Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0744

    Cás C-744/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad – Nesebar (an Bhulgáir) a taisceadh an 5 Nollaig 2022 – “Vodosnabdyavane i kanalizatsia” EAD v PQ

    IO C 71, 27.2.2023, p. 17–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    27.2.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 71/17


    Iarraidh ar réamhrialú ón Rayonen sad – Nesebar (an Bhulgáir) a taisceadh an 5 Nollaig 2022 – “Vodosnabdyavane i kanalizatsia” EAD v PQ

    (Cás C-744/22)

    (2023/C 71/20)

    Teanga an cháis: an Bhulgáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Rayonen sad – Nesebar

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir:“Vodosnabdyavane i kanalizatsia” EAD

    Cosantóir: PQ

    Na ceisteanna a tharcuirtear

    1.

    Chun críche imeachtaí amhail na príomhimeachtaí a bhaineann le caingean i gcoinne tomhaltóra chun íoc as úsáid bhídeach uisce, an bhfuil forálacha Airteagal 2(5) agus Airteagal 7(2)(1) den Naredba 1 ot 09.07.2004g. za minimalnite razmeri na advokatskite vaznagrazhdenia (Rialachán Uimh. 1 an 9 Iúil 2004 maidir le híosleibhéal táillí dlíodóirí) – atá infheidhme faoi Airteagal 47(6) den Grazhdanski protsesualen kodeks (Cód an Nós Imeachta Shibhialta, “GPK”) agus a bhaineann leis na rialacha lena gcinntear táillí ionadaí speisialta an chosantóra nach bhfuil i láthair – i gcomhréir le hAirteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 169(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, má ordaítear don tomhaltóir, mura n-éiríonn leis sa chaingean sin, i gcomhréir le hAirteagal 78(1) den GPK, costais an ionadaí speisialta a íoc freisin?

    2.

    An bhfuil an fhoráil in Airteagal 47(6) den GPK, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 26(1) den Zakon za pravnata pomosht (Gníomh maidir le cúnamh dlí), i dtaobh ionadaí speisialta a cheapadh i gcás nach féidir teacht ar an tomhaltóir ag a sheoladh, lena bhforáiltear go gcinnfidh an chúirt an táille, agus go bhféadfadh suim atá níos lú ná an t-íosleibhéal a chinneadh, cé go bhfuil comhlacht eile, an Chomhairle Barra, freagrach as an ionadaí speisialta a ainmniú agus in ann, dá rogha féin agus toisc amháin nach n-aontaíonn sí leis an táille a chinn an chúirt, diúltú ionadaí speisialta a ainmniú, i gcomhréir le hAirteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 169(1) CFAE?

    3.

    I gcás go ndiúltófar dlíodóir a ainmniú mar ionadaí speisialta, an bhfuil an chúirt i dteideal, trí dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go díreach, go háirithe forálacha Airteagal 19(1) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 169(1) CFAE, dul i muinín forálacha eile chun cosaint ceart tomhaltóirí a áirithiú sna himeachtaí, ar forálacha iad nach bhfuil feidhm acu, i bprionsabal, i gcásanna den sórt sin faoin dlí náisiúnta i bPoblacht na Bulgáire, amhail cúnamh dlí a dheonú faoi Airteagal 95(1) den GPK gan iarratas ón tomhaltóir ina leith sin?


    Top