EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0569

Cás T-569/22: Caingean arna tabhairt an 13 Meán Fómhair 2022 – QZ v BEI

IO C 451, 28.11.2022, p. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 451/15


Caingean arna tabhairt an 13 Meán Fómhair 2022 – QZ v BEI

(Cás T-569/22)

(2022/C 451/18)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: QZ (ionadaithe: L. Levi agus P. Baudoux, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Banc Eorpach Infheistíochta

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

cinntí an cosantóra dar dáta an 5 Deireadh Fómhair 2021 agus an 8 Márta 2022, ina n-éilíonn an cosantóir go raibh neamhláithreachtaí gan údar ag an iarratasóir le linn trí thréimhse faoi chonspóid, a chur ar ceal;

cinneadh an chosantóra an 3 Meitheamh 2022, lena ndiúltaítear d’iarraidh an iarratasóra ar athbhreithniú riaracháin agus lena ndeimhnítear go raibh neamhláithreachtaí gan údar ag an iarratasóir le linn trí thréimhse faoi chonspóid, a chur ar ceal;

a ordú don chosantóir cúiteamh a íoc as an dochar a ndearnadh don iarratasóir; agus

a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí seo a leanas.

1.

Maidir leis an gcéad tréimhse faoi chonspóid, ardaíonn an t-iarratasóir trí shaincheist, lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus ar Airteagal 3.6 d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacha Foirne, sárú ar an oibleagáid i leith cúiseanna a lua agus ar an gceart chun dea-riaracháin.

2.

Maidir leis an dara tréimhse faoi chonspóid, ardaíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist, lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim agus ar Airteagal 2.1, C, d’Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacha Foirne.

3.

Maidir leis an tríú tréimhse faoi chonspóid, ardaíonn an t-iarratasóir saincheist amháin, lena n-éilítear nach raibh an cosantóir i dteideal, go dlíthiúil, deimhniú leighis an iarratasóra a cheistiú.


Top