This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TA0555
Case T-555/22: Judgment of the General Court of 8 May 2024 – France v Commission (Rules on languages – Notice of open competition for the recruitment of administrators and experts in the fields of defence industry and space – Restriction of the choice of language 2 to English – Regulation No 1 – Article 1d(1), Article 27 and Article 28(f) of the Staff Regulations – Discrimination on grounds of language – Interest of the service – Proportionality)
Cás T-555/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún (Córas Teanga – Fógra comórtais oscailte chun riarthóirí agus saineolaithe a earcú i Réimsí an Tionscail Cosanta agus Spáis – Teorainn le rogha teanga 2 go Béarla – Rialachán Uimh. 1 – Airteagal 1d(1), Airteagal 27 agus Airteagal 28(f) den Reacht – Idirdhealú bunaithe ar theanga – Leas na seirbhíse – Comhréireacht)
Cás T-555/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún (Córas Teanga – Fógra comórtais oscailte chun riarthóirí agus saineolaithe a earcú i Réimsí an Tionscail Cosanta agus Spáis – Teorainn le rogha teanga 2 go Béarla – Rialachán Uimh. 1 – Airteagal 1d(1), Airteagal 27 agus Airteagal 28(f) den Reacht – Idirdhealú bunaithe ar theanga – Leas na seirbhíse – Comhréireacht)
IO C, C/2024/3764, 24.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3764/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Iris Oifigiúil |
GA Sraith C |
C/2024/3764 |
24.6.2024 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – an Fhrainc v an Coimisiún
(Cás T-555/22) (1)
(Córas Teanga - Fógra comórtais oscailte chun riarthóirí agus saineolaithe a earcú i Réimsí an Tionscail Cosanta agus Spáis - Teorainn le rogha teanga 2 go Béarla - Rialachán Uimh. 1 - Airteagal 1d(1), Airteagal 27 agus Airteagal 28(f) den Reacht - Idirdhealú bunaithe ar theanga - Leas na seirbhíse - Comhréireacht)
(C/2024/3764)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Poblacht na Fraince (ionadaithe: T. Stéhelin, B. Fodda agus S. Royon, Gníomhairí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: G. Niddam, L. Vernier agus I. Melo Sampaio, Gníomhairí)
Idiragraithe ag tacú leis an iarratasóir: Ríocht na Beilge (ionadaithe: C. Pochet, M. Van Regemorter agus S. Baeyens, Gníomhairí), an Phoblacht Heilléanach (ionadaí: V. Baroutas, Gníomhaire), Poblacht na hIodáile (ionadaithe: G. Palmieri, Gníomhaire, le cúnamh ó P. Gentili, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí fógra comórtais oscailte EPSO/AD/400/22 dar teideal ‘Riarthóirí (AD 7) agus saineolaithe (AD 9) i Réimsí an Tionscail Cosanta agus an Spáis’ (IO 2022, C 233 A, lch. 1), ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Cuirtear fógra comórtais oscailte EPSO/AD/400/22, ‘Riarthóirí (AD 7) agus saineolaithe (AD 9) i Réimsí an Tionscail Cosanta agus an Spáis’, ar neamhní. |
2) |
Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin, chomh maith leis na costais arna dtabhú ag Poblacht na Fraince, a íoc. |
3) |
Ordaítear do Ríocht na Beilge, don Phoblacht Heilléanach agus do Phoblacht na hIodáile a gcostais féin a íoc. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/3764/oj
ISSN 1977-107X (electronic edition)