Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0368

    Cás T-368/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Cassa Centrale v EUIPO – Bankia (BANQUÌ) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BANQUÌ’ – Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Bankia’ – Cúis choibhneasta le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Sainiúlacht an trádmhairc níos luaithe)

    IO C 261, 24.7.2023, p. 34–34 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    24.7.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 261/34


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 7 Meitheamh 2023 – Cassa Centrale v EUIPO – Bankia (BANQUÌ)

    (Cás T-368/22) (1)

    (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘BANQUÌ’ - Marc fíortha níos luaithe de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Bankia’ - Cúis choibhneasta le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Sainiúlacht an trádmhairc níos luaithe)

    (2023/C 261/47)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Cassa Centrale Banca – Credito Cooperativo Italiano SpA (Trente, an Iodáil) (ionadaithe: J. Graffer, G. Locurto agus A. Ottolini, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus D. Hanf, i gcáil Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Bankia, SA (Maidrid, an Spáinn)

    Ábhar

    Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go neamhneofaí an Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Aibreán 2022 (Cás R 1318/2021-1).

    An chuid oibríochtúil

    (1)

    Neamhnaítear an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 11 Aibreán 2022 (Cás R 1318/2021-1) a mhéid ar diúltaíodh leis an t-achomharc arna tabhairt ag Cassa Centrale Banca – Credito Cooperativo Italiano SpA i ndáil leis an iarratas ar chlárú an fhocalmhairc ‘BANQUÌ’ mar thrádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ná táirgí faoi Aicme 9 de réir bhrí Chomhaontú Nice a bhaineann le hAicmiú Idirnáisiúnta Earraí agus Seirbhísí chun Críocha an Chláraithe Marcanna, an 15 Meitheamh 1957, arna leasú agus athcheartú.

    (2)

    Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

    (3)

    Ordaítear do Cassa Centrale Banca – Credito Cooperativo Italiano agus do EUIPO a gcostais féin a íoc.


    (1)  IO C 303, 8.8.2022.


    Top