Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0053

    Cás C-53/23, Asociația “Forumul Judecătorilor din România”: Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) a taisceadh an 2 Márta 2023 – Asociația “Forumul Judecătorilor din România”, Asociația “Mișcarea pentru Apărarea Statutului Procurorilor” v Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție – Procurorul General al României

    IO C 189, 30.5.2023, p. 9–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    30.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 189/9


    Iarraidh ar réamhrialú ón Curtea de Apel Pitești (an Rómáin) a taisceadh an 2 Márta 2023 – Asociația “Forumul Judecătorilor din România”, Asociația “Mișcarea pentru Apărarea Statutului Procurorilor” v Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție – Procurorul General al României

    (Cás C-53/23, Asociația “Forumul Judecătorilor din România”)

    (2023/C 189/13)

    Teanga an cháis: Rómáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Curtea de Apel Pitești

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóirí: Asociația “Forumul Judecătorilor din România”, Asociația “Mișcarea pentru Apărarea Statutului Procurorilor”

    Cosantóir: Parchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție – Procurorul General al României

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1)

    An gcuirtear cosc le hAirteagal 2 agus leis an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 12 agus 47 [den] Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ar theorainneacha a fhorchur ar imeachtaí breithiúnacha áirithe a thabhairt ag comhlachais ghairmiúla breithiúna chun neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smacht reachta a chur chun cinn agus a choimirciú agus chun stádas na gairme a chosaint, tríd an gcoinníoll go mbeadh leas príobháideach dlisteanach rótheoranta a thabhairt isteach ar bhonn cinneadh ceangailteach ón Ard-Chúirt Achomhairc agus Ceartais, arna leanúint ag cleachtas náisiúnta i gcásanna amhail an ceann inar ardaíodh an cheist seo, lena n-éilítear nasc díreach idir an gníomh riaracháin faoi réir athbhreithniú a dhéanamh ar a dhlíthiúlacht ag na cúirteanna agus aidhm agus cuspóirí díreacha chomhlachais ghairmiúla chomhaltaí na mbreithiúna, leagtha síos ina reachtanna, i gcásanna ina bhféachann na comhlachais le cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil in ábhair arna rialú ag dlí an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir leis an aidhm agus na cuspóirí ginearálta reachtúla?

    2)

    Ag brath ar an bhfreagra ar an gcéad cheist, an gcuirtear cosc le hAirteagal 2, Airteagal 4(3) CAE agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Iarscríbhinn IX a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Rómáine leis an Aontas Eorpach agus Cinneadh 2006/928 (1) ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear srian ar inniúlacht na Stiúrthóireachta Náisiúnta Frith-Éillithe tríd an gcumhacht a shannadh chun imscrúdú a dhéanamh ar chionta éillithe (sa chiall leathan) arna ndéanamh ag breithiúna agus ionchúisitheoirí go heisiach d’ionchúisitheoirí arna gceapadh go sonrach (ag Ard-Ionchúisitheoir na Rómáine, ar thogra ó Tionól Iomlánach Consiliul Superior al Magistraturii (Ardchomhairle Bhreithiúnach, an Rómáin) de de Pharchetul de pe lângă Înalta Curte de Casație și Justiție (Oifig Ionchúisimh na hArd-Chúirte um Achomharc agus um Cheartas, an Rómáin) agus d’oifigí an ionchúisitheora a ghabhann le cúirteanna achomhairc na n-ionchúisitheoirí agus na ndlínsí sin freisin?


    (1)  Cinneadh ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2006 lena mbunaítear sásra um chomhar agus um fhíorú ar dhul chun cinn sa Rómáin chun aghaidh a thabhairt ar thagarmharcanna sonracha i réimsí an athchóirithe bhreithiúnaigh agus an chomhraic i gcoinne an éillithe (IO 2006 L 354, L. 56).


    Top