Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CA0207

Cás C-207/23, Finanzamt X (Baint agus diúscairt earra saor ó tháille: Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – Finanzamt X v Y KG (Tarchur chun réamhríalú – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Idirbhearta inchánacha – Airteagal 16 – Baint earra is cuid de shócmhainní gnó agus diúscairt saor ó tháille an earra sin ar dhuine inchánach eile – Triomú adhmaid agus téamh gort asparagais ó shaoráid comhghiniúna ata ceangailte le monarcha um tháirgeadh bithgháis – Airteagal 74 – Bonn cánach – Bunphraghas – Teorainn leis na costais lena mbaineann CBL ionchuir amháin)

IO C, C/2024/3576, 17.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3576/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3576/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/3576

17.6.2024

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Séú Dlísheomra) an 25 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzhof – an Ghearmáin) – Finanzamt X v Y KG

(Cás C-207/23, Finanzamt X (Baint agus diúscairt earra saor ó tháille)  (1)

(Tarchur chun réamhríalú - Comhchóras cánach breisluacha (CBL) - Treoir 2006/112/CE - Idirbhearta inchánacha - Airteagal 16 - Baint earra is cuid de shócmhainní gnó agus diúscairt saor ó tháille an earra sin ar dhuine inchánach eile - Triomú adhmaid agus téamh gort asparagais ó shaoráid comhghiniúna ata ceangailte le monarcha um tháirgeadh bithgháis - Airteagal 74 - Bonn cánach - Bunphraghas - Teorainn leis na costais lena mbaineann CBL ionchuir amháin)

(C/2024/3576)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Bundesfinanzhof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Finanzamt X

Cosantóir: Y KG

An chuid oibríochtúil

1)

Maidir leis an gcead fomhír d’Airteagal 16 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha;

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

gurb ionann diúscairt teasa, ar tháirg duine inchánach amháin, saor ó tháille go daoine inchánacha eile chun críche a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha, agus baint earra is cuid dá shócmhainní gnó mar dhiúscairt saor ó tháille, de réir bhrí na forála sin, agus soláthar earraí ar comaoin, agus níl sé ábhartha chuige sin an úsáideann na daoine inchanacha eile sin an teas chun críoch a mbeadh siad i dteideal CBL a asbhaint.

2)

Maidir le hAirteagal 74 de Threoir 2006/112;

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

go gclúdaíonn an costphraghas ní hamháin na costais táirgthe nó ghiniúna dhíreacha ach na costais atá inchurtha go hindíreach freisin amhail costais mhaoiniúcháin, beag beann ar íocadh CBL ar na costais sin cheana.


(1)   IO C 252, 17.7.2023.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3576/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top