Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0796

    Cás C-796/22, INSS: Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana (an Spáinn) an 30 Nollaig 2022 – Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS) v Bernardino

    IO C 164, 8.5.2023, p. 28–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    8.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 164/28


    Iarraidh ar réamhrialú ón Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana (an Spáinn) an 30 Nollaig 2022 – Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS) v Bernardino

    (Cás C-796/22, INSS)

    (2023/C 164/36)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunal Superior de Justicia de la Comunidad Valenciana

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Instituto Nacional de la Seguridad Social (INSS)

    Cosantóir: Bernardino

    Tríú páirtí: Lliza SL

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1)

    An gcaithfear an téarma “coinníollacha fostaíochta” i gclásal 4 den Chomhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha de Threoir 97/81/CE ón gComhairle an 15 Nollaig 1997 i ndáil leis an gComhaontú Réime maidir le hobair pháirtaimseartha arna thabhairt i gcrích ag UNICE, CEEP agus ETUC (1) a léiriú sa chaoi go n-áirítear sochar ón Slándáil Shóisialta de bhun scoir pháirtigh leis, nach féidir le tairbhithe an tsochair sin ach a bheith ina n-oibrithe lánaimseartha agus ní ina n-oibrithe páirtaimseartha?

    2)

    An gcaithfear an téarma “oibrithe páirtaimseartha” i gclásail 2 agus 3 de Threoir 97/81/CE a léiriú sa chaoi go dtugtar le tuiscint leis go n-áirítear oibrithe buana seasúracha [atá ar chonradh “contrato fijo-discontinuo”] leis?

    3)

    An gcaithfear an ceathrú clásal den Chomhaontú Réime de Threoir 97/81/CE a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc leis ar reachtaíocht lena n-eisiatar oibrithe páirtaimseartha ó rochtain a fháil ar phinsean scoir pháirtigh le conradh faoisimh [“contrato de relevo”], agus dá bhrí sin go ndéantar idirdhealú nach bhfuil údar leis ar chúiseanna oibiachtúla léi, maidir leis na hoibrithe lánaimseartha?

    4)

    An gcaithfear Treoir 79/7/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1978 maidir le prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí slándála sóisialta a chur chun feidhme de réir a chéile (2) a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc léi ar riail, amhail an riail náisiúnta, lena n-eisiatar oibrithe páirtaimseartha ó bheith ina dtairbhithe agus mar sin ó bheith in ann rochtain a fháil ar an bpinsean scoir pháirtigh (le cur i gcrích conartha faoisimh go comhuaineach), agus sa chaoi sin go ndéantar idirdhealú ar bhonn gnéis léi, nach bhfuil údar leis ar chúiseanna oibiachtúla?


    (1)  IO L 14, lch. 9.

    (2)  IO L 6, lch. 24.


    Top