Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0759

    Cás C-759/22, Sächsische Ärzteversorgung: Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Sächsische Ärzteversorgung v Deutsche Bundesbank

    IO C 112, 27.3.2023, p. 22–23 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.3.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 112/22


    Iarraidh ar réamhrialú ón Bundesverwaltungsgericht (an Ghearmáin) a taisceadh an 15 Nollaig 2022 – Sächsische Ärzteversorgung v Deutsche Bundesbank

    (Cás C-759/22, Sächsische Ärzteversorgung)

    (2023/C 112/28)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Bundesverwaltungsgericht

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Sächsische Ärzteversorgung

    Cosantóir: Deutsche Bundesbank

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    Ceisteanna maidir leis an léiriú ar Rialacháin (AE) 2018/231 agus (AE) Uimh. 549/2013: (1)

    1.

    (a)

    An gceanglaítear le pointe (b) den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A de CCE nach mór do na tomhaltóirí uile de na táirgí arna dtairiscint ag an táirgeoir an tsaoirse a bheith acu na táirgí sin a cheannach nó gan iad a cheannach agus rogha a dhéanamh ar bhonn na bpraghsanna a mhuirearaítear?

    Más freagra diúltach a thabharfar ar an gceist sin?

    (b)

    I gcásanna ina bhfaigheann formhór mór na dtomhaltóirí sin, gan saoirse rogha den sórt sin a bheith acu, ón táirgeoir táirgí arb ionann iad agus níos mó ná leath dá aschur de bhua ballraíocht éigeantach leis an táirgeoir sin agus ina bhfuil orthu ranníocaíochtaí éigeantacha ar mhéid arna shocrú ag an táirgeoir a íoc, an gcomhlíontar ceanglais na forála de bharr go raibh an rogha ag mionlach dul isteach leis an táirgeoir mar chomhaltaí deonacha agus gur fheidhmigh siad an rogha sin d’fhonn na táirgí a fháil mar mhalairt ar ranníocaíochtaí arb iad na cinn chéanna a íocann baill éigeantacha a íoc?

    2.

    An mbeidh aschur margaidh ar phraghsanna atá suntasach ó thaobh an gheilleagair de, arna sainmhíniú i míreanna 3.17 go 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ann i gcónaí má chomhlíontar “critéar an 50 %” arna sainmhíniú sa tríú agus sa cheathrú habairt den tríú fomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE de bhua go gclúdaítear ar a laghad 50 % de na costais trí dhíolacháin thar thréimhse leanúnach ilbhliantúil, nó an gcaithfear an critéar sin a léiriú sa chiall nach coinníoll leordhóthanach (neamhthuilleamaíoch) atá ann ach coinníoll éigeantach a bhfuil feidhm aige in éineacht leis an dá réamhchoinníoll arna leagan síos i bpointí (a) agus (b) den dara habairt den chéad fhomhír de mhír 3.19 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

    3.

    Chun a chinneadh an ionann aonaid institiúideacha agus táirgeoirí margaidh arna sainmhíniú i mír 3.24 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an gcaithfear tagairt a dhéanamh ní hamháin do mhíreanna 3.17, 3.19 agus 3.26 d’Iarscríbhinn A ach freisin do na ceanglais bhreise arna leagan síos sa dara fomhír de mhír 1.37 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

    4.

    (a)

    D’fhonn aonad institiúideach a aicmiú faoi fho-earnáil S.129, an gá go gceanglaítear le mír 2.107 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE go soláthrófar a shochair go léir do na rannpháirtithe go léir ar bhonn conradh árachais?

    Más amhlaidh sin:

    (b)

    An gcomhlíontar cheana an ceanglas go soláthrófar na sochair ar bhonn conarthach sa chaoi sin más rud é, cé go bhfuil ballraíocht éigeantach, ranníocaíochtaí éigeantacha agus sochair éigeantacha an aonaid institiúidigh faoi rialáil ag an gcomhlacht poiblí i gcomhréir lena reachtanna, go bhféadfaidh baill éigeantacha éilimh i leith sochair bhreise a chruthú trí ranníocaíochtaí deonacha breise a íoc?

    5.

    An gcaithfear pointe (f) den tríú habairt d’Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2018/231 a léiriú sa chiall nach n-eisiatar ón gcoincheap “ciste pinsin”, arna sainmhíniú sa chéad abairt den fhoráil sin, ach na haonaid institiúideacha sin a chomhlíonann an dá chritéar arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A de CCE, nó an gcumhdaítear freisin leis an eisceacht sin aonaid institiúideacha eile nach mór glacadh leo mar scéimeanna slándála sóisialta pinsin faoi mhír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, fiú mura gcomhlíontar leo na ceanglais go léir arna leagan síos i mír 2.117 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?

    6.

    (a)

    Leis an gcoincheap “rialtas ginearálta” i mír 2.117(b) agus mír 17.43 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, an dtagraítear amháin don phríomhaonad i gceist nó an gcumhdaítear freisin institiúidí pinsin atá neamhspleách go dlíthiúil, atá bunaithe ar bhonn reachtúil, eagraithe ar bhonn ballraíocht éigeantach agus maoinithe ag ranníocaíochtaí agus atá i dteideal féinrialú agus cuntasaíocht leithleach?

    Más amhlaidh sin:

    (b)

    An é atá i gceist leis na ranníocaíochtaí agus na sochair a shocrú nó a fhormheas, dá dtagraítear i mír 2.117(b) d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, ná an méid a shocrú nó a fhormheas, nó an leor go bhforáiltear sa dlí do na bunrioscaí le bheith clúdaithe agus don íosleibhéal clúdaigh agus go rialaítear na prionsabail agus na teorainneacha i leith ranníocaíochtaí a bhailiú, ach é a fhágáil faoin institiúid pinsin méid na ranníocaíochtaí agus na sochar a mheas laistigh den chreat sin?

    (c)

    An áirítear sa choincheap “aonad rialtais”, dá dtagraítear i mír 20.39 d’Iarscríbhinn A a ghabhann le CCE, aonaid institiúideacha amháin a chomhlíonann na ceanglais go léir arna leagan síos i míreanna 20.10 agus 20.12 d’iarscríbhinn A a ghabhann le CCE?


    (1)  Rialachán (AE) 2018/231 ón mBanc Ceannais Eorpach an 26 Eanáir 2018 maidir le ceanglais tuarascála staidrimh le haghaidh cistí pinsin (BCE/2018/2) (IO 2018 L 45, lch. 3) i gcomhar le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir leis an gcóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach (IO 2013 L 174, lch. 1, “CCE”).


    Top