Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TA0061

Cás T-61/22: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – OD v Eurojust (Státseirbhís – Comhaltaí den fhoireann shealadach – Athshannadh sealadach ar mhaithe leis an tseirbhís – Airteagal 7 de na Rialacháin Foirne – Atreorú ar chúnamh – Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne – Beart sealadach díbeartha – Coincheap an “ghnímh a dhéanann dochar do dhuine” – Ceart éisteachta – Dliteanas)

IO C 189, 30.5.2023, p. 29–30 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

30.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 189/29


Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Aibreán 2023 – OD v Eurojust

(Cás T-61/22) (1)

(Státseirbhís - Comhaltaí den fhoireann shealadach - Athshannadh sealadach ar mhaithe leis an tseirbhís - Airteagal 7 de na Rialacháin Foirne - Atreorú ar chúnamh - Airteagal 24 de na Rialacháin Foirne - Beart sealadach díbeartha - Coincheap an “ghnímh a dhéanann dochar do dhuine” - Ceart éisteachta - Dliteanas)

(2023/C 189/38)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: OD (ionadaí: N. de Montigny, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (ionadaithe: A. Terstegen Verhaag agus M. Castro Granja, Gníomhairí, le cúnamh ó D. Waelbroeck agus A. Duron, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, de pháirt, go ndéanfar an cinneadh an 17 Meitheamh 2021, lenar chinn Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) í a athshannadh go sealadach chuig post [rúnda], agus, a mhéid is gá, cinneadh an 21 Deireadh Fómhair 2021, lenar dhiúltaigh Eurojust dá ghearán an 22 Meitheamh 2021 a chur ar neamhní agus, den pháirt eile, cúiteamh as an damáiste a líomhnaítear a d'fhulaing sí mar thoradh ar na cinntí sin.

An chuid oibríochtúil

1)

Déantar cinneadh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) an 17 Meitheamh 2021 maidir le OD a athshannadh go sealadach chuig post [rúnda] a chur ar neamhní.

2)

Diúltaítear don chaingean.

3)

Ordaítear do Eurojust a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag OD a íoc;


(1)  IO C 119, 14.3.2022.


Top