Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CJ0185

    Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2024 Iúil 29.
    protectus s.r.o., anciennement BONUL, s.r.o. v Výbor Národnej rady Slovenskej republiky na preskúmavanie rozhodnutí Národného bezpečnostného úradu.
    Tarchur chun réamhrialú – Cinneadh 2013/488/AE – Faisnéis rúnaicmithe – Údarú slándála bunaíochta – Tarraingt siar an chumhachtaithe – Neamhnochtadh faisnéise rúnaicmithe is bun le tarraingt siar – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Oibleagáid cúiseanna a lua – Rochtain ar an gcomhad – Prionsabal na sáraíochta – Airteagal 51 den Chairt um Chearta Bunúsacha – Cur chun feidhme dhlí an Aontais.
    Cás C-185/23.

    Court reports – general – 'Information on unpublished decisions' section

    ECLI identifier: ECLI:EU:C:2024:657

    Eagrán sealadach

    BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

    29 Iúil 2024 (*)

    (Tarchur chun réamhrialú – Cinneadh 2013/488/AE – Faisnéis rúnaicmithe – Údarú slándála bunaíochta – Tarraingt siar an chumhachtaithe – Neamhnochtadh faisnéise rúnaicmithe is bun le tarraingt siar – Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Oibleagáid cúiseanna a lua – Rochtain ar an gcomhad – Prionsabal na sáraíochta – Airteagal 51 den Chairt um Chearta Bunúsacha – Cur chun feidhme dhlí an Aontais)

    I gCás C-185/23,

    IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (Cúirt Riaracháin Uachtarach Phoblacht na Slóvaice), trí bhreith an 28 Feabhra 2023, a fuarthas ag an gCúirt an 22 Márta 2023, sna himeachtaí

    protectus s. r. o., BONUL s. r. o. roimhe seo

    v

    Výbor Národnej rady Slovenskej republiky na preskúmavanie rozhodnutí Národného bezpečnostného úradu,

    tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

    agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen (Rapóirtéir), Leas-Uachtarán, A. Prechal, K. Jürimäe, C. Lycourgos, T. von Danwitz, F. Biltgen, Z. Csehi agus O. Spineanu-Matei, Uachtaráin Dlísheomra, J.-C. Bonichot, S. Rodin, P. G. Xuereb, J. Passer, D. Gratsias agus M. Gavalec, Breithiúna,

    Abhcóide Ginearálta: J. Richard de la Tour,

    Cláraitheoir: I. Illéssy, Riarthóir,

    ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus tar éis éisteacht an 30 Eanáir 2024,

    tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

    –        protectus s. r. o., ag M. Mandzák, M. Para agus M. Pohovej, advokáti,

    –        Výbor Národnej rady Slovenskej republiky na preskúmavanie rozhodnutí Národného bezpečnostného úradu, ag L. Mičinský, M. Nemky agus M. Rafajová, advokáti,

    –        Rialtas na Slóvaice, ag E. V. Larišová, A. Lukáčik agus S. Ondrášiková, i gcáil Gníomhairí,

    –        Rialtas na hEastóine, ag M. Kriisa, i gcáil Gníomhaire,

    –        Rialtas na Fraince, ag R. Bénard agus O. Duprat-Mazaré, i gcáil Gníomhairí,

    –        Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag I. Demoulin, N. Glindová, J. Rurarz agus T. Verdi, i gcáil Gníomhairí,

    –        an Coimisiún Eorpach, ag Ș. Ciubotaru, A.-C. Simon, A. Tokár agus P.J.O. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

    tar éis éisteacht le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 16 Bealtaine 2024,

    an Breithiúnas seo a leanas:

    Breithiúnas

    1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 47 agus ar Airteagal 51(1) agus (2) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).

    2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir protectus s. r. o., BONUL s. r. o. roimhe seo, agus Výbor Národnej rady Slovenskej republiky na preskúmavanie rozhodnutí Národného bezpečnostného úradu (Coiste Chomhairle Náisiúnta Phoblacht na Slóvaice chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí an Bhiúró Náisiúnta Slándála) (‘an Coiste’) maidir le diúltú an choiste don chaingean a thionscain protectus i gcoinne chinneadh an Národný bezpečnostný úrad (an Biúró Náisiúnta Slándála, an tSlóvaic) (‘BNS’) chun fianú slándála tionsclaíche agus deimhniú slándála tionsclaíche protectus a neamhniú.

     An dlí lena mbaineann

     Dlí an Aontais

    3        Foráiltear leis an tríú haithris de Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO 2013 L 274, lch. 1):

    ‘I gcomhréir leis na dlíthe agus na rialacháin náisiúnta agus a mhéid is gá d’fheidhmiú Chomhairle an Aontais Eorpaigh, ba cheart do na Ballstáit an Cinneadh seo a chomhlíonadh nuair a láimhseálann a n-údaráis inniúla, a bpearsanra nó a gconraitheoirí [um fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh (“FRAE”)], ionas gur féidir le gach duine a bheith sásta go n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta do FRAE.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    4        Foráiltear le hAirteagal 1(1) agus (2) den Chinneadh sin:

    ‘1.      Leagtar síos leis an gCinneadh seo na bunphrionsabail agus na híoschaighdeáin slándála chun FRAE a chosaint.

    2.      Beidh feidhm ag na bunphrionsabail agus ag na híoschaighdeáin maidir leis an gComhairle agus maidir le [hArdrúnaíocht na Comhairle (“ARC”)] agus urramóidh na Ballstáit iad, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena Rialacháin náisiúnta, ionas gur féidir le gach duine a bheith sásta go n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta do FRAE.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    5        Foráiltear le hAirteagal 11(2), (5) agus (7) den Chinneadh sin:

    ‘2.      Féadfaidh ARC, trí chonradh, cúraimí a bhaineann le rochtain ar FRAE, lena láimhseáil, lena stóráil nó lena scaoileadh a chur de chúram ar eintitis thionsclaíocha nó ar eintitis eile atá cláraithe i mBallstát nó a dteastaíonn rochtain ar FRAE, láimhseáil, stóráil nó scaoileadh FRAE uathu.

    [...]

    5.      Áiritheoidh [an t-údarás slándála náisiúnta (ÚSN), an t-údarás slándála ainmnithe (ÚSA)] nó aon údarás inniúil eile de chuid gach Ballstáit, i gcomhréir le dlíthe agus Rialacháin náisiúnta, go mbeidh Imréiteach Slándála Saoráide (ISS) den leibhéal rúnaicmithe ina seilbh ag conraitheoirí agus fochonraitheoirí atá cláraithe ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, atá rannpháirteach i gconarthaí rúnaicmithe nó i bhfochonarthaí rúnaicmithe a éilíonn rochtain ar fhaisnéis a aicmítear mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET laistigh dá saoráidí, le linn fheidhmiú na gconarthaí sin nó le linn na céime réamhchonarthaí.

    [...]

    7.      Leagtar amach na forálacha maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo in Iarscríbhinn V.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    6        Sonraítear le hAirteagal 15(3)(a) go (c) den Chinneadh céanna:

    ‘Ní mór do na Ballstáit gach beart iomchuí a dhéanamh, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena reachtaíocht náisiúnta faoi seach, chun a áirithiú, nuair a dhéantar FRAE a láimhseáil nó a stóráil, go gcomhlíonfaidh na daoine seo a leanas an Chinneadh seo:

    a)      pearsanra bhuanionadaíochtaí na mBallstát chun an Aontais Eorpaigh agus na toscairí náisiúnta a chabhraíonn le cruinnithe na Comhairle nó le cruinnithe a comhlachtaí ullmhúcháin, nó a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí eile na Comhairle;

    b)      baill foirne eile de riaracháin náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear pearsanra ar iasacht sna riaracháin sin, bíodh siad ag obair ar chríoch na mBallstát nó thar lear;

    c)      daoine eile sna Ballstáit atá údaraithe go cuí, mar gheall ar a ndualgais, rochtain a bheith acu ar FRAE [...]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    7        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 16(3)(a)(i) de Chinneadh 2013/488:

    ‘Chun críocha Airteagal 15(3) a chur chun feidhme, ní mór do na Ballstáit:

    a)      ÚSN a ainmniú [...] a bheidh freagrach as na socruithe slándála chun FRAE a chosaint, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    i)      cosnaítear FRAE atá i seilbh aon seirbhíse, comhlachta nó gníomhaireachta náisiúnta, bíodh sé poiblí nó príobháideach, sa bhaile nó thar lear, i gcomhréir leis an gCinneadh seo’.

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    8        Foráiltear le míreanna 8 go 13 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin, dar teideal ‘Slándáil thionsclaíoch’:

    ‘8.      Eiseoidh ÚSN/ÚSA nó aon údarás slándála inniúil eile de chuid Ballstáit ISS chun a chur in iúl, i gcomhréir le dlíthe agus Rialacháin náisiúnta, go bhfuil an t-eintiteas tionsclaíoch nó an t-eintiteas eile in ann, laistigh dá shaoráidí, cosaint leordhóthanach a thabhairt do FRAE ar an leibhéal aicmithe iomchuí (CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET). Cuirfear faoi bhráid ARC é, mar an t-údarás conarthach, sula bhféadfar FRAE a thabhairt do chonraitheoir nó d’fhochonraitheoir nó do chonraitheoir ionchasach nó d’fhochonraitheoir ionchasach nó sula bhféadfar rochtain ar FRAE a thabhairt dó.

    9.      Agus ISS á eisiúint aige, áiritheoidh ÚSN/ÚSA inniúil an méid seo a leanas ar a laghad:

    a)      meastóireacht a dhéanamh ar shláine an eintitis thionsclaíoch nó an eintitis eile;

    b)      meastóireacht a dhéanamh ar úinéireacht, ar rialú, nó ar an bhféidearthacht go mbeadh tionchar míchuí ann a d’fhéadfaí a mheas mar riosca slándála;

    c)      a fhíorú go bhfuil córas slándála bunaithe ag an eintiteas tionsclaíoch nó ag aon eintiteas eile ag an tsaoráid lena gcumhdófar na bearta slándála iomchuí uile is gá chun faisnéis nó ábhar atá rúnaicmithe mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET a chosaint i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Chinneadh seo;

    d)      a fhíorú gur bunaíodh stádas slándála pearsanra na bainistíochta, na n-úinéirí agus na bhfostaithe a gceanglaítear orthu rochtain a bheith acu ar fhaisnéis atá rúnaicmithe mar CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Chinneadh seo; agus

    e)      a fhíorú go bhfuil Oifigeach Slándála Saoráide ceaptha ag an eintiteas tionsclaíoch nó ag aon eintiteas eile atá freagrach dá bhainistíocht as na hoibleagáidí slándála a fhorfheidhmiú laistigh d’eintiteas den sórt sin.

    10.      I gcás inarb iomchuí, tabharfaidh ARC, mar údarás conarthach, fógra do ÚSN/ÚSA nó d’aon údarás slándála inniúil eile go bhfuil gá le ISS sa chéim réamhchonarthach nó chun an conradh a chomhlíonadh. Beidh gá le ISS sa chéim réamhchonarthach nuair a bheidh FRAE CONFIDENTIEL UE/EU CONFIDENTIAL nó SECRET UE/EU SECRET le soláthar le linn chéim chur isteach na tairisceana.

    11.      Ní dhámhfaidh an tÚdarás Conarthach conradh rúnaicmithe ar an tairgeoir roghnaithe go dtí go ndeimhneoidh ÚSN/ÚSA nó aon údarás slándála inniúil eile de chuid an Bhallstáit ina bhfuil an conraitheoir nó an tairgeoir lena mbaineann cláraithe, gur eisíodh ISS iomchuí.

    12.      Tabharfaidh ÚSN/ÚSA nó aon údarás slándála inniúil eile a d’eisigh ISS fógra do ARC, ina cháil mar údarás conarthach, faoi aon athruithe ar ISS. I gcomhthéacs fochonartha, cuirfear an ÚSN/ÚSA nó aon údarás slándála inniúil eile ar an eolas faoin méid sin.

    13.      Beidh tarraingt siar ISS ag ÚSN/ÚSA ábhartha nó ag aon údarás slándála inniúil eile ina fhorais leordhóthanacha don Ardrúnaíocht, mar údarás conarthach, chun conradh rúnaicmithe a fhoirceannadh nó chun tairgeoir a eisiamh ón nós imeachta tairisceana.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

     Dlí na Slóvaice

    9        Foráiltear le hAirteagal 46 de zákon č. 215/2004 Z. z. o ochrane utajovaných skutočností a o zmene a doplnení niektorých zákonov (Dlí Uimh. 215/2004 maidir le cosaint faisnéise rúnaicmithe agus le leasú dlíthe áirithe) an 11 Márta 2004, sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí (‘Dlí Uimh. 215/2004’):

    ‘Ní fhéadfar fianú slándála tionsclaíche conraitheora a eisiúint ach amháin do chonraitheoir atá [...]

    c)      iontaofa ó thaobh slándála de [...]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    10      Sonraítear le hAirteagal 49(1) agus (2) den dlí sin:

    ‘(1)      Ní mheastar go bhfuil conraitheoir iontaofa ó thaobh slándála de má aimsítear riosca slándála

    (2)      Meastar gur riosca slándála í

    a)      gach gníomhaíocht a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna Phoblacht na Slóvaice i réimsí áirithe, eadhon cosaint an Stáit, slándáil an Stáit, caidrimh idirnáisiúnta, leasanna eacnamaíochta an Stáit agus feidhmiú údarás an Stáit, nó a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna atá faoi chosaint Phoblacht na Slóvaice,

    b)      gach caidreamh eachtrannach, tráchtála nó dílsithe a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna Phoblacht na Slóvaice ó thaobh beartas eachtrach nó slándála de [...]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    11      Foráiltear le hAirteagal 50(5) den dlí sin:

    ‘Fionnann BNS gur scoir an conraitheoir de cheann de na coinníollacha slándála tionsclaíche a leagtar síos in Airteagal 46 a chomhlíonadh nó gur sháraigh sé go tromchúiseach nó arís agus arís eile na hoibleagáidí a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe, cealóidh sé bailíocht an fhianaithe.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    12      Foráiltear le hAirteagal 60(7) den dlí sin:

    ‘Eagróidh BNS nós imeachta imréitigh slándála i gcomhair gach duine nádúrtha sula dtabharfar faisnéis rúnaicmithe dóibh i ndáil le comhlíonadh cúraimí a eascraíonn as conradh idirnáisiúnta atá ceangailteach ar Phoblacht na Slóvaice, agus tabharfaidh sé deimhniú imréitigh slándála don duine sin; tá forálacha Airteagail 10 go 33 infheidhme maidir le heisiúint an deimhnithe imréitigh slándála do dhuine [...]’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

    13      Foráiltear le hAirteagal 5 den vyhláška č. 134/2016 Z. z. o personálnej bezpečnosti (Foraithne Uimh. 134/2016, maidir le slándáil phearsanra) an 23 Márta 2016, sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí:

    ‘(1)      Léirítear leis an deimhniú slándála tionsclaíche de chuid duine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 60(7) de Dhlí Uimh. 215/2004:

    [...]

    d)      uasleibhéal rúnaicmithe FRAE [...] a bhféadfadh rochtain a bheith ag an sealbhóir air agus na forálacha comhfhreagracha de rialacha an Aontais [...] faoina n-údaraítear rochtain an duine nádúrtha ar fhaisnéis rúnaicmithe,

    [...]

    (4)      In éagmais forálacha contrártha i gconradh idirnáisiúnta atá ceangailteach ar Phoblacht na Slóvaice,

    a)      eiseofar an deimhniú do thréimhse bhailíochta an fhianaithe ar a mhéad,

    b)      sula bhfaigheann an duine nádúrtha an fhaisnéis rúnaicmithe, deimhneoidh an t-údarás inniúil go gcuirtear an duine nádúrtha ar an eolas faoi na hoibleagáidí maidir le faisnéis rúnaicmithe a chosaint dá bhforáiltear i nDlí [Uimh. 215/2004] agus i reachtaíocht an Aontais [...]

    [...]

    (6)      Tá feidhm ag na forálacha i míreanna 1 go 5 mutatis mutandis freisin maidir le heisiúint an deimhnithe slándála tionsclaíche do chonraitheoir.’

    [Aistriúchán neamhoifigiúil]

     An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

    14      An 6 Meán Fómhair 2018, d’eisigh BNS fianú slándála tionsclaíche don iarratasóir sna príomhimeachtaí lenar údaraíodh dó cigireacht a dhéanamh ar fhaisnéis rúnaicmithe ar leibhéal ‘an-rúnda’ agus faisnéis rúnaicmithe ar leibhéal ‘rúnda’ a chruthú.

    15      An 15 Samhain 2018, d’eisigh BNS teastas slándála tionsclaíche di ar leibhéal ‘SECRET UE/EU SECRET’.

    16      Ina dhiaidh sin, tháinig BNS ar an eolas faoi fhaisnéis neamh-rúnaicmithe a léirigh, inter alia, go raibh an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí nó a bhainisteoirí faoi réir imscrúdú coiriúil, go raibh conarthaí tugtha i gcrích aici le cuideachtaí a bhí ina n-ábhar d’imscrúdú den sórt sin, gur íoc sí ‘suimeanna neamhghnácha’ leis na cuideachtaí sin, agus go raibh amhras ann gur fhreagair an t-iarratasóir, agus cuideachta eile a bhí faoi rialú comhchoiteann, na glaonna ar thairiscintí céanna. Fuair BNS faisnéis eile freisin, ar a acmhainní féin nó ó údaráis eile, a bhí cáilithe mar ‘fhianaise rúnaicmithe i scríbhinn’.

    17      Thug BNS deis don iarratasóir sna príomhimeachtaí barúil a thabhairt ar an bhfaisnéis neamh-rúnaicmithe a bhí aige.

    18      Le cinneadh an 25 Lúnasa 2020, chuir BNS fianú slándála tionsclaíche agus deimhniú slándála tionsclaíche an iarratasóra sna príomhimeachtaí ar neamhní. Mar thaca le neamhniú an fhianaithe sin, chuir BNS in iúl, maidir le faisnéis rúnaicmithe agus neamh-rúnaicmithe a bhí aige, go raibh riosca slándála ag baint leis an iarratasóir sna príomhimeachtaí mar gheall ar chaidreamh tráchtála a bheith ann a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna slándála agus d’iompar Phoblacht na Slóvaice atá contrártha do leasanna eacnamaíocha an Bhallstáit sin. Sa chinneadh sin, shonraigh BNS freisin gurbh ionann neamhniú an fhianaithe sin agus neamhniú an deimhnithe slándála tionsclaíche, a mhéid a bhraith bailíocht an deimhnithe sin ar bhailíocht an fhianaithe.

    19      Díbhtear an t-achomharc, arna thabhairt ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí, in aghaidh an chinnidh sin trí chinneadh an choiste an 4 Samhain 2020. Ba é ba chúis leis an gcinneadh sin ná, inter alia, tagairt d’fhaisnéis rúnaicmithe nach raibh leagtha amach sa chinneadh agus nach raibh rochtain ag prospectus nó ag a dhlíodóirí uirthi, toisc gur diúltaíodh le stiúrthóir BNS iarratas an dlíodóra sin chun féachaint ar an bhfaisnéis sin.

    20      Rinne an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí achomharc i gcoinne chinneadh an choiste sin os comhair Najvyšší súd Slovenskej republiky (Cúirt Uachtarach Phoblacht na Slóvaice). Tar éis an chaingean sin a thionscnamh, aistríodh dlínse chun scrúdú a dhéanamh uirthi chuig Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (Cúirt Riaracháin Uachtarach Phoblacht na Slóvaice), eadhon an chúirt a rinne an tarchur.

    21      An 28 Meán Fómhair 2022, sheol BNS an comhad iomlán chuig an gcúirt sin, lena n-áirítear an fhianaise rúnaicmithe i scríbhinn a luaitear sna cúiseanna le cinntí BNS agus an choiste.

    22      Le cinneadh an 4 Deireadh Fómhair 2022, rinne Uachtarán an Bhoird Achomhairc na codanna rúnaicmithe sin den chomhad a eisiamh ó chomhairliúchán. An lá céanna, d’iarr dlíodóir an iarratasóra sna príomhimeachtaí ar an gcúirt a rinne an tarchur a bheith in ann féachaint ar an bhfianaise rúnaicmithe i scríbhinn a sheol BNS. I litir dar dáta an 5 Deireadh Fómhair 2022, dhiúltaigh Uachtarán an Bhoird Achomhairc sna príomhimeachtaí don iarraidh sin, agus d’iarr sé ar BNS breithniú a dhéanamh ar údarú féideartha chun an fhianaise sin a chur in iúl don dlíodóir sin. Trí litir dar dáta an 25 Samhain 2022, chuir BNS in iúl don chúirt sin gur údaraigh sé nochtadh an dá fhianaise rúnaicmithe i scríbhinn, ach dhiúltaigh sé a thoiliú a thabhairt le nochtadh na fianaise rúnaicmithe eile i scríbhinn a bhí i gceist sna príomhimeachtaí, ar an bhforas go bhféadfadh nochtadh foinsí faisnéise a bheith mar thoradh ar an nochtadh sin.

    23      Trí litir dar dáta an 16 Eanáir 2023, d’iarr dlíodóir an iarratasóra sna príomhimeachtaí arís rochtain ar an bhfianaise i scríbhinn go léir, ag brath, go háirithe, ar Airteagal 47 den Chairt, arna léiriú i mbreithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság agus páirtithe eile (C-159/21, EU:C:2022:708).

    24      Sa chomhthéacs sin, tá amhras ar an gcúirt a rinne an tarchur maidir le hinfheidhmeacht na Cairte sna príomhimeachtaí.

    25      I ndáil leis sin, cuireann sí in iúl, go háirithe, go gcinntear coinníollacha bailíochta an deimhnithe slándála tionsclaíche le dlí na Slóvaice, lena bhforáiltear go bhfuil bailíocht deimhnithe den sórt sin ag brath ar bhailíocht fianaithe slándála tionsclaíche, gan rialáil níos mionsonraithe a dhéanamh ar láimhseáil FRAE ná ar rochtain air.

    26      Tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara freisin go bhforchuirtear le Cinneadh 2013/488 oibleagáidí sonracha áirithe ar na Ballstáit maidir le húdarú daoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil acu. Measann sí freisin nach gciallaíonn an fíoras nár glacadh reachtaíocht infheidhme na Slóvaice chun críoch chur cun feidhme gnímh ar leith de dhlí an Aontais Eorpaigh agus go mbunaítear léi nasc idir bailíocht an deimhnithe slándála tionsclaíche agus fianú náisiúnta slándála nach féidir cur chun feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh a bheith i gceist, dé réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, arna tabhairt le fios go bhfuil an t-Airteagal sin infheidhme sna príomhimeachtaí.

    27      I gcás ina bhfuil an Chairt infheidhme maidir leis na príomhimeachtaí, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil reachtaíocht agus cleachtas na Slóvaice a bhaineann le faisnéis rúnaicmithe, i gcomhthéacs imeachtaí chun cur i gcoinne neamhniú fianaithe slándála tionsclaíche agus deimhnithe slándála tionsclaíche, comhoiriúnach le hAirteagal 47 den Chairt.

    28      Faoin reachtaíocht sin agus faoin gcleachtas sin, tá rochtain gan srian ar fhaisnéis den sórt sin ag breithiúna a n‑iarrtar orthu rialú a thabhairt ar achomhairc i gcoinne cinntí atá bunaithe orthu, ach ní áirítear í sa chomhad a chuirtear ar fáil don iarratasóir. Ní fhéadfaidh dlíodóir an iarratasóra rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis sin ach amháin tar éis dó údarú an údaráis a shainaithin an fhaisnéis rúnaicmithe atá i gceist a fháil, gan bunús dhiúltú an údaraithe sin a dheonú a bheith faoi réir athbhreithniú ag cúirt. Ina theannta sin, tá an dlíodóir sin fós faoi cheangal ag dualgas rúndachta agus dá bhrí sin ní féidir leis ábhar na faisnéise rúnaicmithe a mbeadh rochtain aige uirthi a nochtadh dá chliant.

    29      I bhfianaise na dtosca sin, tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim gur féidir neamhréireacht na reachtaíochta sin le hAirteagal 47 den Chairt, mar a chuirtear chun feidhme an reachtaíocht sin leis na húdaráis agus leis na cúirteanna náisiúnta, a thuiscint ón mbreithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság agus páirtithe eile (C-159/21, EU:C:2022:708). Mar sin féin, is gá a chinneadh an féidir an réiteach sin a aistriú go hiomlán chuig an gcás seo. Más iomchuí, ba mhaith leis an gcúirt a rinne an tarchur soiléiriú a fháil freisin ar na cumhachtaí nach mór di a bheith aici chun na cearta a eascraíonn as Airteagal 47 den Chairt a ráthú i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí.

    30      Sna himthosca sin, chinn Najvyšší správny súd Slovenskej republiky (Cúirt Riaracháin Uachtarach Phoblacht na Slóvaice) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

    ‘1)      Maidir le hAirteagal 51(1) den Chairt, an gcaithfear léiriú a dhéanamh sa chaoi go gcuireann Ballstát dlí an Aontais Eorpaigh chun feidhme sa chás ina ndéanann cúirt de chuid an Bhallstáit sin measúnú ar dhlíthiúlacht cinnidh ó choimisiún speisialta de chuid Pharlaimint an Stáit sin lenar sheas an coimisiún sin, mar chomhlacht achomhairc, le cinneadh riaracháin ó ÚSN lena ndéantar cúlghairm/tarraingt siar:

    –        ar an gcéad dul síos, ar imréiteach slándála tionsclaíche de dhuine dlítheanach lena dtugtar rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe i gcomhréir leis an dlí náisiúnta,

    –        ar an dara dul síos, agus mar thoradh ar an bhfianú sin a neamhniú agus mar thoradh air sin amháin, an deimhniú slándála tionsclaíche arna eisiúint don duine dlítheanach sin ionas go mbeidh rochtain aige ar fhaisnéis atá rúnaicmithe SECRET UE/EU SECRET de réir bhrí Airteagal 11 agus Iarscríbhinn V a ghabhann le [Cinneadh 2013/488]?

    2)      I gcás freagra dearfach ar an [gcéad cheist]:

    Maidir leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar cheart léiriú a dhéanamh amhail go gcoisctear reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta leo

    a)      nach léirítear le cinneadh ÚSN lenar neamhníodh (tarraingíodh siar) an fianú agus an deimhniú a luaitear, an fhaisnéis rúnaicmithe ar dá thoradh gur chinn an t-údarás sin gur comhlíonadh na coinníollacha maidir lena neamhniú (a tharraingt siar), ach ní léirítear leis ach tagairtí don doiciméad ábhartha i gcomhad an údaráis sin ina bhfuil an fhaisnéis rúnaicmithe atá i gceist,

    b)      nach bhfuil rochtain ag an duine dlítheanach lena mbaineann ar chomhad ÚSN ná ar na doiciméid éagsúla ina bhfuil an fhaisnéis rúnaicmithe ar dá toradh a rinne an t-údarás céanna na deimhnithe a luaitear a neamhniú (a tharraingt siar),

    c)      nach bhféadfaidh dlíodóir an duine dhlítheanaigh lena mbaineann rochtain a bheith aige ar an gcomhad sin agus ar na doiciméid sin, ach amháin le comhaontú Stiúrthóir ÚSN, le comhaontú údaráis eile a chuir na doiciméid sin faoi bhráid ÚSN, más gá, agus, tar éis rochtain a fháil orthu, beidh sé fós faoi cheangal rúndacht inneachar an chomhaid sin agus na ndoiciméad céanna sin a ráthú,

    d)      go bhfuil rochtain iomlán ar an gcomhad céanna agus ar na doiciméid sin ag an gcúirt a dhéanann measúnú ar dhlíthiúlacht an chinnidh dá dtagraítear sa [chéad cheist] mar sin féin?

    3)      I gcás freagra dearfach ar an [dara ceist]:

    Maidir leis an gcéad mhír agus an dara mír d’Airteagal 47 den Chairt, ar cheart léiriú a dhéanamh sa chaoi go gceadaítear go díreach leo do (nó mar mhalairt ar sin go gcuirtear d’oibleagáid ar) chúirt a dhéanann measúnú ar dhlíthiúlacht cinnidh amhail an cinneadh dá dtagraítear sa chéad cheist gan na rialacha agus an cleachtas a bhfuil tuairisc orthu sa dara ceist a chur i bhfeidhm agus rochtain a thabhairt don duine dlítheanach lena mbaineann nó dá dhlíodóir ar chomhad ÚSN agus, b’fhéidir, ar dhoiciméid ina bhfuil faisnéis rúnaicmithe, má mheasann an chúirt sin go bhfuil gá leis sin chun an ceart chun leigheas éifeachtach agus nós imeachta sáraíochta a ráthú?

    4)      I gcás freagra dearfach ar an [tríú ceist]:

    Maidir le hAirteagal 51(1) agus (2) den Chairt, ar cheart léiriú a dhéanamh sa chaoi is go gciallaíonn sé go mbaineann ceart na cúirte rochtain a thabhairt ar an gcomhad, agus b’fhéidir ar na doiciméid a bhfuil cur síos déanta orthu sa tríú ceist,

    –        leis na codanna sin den chomhad nó de na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis is ábhartha maidir le measúnú ar shábháilteacht thionsclaíoch de réir bhrí Airteagal 11 de Chinneadh 2013/488 agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin, agus na codanna sin amháin, nó

    –        go mbaineann sí chomh maith leis sin, leis na codanna sin den chomhad agus de na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht thionsclaíoch faoin dlí náisiúnta, is é sin le rá, thar na forais a leagtar síos i gCinneadh 2013/488?’

     Dlínse na Cúirte Breithiúnais

    31      Áitíonn an Coiste nach bhfuil dlínse ag an gCúirt an iarraidh ar réamhrialú a fhreagairt.

    32      Ar an gcéad dul síos, níl nasc idir na príomhimeachtaí agus dlí an Aontais, a mhéid gur cuireadh i bhfeidhm le húdaráis na Slóvaice, sa chás seo, reachtaíocht náisiúnta a bhaineann le leasanna Phoblacht na Slóvaice a chosaint amháin agus ar glacadh léi roimh aontachas an Bhallstáit sin leis an Aontas, i réimse ina bhfuil inniúlacht eisiach ag na Ballstáit i gcás ar bith.

    33      Ar an dara dul síos, iarrann an tríú ceist ar an gCúirt go díreach léiriú a thabhairt ar reachtaíocht náisiúnta agus cinneadh a dhéanamh maidir le comhréireacht na reachtaíochta sin le dlí an Aontais.

    34      I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, go bhféachtar leis an gcéad cheist a chinntiú an dtagann cás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme na Cairte agus nach gcuirtear na ceisteanna eile, a bhaineann go léir le léiriú fhorálacha na Cairte, ach amháin i gcás freagra dearfach ón gCúirt ar an gcéad cheist.

    35      Dá bhrí sin, ní mór measúnú a dhéanamh ar na hargóintí arna dtíolacadh ag an gCoiste maidir le heaspa dlínse na Cúirte breith a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú ina hiomláine, mar a leagadh amach i mír 32 den bhreithiúnas seo, agus an chéad cheist a tharchuirtear á scrúdú ag an gCúirt agus ní léir ó na hargóintí sin nach bhfuil dlínse ag an gCúirt breith a thabhairt ar an iarraidh sin.

    36      Ar an dara dul síos, maidir leis an tríú ceist go háirithe, ní mór a mheabhrú, i gcomhthéacs imeachtaí faoi Airteagal 267 CFAE atá bunaithe ar scaradh soiléir feidhmeanna idir na cúirteanna náisiúnta agus an Chúirt Bhreithiúnais, fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí a chinneadh agus a mheas agus an dlí náisiúnta a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm (breithiúnas an 24 Iúil 2023, Lin, C-107/23 PPU, EU:C:2023:606, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    37      Mar sin féin, is léir ó fhoclaíocht na ceiste sin go mbaineann sí léiriú ar an gCairt seachas ar fhoráil náisiúnta.

    38      Dá bhrí sin, ní mór a thabhairt faoi deara go bhfuil dlínse ag an gCúirt rialú a thabhairt ar an iarriadh ar réamhrialú.

     Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú

     Breithniú ar an gcéad cheist

    39      Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá Airteagal 51(1) den Chairt a léiriú sa chaoi go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 51(1), i gcás ina ndéanann cúirt náisiúnta athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cinnidh lena gcuirtear ar neamhní, ar an gcéad dul síos, fianú slándála tionsclaíche lena gceadaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ag Ballstát agus, ar an dara dul síos, mar thoradh ar an neamhní sin, deimhniú slándála tionsclaíche lena n‑údaraítear rochtain ar FRAE, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Chinneadh 2013/488 agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis.

    40      Sainmhínítear raon feidhme na Cairte in Airteagal 51(1) de, ar dá réir nach ndírítear forálacha na Cairte chuig na Ballstáit ach amháin nuair a bhíonn dlí an Aontais Eorpaigh á chur chun feidhme acu.

    41      Tá na cearta bunúsacha a ráthaítear i ndlíchóras an Aontais infheidhme i ngach cás a rialaítear le dlí an Aontais, ach ní lasmuigh de na cásanna sin (breithiúnais an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson, C-617/10, EU:C:2013:105, mír 19, agus an 6 Deireadh Fómhair 2015, Delvigne, C-650/13, EU:C:2015:648, mír 26).

    42      Leis an gcoincheap ‘dlí an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme’, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, glactar leis go bhfuil nascfhachtóir ann idir gníomh de dhlí an Aontais Eorpaigh agus an beart náisiúnta lena mbaineann a théann níos faide ná cóngaracht na n-ábhar a chumhdaítear nó an tionchar indíreach atá ag ceann de na hábhair ar an gceann eile (féach, go háirithe, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2016, Paoletti agus páirtithe eile, C-218/15, EU:C:2016:748, mír 14, agus an 24 Feabhra 2022, Glavna direktsia ‘Pozharna bezopasnost i zashtita na naselenieto’, C-262/20, EU:C:2022:117, mír 60).

    43      Dá bhrí sin, chun a chinneadh an dtagann beart náisiúnta faoi raon feidhme ‘cur chun feidhme dhlí an Aontais Eorpaigh’, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, is gá a fháil amach, i measc tosca eile, an é cuspóir na reachtaíochta náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí foráil de dhlí an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, cineál na reachtaíochta sin agus an saothraíonn sí cuspóirí seachas na cuspóirí a chumhdaítear le dlí an Aontais Eorpaigh, fiú má d’fhéadfadh sí difear indíreach a dhéanamh don dlí sin, agus an bhfuil rialacha sonracha de dhlí an Aontais Eorpaigh ann maidir leis an ábhar sin nó an bhféadfadh sí difear a dhéanamh dó (breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, BPC Lux agus páirtithe eile, C-83/20, EU:C:2022:346, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    44      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, maidir le hinfheidhmeacht na Cairte ar neamhniú fianaithe slándála tionsclaíche lena gceadaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ag Ballstát, ní mór a thabhairt faoi deara nach n-áirítear le dlí an Aontais, ag an gcéim seo dá fhorbairt, acht lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cinntí arna ndéanamh ag Ballstáit chun rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe a údarú faoi reachtaíocht náisiúnta (féach, chuige sin, breithiúnas an 25 Aibreán 2024, NW agus PQ (faisnéis rúnaicmithe), C-420/22 agus C-528/22, EU:C:2024:344, mír 103).

    45      Go háirithe, luaitear in Airteagal 1(1) de Chinneadh 2013/488, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur maidir leis an deimhniú slándála tionsclaíche lena n-údaraítear rochtain ar FRAE, go sainmhínítear leis na bunphrionsabail agus na híoschaighdeáin slándála chun FRAE a chosaint. Mar sin féin, ní áirítear sa chinneadh sin forálacha lena rialaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe faoi rialacháin náisiúnta.

    46      Sa chomhthéacs sin, ní léir ón iarraidh ar réamhrialú gurb é cuspóir nó éifeacht na reachtaíochta náisiúnta lena rialaítear tarraingt siar an fhianaithe slándála tionsclaíche atá i gceist sna príomhimeachtaí éifeacht a thabhairt d’fhoráil de dhlí an Aontais agus ní léir go ndéanann cur i bhfeidhm na reachtaíochta sin difear do chur i bhfeidhm forála den chineál sin.

    47      Dá réir sin, ní cosúil go mbeadh cur chun feidhme dhlí an Aontais i gceist le fianú slándála a tharraingt siar, amhail an fianú atá i gceist sna príomhimeachtaí, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt.

    48      Ar an dara dul síos, maidir le hinfheidhmeacht na Cairte maidir le tarraingt siar an deimhnithe slándála tionsclaíche lena n-údaraítear rochtain ar FRAE, ní mór a thabhairt faoi deara gur ghlac institiúidí an Aontais gníomhartha sonracha a bhfuil mar chuspóir acu cosaint FRAE a rialú le linn a oibríochta.

    49      Go háirithe, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuige sin, Cinneadh 2013/488, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur.

    50      Leanann sé ó aithris 3 agus ó Airteagal 1(2) den chinneadh sin nach mór do na Ballstáit na bunphrionsabail agus na híoschaighdeáin a liostaítear a urramú, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta, ionas gur féidir le gach duine a bheith sásta go n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta do FRAE.

    51      Go háirithe, maidir leis an tslándáil thionsclaíoch, foráiltear le hAirteagal 11(2) den chinneadh sin go bhféadfaidh ARC, trí chonradh, cúraimí a chur ar iontaoibh eintiteas tionsclaíoch nó eintiteas eile lena mbaineann rochtain ar FRAE, láimhseáil, stóráil nó scaoileadh FRAE nó lena n-éilítear an rochtain, an láimhseáil, an stóráil nó an scaoileadh sin.

    52      Chun cosaint FRAE a ráthú i measc na gconraitheoirí agus na bhfochonraitheoirí, forchuirtear le hAirteagal 11(5) den Chinneadh céanna go gcinnteoidh ÚSN, ÚSA nó aon údarás inniúil eile de chuid gach Ballstát, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, go mbeidh ISS ar an leibhéal aicmithe iomchuí ag conraitheoirí agus fochonraitheoirí atá cláraithe ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, atá rannpháirteach i gconarthaí rúnaicmithe nó i bhfochonarthaí rúnaicmithe a éilíonn rochtain ar FRAE laistigh dá saoráidí, le linn fheidhmiú na gconarthaí sin nó le linn na céime réamhchonarthaí.

    53      Foráiltear le hAirteagal 11(7) de Chinneadh 2013/488 go leagtar amach na rialacha maidir le cur chun feidhme Airteagal 11 in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gcinneadh sin.

    54      Leagtar amach in Iarscríbhinn V, i míreanna 8 go 13 di, caighdeáin a bhaineann le ISS. Dá bhrí sin, inter alia, is é an t-údarás náisiúnta inniúil a eisíonn ISS, i gcomhréir le dlíthe agus rialacháin náisiúnta, chun a léiriú go bhféadfadh eintiteas tionsclaíoch cosaint leordhóthanach a ráthú i ndáil le FRAE, nach mór don údarás sin a áirithiú ar a laghad go gcomhlíonfar sraith ceanglas a liostaítear san iarscríbhinn sin agus nach mór fógra a thabhairt do ARC faoi aon mhodhnú ar ISS. Sonraítear i mír 13 d’Iarscríbhinn V, thairis sin, gur foras leordhóthanach é d’Ardrúnaíocht na Comhairle ISS a tharraingt siar ón údarás inniúil náisiúnta chun conradh rúnaicmithe a fhoirceannadh nó chun tairgeoir a eisiamh ón nós imeachta tairisceana.

    55      Chun cur chun feidhme Chinneadh 2013/488 a áirithiú, foráiltear le hAirteagal 15(3)(c) de go ndéanfaidh na Ballstáit gach beart iomchuí, i gcomhréir lena ndlíthe agus lena rialacháin náisiúnta faoi seach, agus FRAE á láimhseáil nó á stóráil acu, ionas go gcomhlíonfar an cinneadh sin, go háirithe le daoine atá údaraithe go cuí rochtain a fháil ar FRAE chun a gcuid feidhmeanna a dhéanamh. Chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh, ní mór do na Ballstáit, inter alia, i gcomhréir le hAirteagal 16(3)(a)(i) den Chinneadh sin, ÚSN a ainmniú a bheidh freagrach as na socruithe slándála chun FRAE a chosaint, ionas go gcosnófar FRAE arna choinneáil ag roinn, comhlacht nó gníomhaireacht ar bith i gcomhréir leis an gCinneadh sin.

    56      I bhfianaise na rialacha a bunaíodh le Cinneadh 2013/488, lena bhforchuirtear oibleagáidí ar na Ballstáit, ní mór na bearta arna nglacadh acu, chun slándáil thionsclaíoch a áirithiú, trí rochtain ar FRAE atá nasctha le conarthaí arna dtabhairt i gcrích ag an gComhairle trí eisiúint agus rialú ISS a rialáil, a mheas mar chur chun feidhme dhlí an Aontais.

    57      Go háirithe, tugtar le fios gur cur chun feidhme den chineál sin i gceist le tarraingt siar ISS ag údarás náisiúnta, de réir bhrí mhír 13 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin. Caitheann tarraingt siar den chineál sin amhras ar dheonú údaraithe dá bhforáiltear le dlí an Aontais, eadhon Airteagal 11(5) den Chinneadh sin, arna léamh i gcomhar le mír 8 den Iarscríbhinn V a ghabhann leis. Ina theannta sin, leagtar amach leis an dlí sin, ar a laghad go páirteach, iarmhairtí údaraithe den chineál sin, toisc go gceanglaítear le hAirteagal 11(5) nach mór ISS ar an leibhéal aicmithe iomchuí a bheith ag conraitheoirí agus fochonraitheoirí atá rannpháirteach i gconarthaí rúnaicmithe nó i bhfochonarthaí rúnaicmithe a éilíonn rochtain ar FRAE laistigh dá saoráidí, le linn fheidhmiú na gconarthaí sin nó le linn na céime réamhchonarthaí.

    58      Cé nach gcinntear go díreach leis an gCinneadh sin nó le gníomh eile de chuid an Aontais na coinníollacha faoina bhféadfaidh údarás náisiúnta ISS a tharraingt siar, de réir bhrí Chinneadh 2013/488 agus cé go dtagann siad faoi dhiscréid na mBallstát mar sin, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar síos leis an gCinneadh sin, ní leor an méid sin chun údar a thabhairt le conclúid dhifriúil.

    59      Is léir ó chásdlí na Cúirte nach mór Ballstát a bhaineann leas as saoirse rogha idir roinnt rialacha cur chun feidhme maidir le beart de chuid an Aontais nó as cumhacht lánroghnach nó rogha atá mar chuid lárnach den chóras arna bhunú leis an ngníomh sin a mheas mar Bhallstát a chuireann an ceart sin chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt. (féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2019, TSN agus AKT, C-609/17 agus C-610/17, EU:C:2019:981, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    60      Is dócha go gcuirfear an réiteach sin i bhfeidhm sa chás seo, toisc gur chuid den chóras a shainítear le Cinneadh 2013/488 é an corrlach breithmheasa atá ag na Ballstáit, i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach leis an gCinneadh sin, agus ISS á tharraingt siar acu de réir bhrí an Chinnidh sin. Ní thugtar le fios le corrlach breithmheasa den chineál sin ach an oiread go mbeadh bunús ag ISS den chineál sin le fáil sa dhlí náisiúnta nó go sainmhíneofaí leis an dlí náisiúnta amháin iarmháirtí ISS.

    61      Sna himthosca sin, agus toisc go bhfuil sé i gceist leis an gcóras chun FRAE a chosaint, arna bhunú le Cinneadh 2013/488, feidhmiú cuí na Comhairle a áirithiú, ní féidir go n-éireoidh leis an argóint a chuir Rialtais na Slóvaice, na hEastóine agus na Fraince chun cinn go dtagann feidhmiú an chorrlaigh lánroghnaigh sin faoi inniúlacht na mBallstát.

    62      A mhéid atá Rialtas na Slóvaice ag brath, i ndáil leis sin, ar Airteagal 4(2) CAE, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gur faoi na Ballstáit atá sé, i gcomhréir leis an bhforáil sin, a leasanna bunúsacha slándála a shainiú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a slándáil inmheánach agus sheachtrach a áirithiú, nach féidir dlí an Aontais a fhágáil neamh-infheidhme agus na Ballstáit a dhíolmhú ón ngá atá ann dlí an Aontais a chomhlíonadh toisc agus toisc amháin go ndearnadh beart náisiúnta chun an tslándáil náisiúnta a chosaint (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Eanáir 2024, Österreichische Datenschutzbehörde, C-33/22, EU:C:2024:46, mír 50 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    63      Sa chás seo, leanann sé ón bhfaisnéis san iarraidh ar réamhrialú nach mór deimhniú slándála tionsclaíche amhail an deimhniú atá i gceist sna príomhimeachtaí a mheas mar ISS de réir bhrí Chinneadh 2013/488.

    64      Dá bhrí sin, ar an gcéad dul síos, is léir ón iarraidh ar réamhrialú, i gcomhréir le reachtaíocht infheidhme na Slóvaice, go n-eisítear deimhniú den chineál sin ar an aon chúis amháin go mbeadh gnóthas lena mbaineann in ann rochtain a fháil ar FRAE, gurb é atá i gceist leis an eisiúint sin ná an gnóthas sin a chur ar an eolas faoi na hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais nach mór dó a chomhlíonadh agus nach bhforáiltear le dlí na Slóvaice go bhfuil údarú ar bith eile ar fáil lena gceadaítear do ghnóthas rochtain a fháil ar FRAE i gcomhréir leis an gcreat a leagtar amach le Cinneadh 2013/488.

    65      Ina dhiaidh sin, cé go sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur nár glacadh reachtaíocht infheidhme na Slóvaice go sonrach chun an cinneadh sin a thrasuí, is léir ó chásdlí na Cúirte nach gcuirtear as an áireamh le cinneadh den sórt sin go bhféadfaí gníomh atá bunaithe ar an reachtaíocht sin a mheas mar chur chun feidhme dhlí an chinnidh sin, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt, a mhéid a chuirtear na rialacha a leagtar síos leis an gcinneadh sin chun feidhme leis an ngníomh sin. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 26 Feabhra 2013, Åkerberg Fransson, C-617/10, EU:C:2013:105, mír 28).

    66      Ar deireadh, mura ndeimhnítear leis an iarraidh ar réamhrialú go raibh an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí ina pháirtí i gconradh leis an gComhairle nó go raibh sé rannpháirteach in idirbheartaíocht nó i gcomhlíonadh conartha den chineál sin, ní leor an méid sin chun cur i bhfeidhm Chinneadh 2013/488 a eisiamh. Tugtar le fios le hAirteagal 11 den chinneadh sin, agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, go bhféadfaidh gnóthas iarratas a dhéanamh ar eisiúint ISS ionas go mbeadh sé in ann páirt a ghlacadh, más gá, i nglao ar thairiscintí ón gComhairle lena mbaineann rochtain ar FRAE.

    67      Ina theannta sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur ceist ar an gCúirt Bhreithiúnais maidir leis an ábharthacht atá le tabhairt don fhíoras go gceadaítear le dlí na Slóvaice deimhniú slándála tionsclaíche a tharraingt siar ó ghnóthas toisc, agus toisc amháin, gur tarraingíodh siar fianú slándála tionsclaíche an ghnóthais sin. I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt faoi deara gurb ionann nasc den chineál sin a bhunú idir imréiteach slándála náisiúnta a tharraingt siar, de réir bhrí reachtaíocht na Slóvaice, agus tarraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, agus rogha arna déanamh ag Poblacht na Slóvaice agus í ag baint leas as an gcorrlach breithmheasa dá dtagraítear i mír 60 den bhreithiúnas seo agus, dá bhrí sin, nach leor rogha den chineál sin chun cosc a chur ar tharraingt siar ISS den chineál sin a mheas mar chur chun feidhme dhlí an Aontais.

    68      I bhfianaise an mhéid thuas, is é an freagra atá le tabhairt ar an gcéad cheist ná nach mór léiriú a dhéanamh ar Airteagal 51(1) den Chairt amhail

    –        nach gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, de réir bhrí na forála sin, i gcás ina ndéanann cúirt náisiúnta athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cinnidh lena gcuirtear ar neamhní fianú slándála tionsclaíche lena gceadaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ag Ballstát;

    –        go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme, de réir bhrí Airteagail 51(1), i gcás ina dhéanann cúirt den chineál sin athbhreithniú ar dhlíthiúlacht cinnidh lena gcuirtear ar neamhní, mar thoradh ar neamhní an fhianaithe slándála tionsclaíche sin, deimhniú slándála tionsclaíche lena n‑údaraítear rochtain ar FRAE, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Chinneadh 2013/488 agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis.

     Breithniú ar an dara agus ar an tríú ceist

    69      Lena dara ceist agus lena tríú ceist, ar iomchuí iad a scrúdú le chéile, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 47 den Chairt le léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta lena bhforáiltear nach léirítear le cinneadh lena dtarraingítear siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, an fhaisnéis rúnaicmithe lena dtugtar údar leis an tarraingt siar sin, cé go bhforáiltear leo go mbeidh rochtain ag an gcúirt a bhfuil dlínse aici measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin ar an bhfaisnéis sin agus nach mbeidh rochtain ag dlíodóir iarshealbhóir ISS sin ar an bhfaisnéis sin ach amháin le toiliú na n-údarás náisiúnta lena mbaineann agus ar choinníoll go ráthaítear rúndacht na faisnéise sin agus, ar an dara dul síos, i gcás ina gcuirtear cosc leis an Airteagal sin ar reachtaíocht agus ar chleachtas den sórt sin, go dtugtar cumhacht don chúirt náisiúnta sin faisnéis rúnaicmithe áirithe a thabhairt d’iarshealbhóir ISS, nó dá dhlíodóir más iomchuí, i gcás nach léir go bhfuil údar maith le diúltú na n-údarás an fhaisnéis sin a thabhairt don iarshealbhóir sin nó dá dhlíodóir.

    70      Ar an gcéad dul síos, ní mór scrúdú a dhéanamh an dtagann cás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí faoi raon feidhme Airteagal 47 den Chairt.

    71      I gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, glactar le haitheantas cirt ar leigheas éifeachtach dá bhforáiltear in Airteagal 47 den Chairt, i gcás ar leith, go bhfuil an duine lena mbaineann ag brath ar chearta nó ar shaoirsí a ráthaítear le dlí an Aontais nó go bhfuil an duine sin faoi réir imeachtaí arb ionann iad agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, de réir bhrí Airteagal 51(1) den Chairt (breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht breithiúnas cúirte bunreachtúla), C-430/21, EU:C:2022:99, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    72      Sa chás seo, is fíor nach mbunaítear le Cinneadh 2013/488 an ceart go ndeonófaí ISS d’oibreoir eacnamaíoch i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe.

    73      Mar sin féin, is léir ó mhír 8 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin go bhfuil rochtain ar FRAE ag oibreoir eacnamaíoch chun conradh rúnaicmithe de chuid na Comhairle a thabhairt i gcrích nó a chomhlíonadh faoi réir sheilbh ISS.

    74      Sna himthosca sin, ar an gcéad dul síos, is ceart a choinneáil i gcuimhne, mar is léir ó mhír 52 den bhreithiúnas seo, go leanann sé ó Airteagal 11(5) de Chinneadh 2013/488 nach mór ISS ar an leibhéal aicmithe iomchuí a bheith ag conraitheoirí agus fochonraitheoirí atá rannpháirteach i gconarthaí rúnaicmithe nó i bhfochonarthaí rúnaicmithe a éilíonn rochtain ar FRAE laistigh dá saoráidí, le linn fheidhmiú na gconarthaí sin nó le linn na céime réamhchonarthaí.

    75      Ar an dara dul síos, sonraítear le mír 10 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin go bhfuil gá le ISS sa chéim réamhchonarthach nuair a bheidh FRAE le soláthar le linn an phróisis tairisceana.

    76      Ar deireadh, i gcomhréir le mír 11 d’Iarscríbhinn V a ghabhann leis an gCinneadh sin, ní bhronnfaidh an t-údarás conarthach conradh rúnaicmithe ar an tairgeoir ar éirigh leis go dtí go ndeimhneoidh údarás náisiúnta inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an conraitheoir nó an tairgeoir lena mbaineann deimhniú gur eisíodh ISS iomchuí. Thairis sin, foráiltear le mír 13 den Iarscríbhinn sin gur foras leordhóthanach é tarraingt siar ISS chun conradh rúnaicmithe a fhoirceannadh.

    77      Dá bhrí sin, mar thoradh ar ISS a tharraingt siar, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, cailleann an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann an t-údarú chun rochtain a fháil ar FRAE chun conradh rúnaicmithe a thabhairt i gcrích agus a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ciallaíonn tarraingt siar den chineál sin, inter alia, go mbainfear de an ceart a bhí aige roimh an tarraingt siar sin páirt a ghlacadh sa chéim réamhchonarthach a bhaineann le conradh rúnaicmithe de chuid na Comhairle agus an ceart go mbronnfaí conradh den chineál sin air dá roghnófaí a thairiscint. Cailltear an rogha sin fiú mura raibh an t-oibreoir eacnamaíoch sin, amhail an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, ina chonraitheoir ná ina fhochonraitheoir de chuid na Comhairle ar an dáta a tharraing siar a ISS.

    78      Dá bhrí sin, ní mór go mbeadh leigheas éifeachtach ag oibreoir eacnamaíoch den chineál sin, i gcomhréir le hAirteagal 47 den Chairt, os comhair binse chun agóid a dhéanamh i gcoinne tharraingt siar a ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488.

    79      Ar an dara dul síos, maidir leis na híosráthaíochtaí is gá do chaingean den chineál sin, ní mór a mheabhrú, de réir cásdlí socair na Cúirte, go gceanglaítear le héifeachtacht an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a ráthaítear le hAirteagal 47 den Chairt, go mbeidh an duine lena mbaineann in ann na forais ar a bhfuil an cinneadh a glacadh ina leith bunaithe a fháil amach tríd an gcinneadh féin a léamh nó trí na cúiseanna sin a chur in iúl arna iarraidh sin dó, gan dochar do chumhacht na cúirte a bhfuil dlínse aici a cheangal ar an údarás i dtrácht iad a chur in iúl, chun a chur ar a chumas a chearta a chosaint sna coinníollacha is fearr is féidir agus chun a chinneadh, agus láneolas aige ar na fíorais ábhartha, an bhfuil aon phointe ann maidir leis an ábhar a thabhairt os comhair na cúirte a bhfuil dlínse aici, agus chun a chur ar a cumas an chumhacht a fheidhmiú go hiomlán chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht an chinnidh náisiúnta atá i gceist (breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    80      I gcás, amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí, ina bhfuil tarraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, bunaithe ar tharraingt siar imréitigh slándála eile amháin, ní féidir éifeacht a bheith le hathbhreithniú breithiúnach ar tharraingt siar ISS sin ach amháin a mhéid a d’fhéadfadh rochtain a bheith ag iarshealbhóir ISS sin ar na forais ar a bhfuil tarraingt siar an imréitigh slándála eile sin bunaithe, toisc gurb í an rochtain sin amháin a chuirfidh ar a chumas na cúiseanna as ar eascair tarraingt siar ISS sin a thuiscint agus, dá bhrí sin, más iomchuí, agóid a dhéanamh i gcoinne na gcúiseanna sin.

    81      Is fíor go bhféadfadh cúinsí sáraitheacha, a bhaineann go háirithe le slándáil an Stáit nó le caidreamh idirnáisiúnta a chosaint, bac a chur ar roinnt den fhaisnéis nó an fhaisnéis ar fad ar a bhfuil tarraingt siar ISS sin bunaithe a nochtadh d’iarshealbhóir ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488. I gcás den chineál sin, mar sin féin, is faoin gcúirt náisiúnta inniúil, nach féidir rúndacht na faisnéise sin a agairt ina coinne, teicnící a chur chun feidhme, i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a dhéanann sí, lena bhféadfar, ar thaobh amháin, na cúinsí sáraitheacha sin agus, ar an taobh eile, an gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar cearta nós imeachta an duine aonair, amhail an ceart chun éisteacht a fháil agus prionsabal na sáraíochta, a thabhairt le chéile. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, mír 125 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    82      Chuige sin, ceanglaítear ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hathbhreithniú breithiúnach éifeachtach ar na cúiseanna ar a bhfuil an t-údarás náisiúnta inniúil ag brath, agus ar bhailíocht na gcúiseanna sin araon, maidir le slándáil an Stáit agus é ag diúltú an fhaisnéis go léir, nó cuid den fhaisnéis sin, ar a bhfuil tarraingt siar ISS bunaithe, a nochtadh, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, agus ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 58).

    83      I gcomhthéacs an athbhreithnithe bhreithiúnaigh ar dhlíthiúlacht tharraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, is faoi na Ballstáit atá sé rialacha a leagan síos lena gcuirfear ar chumas na cúirte atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin eolas a chur ar na forais go léir agus ar an bhfianaise lena mbaineann ar a bunaíodh an tarraingt siar sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 59).

    84      Maidir leis na ceanglais atá le comhlíonadh trí athbhreithniú breithiúnach ar na cúiseanna ar a bhfuil an t-údarás náisiúnta inniúil ag brath agus ar bhailíocht na gcúiseanna sin i ndáil le slándáil an Bhallstáit lena mbaineann, tá sé tábhachtach go mbeadh cúirt freagrach as scrúdú neamhspleách a dhéanamh ar na hábhair dlí agus fíorais go léir ar a bhfuil an t-údarás náisiúnta inniúil ag brath chun cinneadh a dhéanamh, i gcomhréir leis na rialacha nós imeachta náisiúnta, an gcuireann cúinsí sáraitheacha a bhaineann, mar shampla, le slándáil an Stáit nó caidreamh idirnáisiúnta a chosaint, cosc ar nochtadh na bhforas go léir, nó cuid de na forais sin, ar a bhfuil an tarraingt siar atá i gceist bunaithe agus ar nochtadh na fianaise lena mbaineann (féach, de réir analaí, breithiúnais an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, míreanna 60 agus 62, agus an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, mír 126).

    85      Má chinneann an chúirt sin nach gcuireann slándáil an Stáit bac ar chur in iúl, go páirteach ar a laghad, na gcúiseanna nó na fianaise atá mar bhonn le tarraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, nár cuireadh iad in iúl ar dtús, tabharfaidh sí deis don údarás náisiúnta inniúil na cúiseanna agus an fhianaise atá in easnamh a chur in iúl don duine lena mbaineann. Mura n-údaraíonn an t-údarás sin cur in iúl na ndoiciméad sin, ní scrúdaíonn an chúirt sin dlíthiúlacht na tarraingthe siar sin ach amháin ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a cuireadh in iúl. (féach, de réir analaí, breithiúnais an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 63, agus an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, mír 127).

    86      Ar an taobh eile, más amhlaidh, mar gheall ar chúinsí sáraitheacha a bhaineann, mar shampla, le slándáil an Stáit nó caidreamh idirnáisiúnta a chosaint, go gcuirtear cosc leis na cúiseanna nó an fhianaise go léir nó cuid díobh atá mar bhonn le tarraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, a chur in iúl don duine lena mbaineann, ní mór athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin i gcomhthéacs nós imeachta lena mbaintear cothromaíocht iomchuí amach idir na ceanglais a eascraíonn as na cúinsí sáraitheacha sin agus na ceanglais maidir leis an gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil, go háirithe an ceart chun prionsabal na sáraíochta a urramú, agus aon chur isteach ar an gceart sin a theorannú don mhéid a bhfuil fíorghá leis (féach, de réir analaí, breithiúnais an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 64, agus an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, mír 128).

    87      I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise chomhlíonadh riachtanach Airteagal 47 den Chairt, ní mór a áirithiú leis an nós imeachta sin, a mhéid is féidir, go gcomhlíonfar prionsabal na sáraíochta, ionas go bhféadfaidh an duine lena mbaineann agóid a dhéanamh i gcoinne na gcúiseanna ar a bhfuil tarraingt siar ISS bunaithe, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, agus barúlacha a thíolacadh maidir leis an bhfianaise a bhaineann leis an tarraingt siar sin agus, dá bhrí sin, a chosaint a chur ar aghaidh go héifeachtach. Chuige sin, is ceadmhach féidearthachtaí a úsáid amhail achoimre a sholáthar ar ábhar na faisnéise nó na fianaise lena mbaineann (féach, de réir analaí, breithiúnais an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 65, agus an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, mír 129).

    88      I gcás ar bith, tá sé tábhachtach go gcuirfí an duine lena mbaineann ar an eolas faoi shubstaint na gcúiseanna ar a bhfuil an tarraingt siar sin bunaithe, toisc nach féidir leis an gcosaint is gá, go háirithe maidir le slándáil an Stáit nó le caidreamh idirnáisiúnta, an ceart chun éisteacht a fháil a bhaint den duine lena mbaineann agus, dá bhrí sin, an bonn a bhaint óna cheart chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na tarraingthe siar céanna. (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 65).

    89      Más iomchuí, má tá sé ar intinn ag an údarás náisiúnta a tharraing siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, brath, os comhair na cúirte náisiúnta inniúla, ar chuid de na cúiseanna is bonn le tarraingt siar ISS sin, ar cúiseanna iad atá leordhóthanach chun údar a thabhairt leis an tarraingt siar sin dar leis, agus ar na cúiseanna sin amháin, níl sé i dteideal ach substaint na gcúiseanna sin a chur in iúl (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, míreanna 119, 127 agus 130). Sa chás sin, i gcomhréir leis an gcásdlí dá dtagraítear i mír 85 den bhreithiúnas seo, ní scrúdaíonn an chúirt sin dlíthiúlacht na tarraingthe siar sin ach amháin ar bhonn na gcúiseanna ar cuireadh a substaint in iúl.

    90      Ar an dara dul síos, maidir leis an gcothromaíocht idir an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil agus an gá atá ann a áirithiú, inter alia, go gcosnófar slándáil an Stáit nó caidreamh idirnáisiúnta ar a bhfuil an chonclúid a leagtar amach i míreanna 87 agus 88 den bhreithiúnas seo bunaithe, níl feidhm ag an gcothromaíocht sin ar an mbealach céanna maidir leis an bhfianaise is bonn leis na cúiseanna a thugtar ar aird os comhair na cúirte náisiúnta inniúla. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh nochtadh na fianaise sin, inter alia, slándáil an Stáit a chur i mbaol go díreach agus go sonrach, a mhéid go bhféadfadh sé, inter alia, beatha, sláinte nó saoirse daoine a chur i mbaol nó na modhanna imscrúdaithe a úsáideann na húdaráis sábháilteachta náisiúnta go sonrach a nochtadh agus, ar an gcaoi sin, srian a chur, nó fiú cosc a chur, ar fheidhmiú chúraimí na n-údarás sin amach anseo (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 66).

    91      Sa chomhthéacs sin, is faoin gcúirt náisiúnta inniúil atá sé a mheas an bhfuil agus a mhéid atá an mhainneachtain faisnéis nó fianaise rúnda a nochtadh don duine lena mbaineann agus an dodhéantacht chomhfhreagrach don duine sin a bharúlacha ina leith a chur isteach den sórt a dhéanfadh difear do luach na fianaise sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 18 Iúil 2013, an Coimisiún agus páirtithe eile v Kadi, C-584/10 P, C-593/10 P agus C-595/10 P, EU:C:2013:518, mír 129 agus an cásdlí dá dtagraítear).

    92      Sna himthosca sin, is faoin gcúirt náisiúnta inniúil atá sé a áirithiú go ndéanfar substaint na gcúiseanna atá mar bhonn le tarraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, a chur in iúl don duine lena mbaineann ar bhealach ina dtugtar aird chuí ar rúndacht riachtanach na fianaise agus, más iomchuí, na hiarmhairtí a bheadh ann faoin dlí náisiúnta mura gcomhlíonfaí an oibleagáid sin cumarsáid a dhéanamh a leagan amach (féach, de réir analaí, breithiúnas an 4 Meitheamh 2013, ZZ, C-300/11, EU:C:2013:363, mír 68).

    93      I bhfianaise na gceanglas sin a eascraíonn as Airteagal 47 den Chairt, is léir, sa chás seo, gur coinníoll riachtanach ach nach leor é cumhacht na cúirte náisiúnta inniúla chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis rúnaicmithe go léir ar a bhfuil tarraingt siar ISS bunaithe, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, dá dtagraíonn an chúirt a rinne an tarchur, chun leigheas éifeachtach a áirithiú i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí.

    94      Tugtar le fios le hurraim do chearta na cosanta ní hamháin go bhfuil an fhaisnéis ábhartha go léir ag an gcúirt a bhfuil dlínse aici chun a cinneadh a dhéanamh, ach go bhféadfaidh an duine lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí trí chomhairleoir, a leasanna a dhearbhú trína dhearcadh nó a dearcadh a chur in iúl maidir leis an bhfianaise sin freisin (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meán Fómhair 2022, Országos Idegenrendészeti Főigazgatóság agus páirtithe eile, C-159/21, EU:C:2022:708, mír 58).

    95      Thairis sin, ní leor an rogha atá ar fáil do dhlíodóir iarshealbhóir ISS rochtain a fháil, le toiliú na n-údarás náisiúnta lena mbaineann, ar fhaisnéis rúnaicmithe ar a bhfuil tarraingt siar ISS bunaithe, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 47 den Chairt i gcás ina bhféadfaidh na húdaráis sin rochtain den sórt sin a dhiúltú gan an chúirt náisiúnta inniúil a bheith in ann teacht ar na conclúidí iomchuí ó chineál féideartha gan údar an diúltaithe sin chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin agus i gcás nach mór don dlíodóir sin rúndacht na faisnéise sin a ráthú, rud a chiallaíonn nach féidir leis ábhar an diúltaithe sin a nochtadh dá chliant.

    96      Don chuid eile, ní chiallaíonn an fhaisnéis san iarraidh ar réamhrialú gur féidir a chinneadh an bhfuil sé de chumhacht ag an gcúirt náisiúnta inniúil, faoi reachtaíocht na Slóvaice, a fhíorú an gcuireann na cúiseanna ar a bhfuil na húdaráis náisiúnta ag brath bac iarbhír ar chur in iúl na faisnéise rúnaicmithe ar fad ar tarraingíodh siar ISS ina leith, nó cuid di, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, agus na hiarmhairtí a leagan amach, más iomchuí, as diúltú cuid den fhaisnéis sin a chur in iúl nach bhfuil údar cuí leis.

    97      Ar an gcaoi chéanna, cé gur léir ón iarraidh ar réamhrialú go raibh rochtain ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí nó ag a dhlíodóir ar an bhfaisnéis neamh-rúnaicmithe agus ar chuid den fhaisnéis rúnaicmithe ar tarraingíodh siar ISS ina leith, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, níor shonraigh an chúirt a rinne an tarchur ar chuir an fhaisnéis a chur in iúl ar chumas an iarratasóra sna príomhimeachtaí substaint na gcúiseanna leis an tarraingt siar sin a bheith ar fáil dó nó, ar a laghad, substaint na cúise nó na gcúiseanna ar a raibh sé ar intinn ag an údarás náisiúnta inniúil brath.

    98      Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé measúnú a dhéanamh ar a mhéid a áirithítear leis an reachtaíocht agus leis an gcleachtas náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí comhlíonadh na gceanglas a eascraíonn as Airteagal 47 den Chairt, mar a leagtar amach i míreanna 79 go 92 den bhreithiúnas seo.

    99      Ar an tríú dul síos, maidir le hiarmhairtí aon chinnidh go bhfuil an reachtaíocht agus an cleachtas sin ar neamhréir le hAirteagal 47 den Chairt, is faoi na Ballstáit atá sé fós an chumhacht a fhorchoimeád don údarás náisiúnta inniúil cúiseanna nó fianaise rúnaicmithe a chur in iúl, ar choinníoll go bhfuil sé de chumhacht ag an gcúirt náisiúnta a éisteann an chaingean i gcoinne ISS a tharraingt siar, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, teacht ar na conclúidí iomchuí ón gcinneadh arna ghlacadh go críochnaitheach ina leith sin ag na húdaráis sin (féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Aibreán 2024, NW agus PQ (faisnéis rúnaicmithe), C-420/22 agus C-528/22, EU:C:2024:344, mír 113).

    100    Is é atá i gceist le réiteach den sórt sin, i gcás ina gcuireann an t-údarás náisiúnta inniúil bac gan údar ar nochtadh na fianaise uile nó cuid den fhianaise ar a bhfuil neamhniú den chineál sin bunaithe, comhlíonadh iomlán Airteagal 47 den Chairt a áirithiú, a mhéid a áirithítear leis nach mbeidh mar thoradh ar mhainneachtain an údaráis sin a oibleagáidí nós imeachta a chomhlíonadh go mbeidh an cinneadh breithiúnach bunaithe ar fhíorais agus ar dhoiciméid nach raibh an t-iarratasóir in ann aird a thabhairt orthu agus nach raibh sé in ann, dá bhrí sin, barúil a thabhairt ina leith (féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Aibreán 2024, NW agus PQ (faisnéis rúnaicmithe), C-420/22 agus C-528/22, EU:C:2024:344, mír 114).

    101    Dá réir sin, ní féidir a mheas go bhfuil sé riachtanach, chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a áirithiú agus measúnú á dhéanamh ar dhlíthiúlacht tharraingt siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, go bhfuil sé de chumhacht ag an gcúirt náisiúnta a éisteann an chaingean i gcoinne na tarraingthe siar sin faisnéis rúnaicmithe áirithe a nochtadh i gcás ina ndealraíonn sé nach bhfuil údar maith le mainneachtain an fhaisnéis sin a nochtadh d’iarshealbhóir ISS, trína dhlíodóir i gcás inarb iomchuí (féach, de réir analaí, breithiúnas an 25 Aibreán 2024, NW agus PQ (faisnéis rúnaicmithe), C-420/22 agus C-528/22, EU:C:2024:344, mír 115).

    102    I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 47 den Chairt a léiriú sa chaoi:

    –        ar an gcéad dul síos, nach gcuirtear bac leis ar reachtaíocht ná ar chleachtas náisiúnta lena bhforáiltear nach léiríonn cinneadh lena dtarraingítear siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, an fhaisnéis rúnaicmithe lena dtugtar údar leis an tarraingt siar sin, ar fhoras cúinsí sáraitheacha a bhaineann, mar shampla, le slándáil an Stáit nó le caidreamh idirnáisiúnta a chosaint, agus foráil á déanamh go bhfuil rochtain ag an gcúirt inniúil ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin ar an bhfaisnéis sin agus nach bhféadfaidh dlíodóir iarshealbhóir ISS sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ach amháin le comhaontú na n-údarás náisiúnta lena mbaineann agus ar choinníoll go ráthaítear a rúndacht, a mhéid a áirithíonn an chúirt sin go bhfuil neamhnochtadh na faisnéise teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus go soláthraítear, in aon chás, d’iarshealbhóir ISS sin substaint na gcúiseanna leis an tarraingt siar sin ar bhealach lena dtugtar aird chuí ar rúndacht riachtanach na fianaise;

    –        ar an dara dul síos, i gcás ina gcuirtear cosc le hAirteagal 47 den Chairt ar reachtaíocht agus ar chleachtas den chineál sin, nach gceanglaítear ar an gcúirt náisiúnta inniúil féin faisnéis rúnaicmithe áirithe a chur in iúl d’iarshealbhóir ISS, trína dhlíodóir más gá, i gcás nach ndealraíonn sé go bhfuil údar maith le mainneachtain an fhaisnéis sin a nochtadh don iarshealbhóir sin nó dá dhlíodóir. Is faoin údarás náisiúnta inniúil atá sé le déanamh, más iomchuí. Mura n-údaraíonn an t-údarás sin na doiciméid sin a chur in iúl, ní scrúdaíonn an chúirt sin dlíthiúlacht tharraingt siar ISS sin ach amháin ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a cuireadh in iúl.

     Breithniú ar an gceathrú ceist

    103    I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an dara ceist agus ar an tríú ceist, ní gá breith a thabhairt ar an gceathrú ceist.

     Costais

    104    Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

    Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Mór-Dhlísheomra) mar seo a leanas:

    1.      Maidir le hAirteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    –        ní bhaineann athbhreithniú, ag cúirt náisiúnta, ar dhlíthiúlacht cinnidh lena gcuirtear ar neamhní fianú slándála tionsclaíche lena gceadaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe ag Ballstát le gníomh arb é atá ann dlí an Aontais a chur chun feidhme, de réir bhrí na forála sin;

    –        baineann athbhreithniú, ag cúirt den chineál sin ar dhlíthiúlacht cinnidh lena gcuirtear ar neamhní, mar thoradh ar neamhniú an fhianaithe slándála tionsclaíche sin, deimhniú slándála tionsclaíche lena gceadaítear rochtain ar fhaisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 11 de Chinneadh 2013/488/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le rialacha slándála i dtaca le faisnéis rúnaicmithe an Aontais Eorpaigh a chosaint agus le hIarscríbhinn V a ghabhann leis, le gníomh arb é atá ann dlí an Aontais a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagail 51(1).

    2.      Maidir le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha,

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    –        ar an gcéad dul síos, ní chuirtear bac leis ar reachtaíocht ná ar chleachtas náisiúnta lena bhforáiltear nach léiríonn cinneadh lena dtarraingítear siar ISS, de réir bhrí Chinneadh 2013/488, an fhaisnéis rúnaicmithe lena dtugtar údar leis an tarraingt siar sin, ar fhoras cúinsí sáraitheacha a bhaineann, mar shampla, le slándáil an Stáit nó le caidreamh idirnáisiúnta a chosaint, agus foráil á déanamh go bhfuil rochtain ag an gcúirt inniúil ar dhlíthiúlacht na tarraingthe siar sin ar an bhfaisnéis sin agus nach bhféadfaidh dlíodóir iarshealbhóir ISS sin rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin ach amháin le comhaontú na n-údarás náisiúnta lena mbaineann agus ar choinníoll go ráthaítear a rúndacht, a mhéid a áirithíonn an chúirt sin go bhfuil neamhnochtadh na faisnéise teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach agus go soláthraítear, in aon chás, d’iarshealbhóir ISS sin substaint na gcúiseanna leis an tarraingt siar sin ar bhealach lena dtugtar aird chuí ar rúndacht riachtanach na fianaise;

    –        ar an dara dul síos, i gcás ina gcuirtear cosc le hAirteagal 47 den Chairt ar reachtaíocht agus ar chleachtas den sórt sin, ní cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta inniúil féin faisnéis rúnaicmithe áirithe a chur in iúl d’iarshealbhóir ISS, trína dhlíodóir más iomchuí, i gcás nach ndealraíonn sé go bhfuil údar maith leis mainneachtain an fhaisnéis sin a nochtadh don iarshealbhóir sin ná dá dhlíodóir. Is faoin údarás náisiúnta inniúil atá sé le déanamh, más iomchuí. Mura n-údaraíonn an t-údarás sin na doiciméid sin a chur in iúl, ní scrúdaíonn an chúirt sin dlíthiúlacht na tarraingthe siar sin ach amháin ar bhonn na gcúiseanna agus na fianaise a cuireadh in iúl.

    Sínithe


    *      Teanga an cháis: an tSlóvaicis.

    Top