This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0293
Case T-293/22: Action brought on 19 May 2022 — PB v SRB
Cás T-293/22: Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – PB v BRA
Cás T-293/22: Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – PB v BRA
IO C 257, 4.7.2022, p. 48–48
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 257, 4.7.2022, p. 44–44
(GA)
4.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 257/44 |
Caingean arna tabhairt an 19 Bealtaine 2022 – PB v BRA
(Cás T-293/22)
(2022/C 257/62)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: PB (ionadaí: N. de Montigny, avocate)
Cosantóir: An Bord Réitigh Aonair (BRA)
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
cinneadh Uachtarán SRB an 16 Iúil 2021 gan an t-iarratasóir a athaicmiú ag deireadh athaicmiú 2021 a chur ar neamhní; |
— |
a mhéid is gá, cinneadh SRB an 14 Feabhra 2022 lena ndiúltaítear don ghearán a thaisc an t-iarratasóir an 15 Deireadh Fómhair 2021 i gcoinne an chinnidh gan é a athaicmiú; |
— |
ordú don chosantóir na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir seacht saincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear gur sáraíodh na rialacha nóis imeachta is infheidhme maidir le cur chun feidhme an athaicmithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 de na forálacha ginearálta cur chun feidhme in Airteagal 54 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh (“DGE”). |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear anailís earráideach ar Airteagal 4 de DGE agus measúnú earráideach ar na leibhéil freagrachta i ndáil le feidhm agus ní i ndáil le grád. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh rialacha nóis imeachta an chomhchoiste um athaicmiú agus an oibleagáid tuarascáil a tharraingt suas maidir le gach measúnú foirne. |
4. |
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an ceart rochtana ar dhoiciméid agus prionsabail na trédhearcachta, na hintuarthachta agus na deimhneachta dlíthiúla agus go bhfuil claonadh ann, atá oibiachtúil ar a laghad, mar gheall ar an easpa faisnéise ag céimeanna éagsúla den nós imeachta. |
5. |
An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh an oibleagáid cúiseanna a thabhairt agus go ndearnadh earráidí i liosta na bhfachtóirí a ndearnadh measúnú orthu. |
6. |
An séú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Iarscríbhinn II de DGE agus an meán sprice atá socraithe. |
7. |
An seachtú saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach sa measúnú ar chomhad an iarratasóra, ar a thuillteanas agus ar a shinsearacht i gcomparáid leis nacomhghleacaithe sa roinn chéanna. |