Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0077

    Cás T-77/22: Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2022 – Asesores Comunitarios v an Coimisiún

    IO C 138, 28.3.2022, p. 31–31 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 138, 28.3.2022, p. 20–20 (GA)

    28.3.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 138/20


    Caingean arna tabhairt an 9 Feabhra 2022 – Asesores Comunitarios v an Coimisiún

    (Cás T-77/22)

    (2022/C 138/36)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Asesores Comunitarios SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: J. Monrabà Bagan, Dlíodóir)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    Cinneadh Uimh. C(2021) 8946 final an 3 Nollaig 2021 lena diúltaíodh do phlean téarnaimh agus athléimneachta na Spáinne a nochtadh a chur ar neamhní; agus

    a ordú don chosantóir na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir an cosantóir an ceathrú fleasc d’Airteagal 4(1)(a), de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (1) chun mífheidhme leis an mbonn a bhaint de leas an phobail i leith beartais airgeadais agus eacnamaíoch. Thairis sin, éilítear nár sonraíodh na fíricí a bhaineann le bagairt hipitéiseach ar chobhsaíocht eacnamaíoch Ríocht na Spáinne go cruinn sa chinneadh atá faoi chonspóid toisc gur nochtadh a plean téarnaimh agus athléimneachta don iarratasóir.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir an cosantóir Airteagal 4(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 chun mífheidhme trína mheas go sárófaí príobháideachas agus sláine na ndaoine aonair a luaitear sna doiciméid a iarradh a nochtadh go poiblí.

    3.

    An tríú saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir an cosantóir Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 chun mífheidhme trína mheas go mbainfí an bonn go mór den phróiseas leanúnach cinnteoireachta leis na doiciméid a iarradh a nochtadh go poiblí.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear gur chuir an cosantóir Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 chun mífheidhme trína mheas nár bunaíodh aon leas sáraitheach i ndáil leis na doiciméid a iarradh a nochtadh ag a bhfuil tosaíocht ar an bpróiseas leanúnach cinnteoireachta.


    (1)  Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43 – 48).


    Top