Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0582

    Cás C-582/22: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Meán Fómhair 2022 – Die Länderbahn GmbH DLB agus páirtithe eile v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

    IO C 441, 21.11.2022, p. 16–17 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    21.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 441/16


    Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Köln (an Ghearmáin) a taisceadh an 2 Meán Fómhair 2022 – Die Länderbahn GmbH DLB agus páirtithe eile v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

    (Cás C-582/22)

    (2022/C 441/23)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Verwaltungsgericht Köln

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratsóirí: Die Länderbahn GmbH DLB, Prignitzer Eisenbahn GmbH, Ostdeutsche Eisenbahn, Ostseeland Verkehrs GmbH

    Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

    Páirtí eile sna himeachtaí: DB Netz AG

    Na ceisteanna a tharchuirtear

    1.

    An gcaithfear Airteagal 56(1), (6) agus (9) de Threoir 2012/34/AE (1) a léiriú sa chaoi gur féidir le scéim muirearaithe a bheith ina hábhar de ghearán freisin i gcás ina bhfuil an tréimhse bhailíochta don mhuirear atá faoi scrúdú tar éis dul in éag cheana (gearán faoi iarmhuirear)?

    2.

    Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 1: An gcaithfear Airteagal 56(1), (6) agus (9) de Threoir 2012/34 a léiriú sa chaoi gur féidir leis an údarás rialála, le linn athbhreithniú ex post ar iarmhuirir, a dhearbhú go bhfuil siad neamhbhailí le héifeacht ex tunc?

    3.

    Más freagraí dearfacha a thabharfar ar Cheist 1 agus ar Cheist 2: Agus Airteagal 56(1), (6) agus (9) de Threoir 2012/34 á léiriú, an gceadaítear reachtaíocht náisiúnta lena n-eisiatar an deis chun athbhreithniú ex post le héifeacht ex tunc a dhéanamh ar iarmhuirir?

    4.

    Más freagraí dearfacha a thabharfar ar Cheist 1 agus ar Cheist 2: An gcaithfear Airteagal 56(9) de Threoir 2012/34 a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear i mbearta leighis an údaráis rialála inniúil dá bhforáiltear ann, ó thaobh na n-iarmhairtí dlí de, i bprionsabal, an deis a ordú don bhainisteoir bonneagair muirir a gearradh go mídhleathach a aisíoc, cé go bhféadfaí éilimh ar aisíocaíochtaí idir na gnóthais iarnróid agus an bainisteoir bonneagair a fhorfheidhmiú trí bhíthin imeachtaí sibhialta?

    5.

    Más freagraí diúltacha a thabharfar ar Cheist 1 agus ar Cheist 2: An bhfuil ceart ann ar aon chaoi chun gearán maidir le hiarmhuirir a dhéanamh faoin gcéad mhír d’Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) más rud é go n-eisiatar, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais i gCás C-489/15 (2) (breithiúnas an 9 Samhain 2017), i gcás nach bhfuil cinneadh ón údarás rialála faoin ngearán, aisíocaíocht d’iarmhuirir mhídhleathacha faoi rialacha an dlí sibhialta náisiúnta?


    (1)  Treoir 2012/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 lena mbunaítear limistéar iarnróid Eorpach aonair (athmhúnlú) (IO 2012 L 343, lch. 32).

    (2)  EU:C:2017:834, CTL Logistics.


    Top