ghinearálta an prionsabal gur chóir, i ndiaidh breithiúnas an 15 Iúil 2015 a fhógairt, an oibleagáid nithiúil na hiarmhairtí a dhíothú a bheith curtha chun feidhme ag institiúidí an Aontais.

    3.

    Leis an mbreithiúnas atá faoi achomharc, sháraigh an Chúirt Ghinearálta an ceart nós imeachta bunúsach atá ag na hachomharcóirí chun cosaint dlí éifeachtach i bhfoirm a gceart chun éisteachta. Dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta do na saincheisteanna dlí ar bhonn na cúise céanna go léir, is é sin nár eisíodh fíneáil nua le breithiúnas an 15 Iúil 2015 inar athraíodh an fhíneáil. Tá an cinneadh sa bhreithiúnas atá faoi achomharc maidir le nádúr dlíthiúil na fíneála inchurtha faoi amhras. Ina theannta sin, níl ceangal chomh dlúth sin idir na saincheisteanna dlí go léir a d’fhágfadh gur féidir iad a dhiúltú ar bhonn argóint dlí amháin. Seachas sin, ba chóir don Chúirt Ghinearálta na saincheisteanna dlí go léir a scrúdú go mion, agus ar leithligh óna chéile. Dealraíonn sé nár thug an Chúirt Ghinearálta cúiseanna leordhóthanacha sa bhreithiúnas atá faoi achomharc leis na saincheisteanna dlí go léir a dhiúltú.


    Top