Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0777

    Cás T-777/22: Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Penguin Random House v EUIPO – Ediciones Literarias Independientes (PLAN B)

    IO C 71, 27.2.2023, p. 33–33 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 71/33


    Caingean arna tabhairt an 12 Nollaig 2022 – Penguin Random House v EUIPO – Ediciones Literarias Independientes (PLAN B)

    (Cás T-777/22)

    (2023/C 71/44)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Penguin Random House Grupo Editorial, SAU (Barcelona, an Spáinn) (ionadaí: E. Armijo Chávarri, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Ediciones Literarias Independientes, SL (Barcelona)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha PLAN B – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 17 887 136

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 28 Meán Fómhair 2022 i gCás R 2015/2021-1

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    mar mhalairt rogha, an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní i ndáil leis na hearraí in aicmí 9 agus 16 nach gcumhdaítear leis an trádmharc Spáinneach PLAN B (measctha) Uimh. 3 641 418 agus a chumhdaítear leis an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh atá faoi chonspóid.

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 59(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top