EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0501

Cás T-501/22: Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – an Ostair v an Coimisiún

IO C 389, 10.10.2022, p. 14–15 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 389/14


Caingean arna tabhairt an 18 Lúnasa 2022 – an Ostair v an Coimisiún

(Cás T-501/22)

(2022/C 389/16)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Poblacht na hOstaire (ionadaithe: J. Schmoll agus A. Kögl, Gníomhairí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/908 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2022 lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe a thabhaíonn na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 3543 final agus arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an 10 Meitheamh 2022, L 157, lch. 15, a chur ar neamhní, a mhéid a eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh an caiteachas a thabhaigh Poblacht na hOstaire agus a dearbhaíodh faoi CERT arna leagan amach san iarscríbhinn leis an gCinneadh sin faoi mhír bhuiséid 6200, línte 1 go 8, lúide na méideanna a liostaítear faoi mhír bhuiséid 08020601, de shuim iomlán EUR 68 146 449,98;

a ordú don chosantóir costais na n-imeachtaí a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir na saincheisteanna dlí a leanas.

1.

An chéad saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (1) a mhéid a d’fhorchuir sé ceartúchán airgeadais tríd an gcinneadh cur chun feidhme atá faoi chonspóid cé gur chuir an t-iarratasóir an chomhéifeacht laghdaithe i leith leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta d’fheirmeoirí fhéarach na nAlp i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 24(6) de Rialachán AE Uimh. 1307/2013. (2) Dá bhrí sin, rinneadh an ceartúchán airgeadais lena mbaineann go mícheart.

2.

An dara saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir Airteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a d’fhorchuir sé ceartúchán airgeadais in ainneoin go raibh úsáid an chúlchiste náisiúnta don ghníomhaíocht feabhais a glacadh i dtaca le feirmeoirí talaimh féaraigh (Hutweide) agus an laghdú líneach a rinneadh d’fhonn a chinntiú nach sárófar an uasteorainn náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais. Áitíonn an t-iarratasóir go raibh sé i dteideal brath ar Airteagal 30(7)(b) nó Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 chun na gníomhartha sin a ghlacadh. Dá bhrí sin, rinneadh an ceartúchán airgeadais lena mbaineann go mícheart.

3.

An tríú saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir Airteagal 52(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a dhiúltaigh sé freisin maoiniú do chaiteachas CERT a rinneadh roimh an 26 Samhain 2016 – agus, dá bhrí sin, breis agus 24 mhí roimh an dáta a thug an cosantóir fógra faoi na torthaí ar an bhfíorú i litir an 27 Samhain 2018.

4.

An ceathrú saincheist dlí

Sháraigh an cosantóir an oibleagáid cúiseanna a lua a leagtar síos sa dara mír d’Airteagal 296 CFAE, a mhéid atá teipthe glan air freagairt d’argóintí an iarratasóra a bhaineann le féarach na nAlp a rangú bunaithe ar dhlíthe na gcúigí a bhaineann le féarach na nAlp agus mar sin gur theip air cúiseanna leordhóthanacha agus cuí a thabhairt don líomhain gur sháraigh an t-iarratasóir an prionsabal maidir le hoibiachtúlacht agus cóir chomhionann agus an eisceacht dá bhforáiltear in Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 á cur i bhfeidhm aige.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 608).


Top