Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0433

    Cás T-433/22: Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2022 – Spreewood Distillers v EUIPO – Radgonske gorice (STORK)

    IO C 326, 29.8.2022, p. 26–27 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    29.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 326/26


    Caingean arna tabhairt an 8 Iúil 2022 – Spreewood Distillers v EUIPO – Radgonske gorice (STORK)

    (Cás T-433/22)

    (2022/C 326/36)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Spreewood Distillers GmbH (Schlepzig, an Ghearmáin) (ionadaithe: O. Spieker agus D. Mienert, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Radgonske gorice d.o.o. (Gornja Radgona, an tSlóivéin)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “STORK” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 170 885

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 10 Bealtaine 2022 i gCás R 1782/2021-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an Cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO costais na n-imeachtaí a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top