This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0567
Case C-567/22 P: Appeal brought on 25 August 2022 by Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz against the judgment of the General Court (Eighth Chamber) delivered on 15 June 2022 in Case T-531/16, Dumitrescu and Schwarz v Commission
Cás C-567/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún
Cás C-567/22 P: Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún
IO C 441, 21.11.2022, p. 12–13
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
21.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 441/12 |
Achomharc arna thabhairt an 25 Lúnasa 2022 ag Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an tOchtú Dlísheomra) a tugadh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún
(Cás C-567/22 P)
(2022/C 441/17)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Achomharcóirí: Vasile Dumitrescu, Guido Schwarz (ionadaithe: L. Levi, J.-N. Louis, avocats)
Páirtithe eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann na hachomharcóirí ar an gCúirt Bhreithiúnais:
— |
breithiúnas Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 15 Meitheamh 2022 i gCás T-531/16, Dumitrescu agus Schwarz v an Coimisiún a chur ar neamhní; |
— |
an cás seo a bhreithniú í féin agus a chinneadh go raibh bunús maith le caingean an achomharcóra ar an gcéad chéim; |
— |
a ordú don chosantóir na costais go léir a bhaineann leis an gcéad chéim agus leis an achomharc a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an achomharc, maíonn na hachomharcóirí trí shaincheist dlí:
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar Airteagal 45 CFAE, gur sháraigh an Chúirt Ghinearálta a hoibleagáid cúiseanna a lua, earráid maidir le haicmiú dlíthiúil agus saobhadh an chomhaid;
An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar chuspóir Airteagal 8 d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, go ndearnadh sárú ar an bprionsabal ginearálta maidir leis an gceart atá ag oifigeach naisc phearsanta a choinneáil leis an áit ina bhfuil a phríomhleasanna suite, go ndearnadh sárú ar Airteagail 7 agus 8 den Chairt um Chearta Bunúsacha agus go ndearnadh an comhad a saobhadh;
An triú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearnadh sárú ar phrionsabal na córa comhionainne.